An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin go bhfuil Enda O’Neill ceaptha mar Phríomh-Chigire um Nósanna Imeachta Teorann Tearmainn
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, go bhfuil Enda O’Neill ceaptha mar Phríomh-Chigire um Nósanna Imeachta Teorann Tearmainn. Beidh an tUas. O’Neill i gceannas ar Oifig an Phríomh-Chigire um Nósanna Imeachta Teorann Tearmainn le héifeacht ón 11 Meán Fómhair 2026 ar feadh tréimhse cúig bliana.
Tháinig an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2026, in éifeacht an 12 Meitheamh agus rinneadh foráil leis maidir le hOifig an Phríomh-Chigire um Nósanna Imeachta Teorann Tearmainn a bhunú. Cruthaíodh an oifig chun faireachán a dhéanamh ar nósanna imeachta teorann tearmainn agus ar chomhlíonadh dhlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i saoráidí teorann tearmainn ainmnithe, ar aon dul leis an dlí Eorpach agus leis an Acht um Chosaint Idirnáisiúnta a achtaíodh le déanaí.
Beidh sé mar ról ag an bPríomh-Chigire faireachán a dhéanamh ar shaoráidí nós imeachta teorann tearmainn ainmnithe agus ar chomhlíonadh dhlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, i saoráidí ainmnithe teorann tearmainn. Is é an Príomh-Chigire an t-údarás maoirseachta inniúil freisin maidir le haon ghearán a thagann ó shaoráid teorann ainmnithe a thaifeadadh agus a láimhseáil.
Mhol poistphoiblí Enda O’Neill lena cheapadh tar éis comórtas oscailte, mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Tá an-áthas orm gur cheap an Rialtas Enda O’Neill mar Phríomh-Chigire um Nósanna Imeachta Teorann Tearmainn. Beidh an fhreagracht phríomha ar shealbhóir an róil thábhachtaigh seo as gach cigireacht ar shaoráidí teorann tearmainn ainmnithe agus áireofar léi an chumhacht chun gearáin a fháil agus chun imscrúduithe foirmiúla a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha.
“Tá Enda ag obair le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) i mBaile Átha Cliath le 13 bliana anuas, agus tá a fhios agam go mbeidh a chuid oibre le UNHCR ríthábhachtach sa ról seo.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an mBreitheamh Onórach Karen Fergus, a bhí sa ról le trí mhí anuas ar bhonn eatramhach.”
CRÍOCH...///
Beathaisnéis Enda O’Neill
Roimhe seo, bhí Enda ina Cheann Oifige in Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2015 go dtí an bhliain 2025, tar éis dó obair roimhe sin mar Oifigeach Cosanta Comhlach san eagraíocht.
Cháiligh sé ó Chumann Onórach Óstaí an Rí agus glaodh chun an Bharra air sa bhliain 2007. Rinne sé speisialtóireacht i roinnt réimsí, lena n-áirítear: An Dlí Coiriúil; an Dlí Inimirce agus Cosanta Idirnáisiúnta; an tAthbhreithniú Breithiúnach; agus Dlí na hEorpa.
Chomh maith le bheith ina Abhcóide cáilithe, tá céim MA aige i nDlí na hEorpa ó Choláiste an Rí, Londain, agus tá céim MA aige i mBeartas Poiblí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar aon le cáilíocht san Iriseoireacht ó Acadamh na hÉireann agus céim Baitsiléara Ealaíon ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.