An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tugann an tAire Séamus Ó Ceallacháin Airí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais Eorpaigh le chéile chun Guth an Linbh sa Dlí Príobháideach Teaghlaigh a phlé
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
17 Iúil 2026
Rinne Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, cathaoirleacht inniu (Dé hAoine an 17 Iúil) ar idirphlé suimiúil ar ‘Guth an Linbh sa Dlí Príobháideach Teaghlaigh’ ag cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid Airí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais Eorpaigh. Tá sé sin mar chuid de thiomantas foriomlán na hÉireann do “Guth an Linbh” agus rannpháirtíocht daoine óga a chur i gcroílár a cláir oibre ceaptha beartas d’Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh.
Ag an gcruinniú, phléigh na hAirí guth a thabhairt do leanaí in imeachtaí dlí teaghlaigh a dhéanann difear dóibh.
Labhair beirt óga a bhfuil taithí fíorshaoil acu ar fhoréigean baile agus ar dhul tríd an gcóras ceartais teaghlaigh in Éirinn leis na daoine a bhí i láthair faoina dtaithí, le tacaíocht ó Barnardo’s. Leag na daoine óga béim ar a thábhachtaí atá sé éisteacht le leanaí:
“Tá sé tuillte ag gach leanbh a bheith sábháilte. Tá sé tuillte ag gach leanbh go n-éistfí leo. Agus tá córas ceartais a éisteann sula ndéanann sé cinneadh tuillte ag gach leanbh.”
“Tá ár nguthanna agus ár dtuairimí tábhachtach.”
“Cuir ceist orainn faoi cad a tharla, bhíomar ann chun é a fheiceáil.”
“Ní gá do leanbh ballbhrú a bheith aige nó aici chun drochúsáid a fhulaingt.”
“Teastaíonn uainn daoine sa chúirt a thuigeann drochúsáid baile, an difear a dhéanann sí do leanaí, agus an tionchar ollmhór a bhíonn aici ar shaol daoine.”
Tarraingíodh aird sa phlé idir na hAirí ar an ngá atá le feabhas a chur ar inrochtaineacht an phróisis dlí teaghlaigh do leanaí, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar rochtain ar fhaisnéis atá oiriúnach don aois faoi phróisis dlí teaghlaigh; trí thacaíocht níos fearr a thabhairt do leanaí chun a dtuairimí a chur in iúl i gcásanna a bhaineann leo, amhail caomhnóireacht, coimeád, nó socruithe rochtana; agus trína chinntiú go bhfaighidh leanaí míniú ar an gcaoi ar cuireadh a dtuairimí san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Is saoránaigh de chuid an lae inniu iad leanaí agus daoine óga agus ní hé amháin gur aosaigh de chuid na todhchaí iad. Tá sé de cheart acu go gcuirfí ar áireamh iad agus go n-éistfí leo nuair a bheidh cinntí a dhéanfaidh difear dóibh á ndéanamh.
“Is féidir leis na cinntí sin iarmhairtí ar feadh an tsaoil a bheith acu ar shaol agus folláine an linbh.
“Dá bhrí sin, ní hé amháin gur gá tuairimí an linbh a chloisteáil mar fhoirmiúlacht ach ní mór iad a bhreithniú agus a léiriú go cuí sa chinnteoireacht dhlíthiúil freisin. Beidh sé mar thosaíocht le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh rannpháirtíocht leanaí sna comhthéacsanna sin a chur chun cinn.”
CRÍOCH...///
Nótaí don Eagarthóir
Tá oibleagáid bhunreachtúil ar Éirinn éisteacht le guth an linbh in imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh agus tá oibleagáid uirthi faoi Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) éisteacht le guth an linbh agus aird chuí a thabhairt ar thuairimí an linbh i ngach ní a dhéanann difear dó/di, go háirithe in imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin.
D’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an tAthbhreithniú ar Thuarascálacha Saineolaithe uaithi sa bhliain 2024 agus tá sí ag déanamh dul chun cinn ar obair ar chur chun feidhme na moltaí atá istigh ann. Áirítear leis sin Treoirsheirbhís Tacadóirí Cúirte Leanaí a fhorbairt, rud a bhunófar in dhá láthair, mar atá Port Láirge agus Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann, sna míonna amach romhainn. Leis an treoirscéim, bainfear triail as bealach nua chun éisteacht le guth na leanaí i gcásanna príobháideacha dlí teaghlaigh, rud a chinnteoidh go dtabharfar deis do gach leanbh a bhfuil baint acu le himeachtaí caomhnóireachta, coimeádta agus rochtana a dtuairimí a chur in iúl gan aon chostas a bheith orthu féin nó ar a dteaghlach. Tá an tsamhail bunaithe ar Shamhail Rannpháirtíochta Lundy.
Tá treoirlínte maidir le Tuarascálacha Ghuth an Linbh a ullmhú le foilsiú sna míonna amach romhainn. Leis na treoirlínte agus na teimpléid a ghabhann leo, arna bhforbairt ag grúpa oibre le príomh-gheallsealbhóirí, cinnteofar go nglacfaidh saineolaithe cur chuige comhsheasmhach, agus beidh sé mar aidhm leo feabhas a chur ar eispéireas an linbh maidir lena thuairimí nó lena tuairimí a chur in iúl in imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh.
An 16 Aibreán 2026, foilsíodh Treoirlínte Breithiúnacha maidir le Coimisiúnú, Ullmhú, Ábhar agus Úsáid na dTuarascálacha Saineolaithe in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh. Bunaíodh coiste trasdlínse Breithiúna a bhí faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Onóraigh Nuala Jackson chun na treoirlínte a ullmhú. Tá na treoirlínte sin ceaptha chun comhsheasmhacht agus an dea-chleachtas a chur chun cinn maidir le húsáid a bhaint as tuarascálacha leasa in imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh in Éirinn.