An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Buaileann an tAire Séamus Ó Ceallacháin le comhghleacaithe Aontais Eorpaigh chun bearta a phlé chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar díobhálach a bhíonn ag pornagrafaíocht fhoréigneach nó antoisceach
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Bíonn pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach ag imirt drochthionchar ar dhaoine, go háirithe ar dhaoine óga, agus bíonn sí ag saobhadh forbairt ghnéasach shláintiúil
D’aontaigh Rialtas na hÉireann ní ba luaithe an tseachtain seo reachtaíocht a dhréachtú chun coir a dhéanamh as pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach a shealbhú, a tháirgeadh agus a dháileadh
17 Iúil 2026
Bhí plé neamhfhoirmiúil ag Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, inniu le hAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais Eorpaigh maidir leis an ngá atá le bearta éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar díobhálach a bhíonn ag pornagrafaíocht fhoréigneach nó antoisceach.
Príomhthosaíocht le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh is ea aird a choinneáil ar sciúirse an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe.
Le linn an lóin oibre i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, pléadh na cineálacha cur chuige atá á nglacadh cheana féin ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha ar líne, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh bearta éagsúla chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar an tionchar díobhálach a bhíonn ag pornagrafaíocht fhoréigneach nó antoisceach laistigh de na córais cheartais choiriúil agus lasmuigh díobh araon.
Ní ba luaithe an tseachtain seo, fuair an tAire Ó Ceallacháin ceadú ón Rialtas chun reachtaíocht a dhréachtú chun coir a dhéanamh as pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach a shealbhú, a tháirgeadh agus a dháileadh, rud lena dtabharfaí aghaidh ar bhearna shuntasach i ndlí na hÉireann.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Bíonn ag méadú ar an aitheantas ar fud na hEorpa ar an ról is féidir le pornagrafaíocht fhoréigneach agus antoisceach a imirt maidir le fuath ban a spreagadh, le foréigean gnéasach a normalú, agus leis an mbonn a bhaint de chaidrimh shláintiúla.
“Ní mór dár ndlíthe coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta amhail ábhar arna ghiniúint ag an intleacht shaorga is féidir a úsáid chun léirithe réalaíocha ar fhoréigean gnéasach antoisceach a chruthú. Is é atá sna tograí sin ná céim thábhachtach eile i mórchlár athchóirithe an Rialtais chun foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a chomhrac.
“Is tosaíocht intíre í seo agus tá sé tábhachtach go ndíreofaí uirthi mar ábhar plé le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.”
Tá na tograí ar chomhaontaigh Rialtas na hÉireann iad ní ba luaithe an tseachtain seo ag teacht le fianaise a bhíonn ag méadú gur féidir le nochtadh do phornagrafaíocht fhoréigneach agus tháireach cur le dearcthaí fuatha ban, foréigean gnéasach a normalú, agus an bonn a bhaint de chaidrimh shláintiúla, go háirithe i measc daoine óga. Bíonn ag méadú ar uileláithreacht agus normalú an ábhair sin, rud a bhíonn ag teacht go minic chuig daoine óga gan é a bheith iarrtha agus gan é a bheith ag teastáil, i mór-chomhthéacs na ndíobhálacha arna n-éascú ag an teicneolaíocht a théann i bhfeidhm go díréireach ar mhná agus ar chailíní, go háirithe sa timpeallacht ar líne.
Dúirt an tAire freisin:
“Is eol dom nach ndéanann Éire cion faoi láthair as pornagrafaíocht antoisceach agus fhoréigneach a shealbhú. Bíonn ábhar den sórt sin ag imirt drochthionchar ar dhaoine, go háirithe ar dhaoine óga, agus bíonn sí ag saobhadh forbairt ghnéasach shláintiúil agus ag normalú an fhoréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní, arb iad formhór mór na n-íospartach a léirítear iad.
“I bhfianaise na bearna atá ann sa reachtaíocht agus i bhfianaise na díobhála atá á déanamh trí scaipeadh an ábhair sin, thug mé tograí ar aghaidh chun coir a dhéanamh as pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach a shealbhú, a tháirgeadh nó a dháileadh, agus fuair mé ceadú ón Rialtas chun tús a chur le dréachtú na reachtaíochta seo.”
Tabharfar isteach leis an reachtaíocht bheartaithe freisin cion nua arb éard é neicrifilia.
Tá sé beartaithe go n-áireofar leis na cionta nua cásanna inar baineadh úsáid as teicneolaíocht chun ábhar pornagrafach a chruthú a bhfuil sé dealraitheach, do dhuine réasúnach, go léirítear ann fíordhaoine aonair atá i mbun gníomhartha antoisceacha nó foréigneacha. Leis na tograí, comhlánófar na cionta atá ann cheana a bhaineann le mí-úsáid íomhánna dlúthphearsanta faoin Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020.
Forbrófar an reachtaíocht i ndlúthchomhairle le hOifig an Ard-Aighne chun a chinntiú go mbainfear cothromaíocht chuí amach idir daoine aonair a chosaint ar ábhar díobhálach agus cearta bunreachtúla a urramú, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
Leanfaidh an tAire Ó Ceallacháin agus an Roinn freisin le bheith ag obair le Cuan, le Coimisiún na Meán agus le geallsealbhóirí eile chun freagairt chuimsitheach, fhianaisebhunaithe agus trasearnála a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na díobhálacha a bhaineann le pornagrafaíocht agus le mí-úsáid atá éascaithe ag an teicneolaíocht.
CRÍOCH...///
Nótaí d’Eagarthóirí
Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe
Leis an reachtaíocht bheartaithe, tacaítear le mórfhreagairt an Rialtais d’fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe, agus tá sí ag teacht le gealltanais fúthu seo a leanas:
- Zero Tolerance – An Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe;
- Straitéis Náisiúnta na mBan agus na gCailíní 2025-2030; agus
- Clár an Rialtais.
I measc na ngníomhartha faoi na straitéisí sin tá feasacht an phobail a mhéadú ar na díobhálacha a bhaineann le pornagrafaíocht, tionscnaimh litearthachta pornagrafaíochta a fhorbairt, dul i ngleic le fuath ban agus le foréigean in aghaidh na mban, agus sábháilteacht ar líne a neartú.
An staid reachtach reatha
Ní dhéanann Éire coir faoi láthair as pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach a shealbhú.
Tharraing an Ard-Chúirt aird air sin i gcomhthéacs dhá iarratas a rinneadh le déanaí ar eiseachadadh, i gcás gur cinneadh nach raibh aon chion comhfhreagrach i ndlí na hÉireann ag baint le cúisimh sa Ríocht Aontaithe as cionta pornagrafaíochta antoiscí, ar bhain an dá cheann díobh le hábhar a raibh ainmhithe páirteach ann.
Raon feidhme na reachtaíochta beartaithe
Tá ceadú faighte ag an Aire Ó Ceallacháin ón Rialtas chun tús a chur le Cinn Bhille bhreise a dhréachtú lena gcur ar áireamh i Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha, Foréigean Baile agus Ionstraimí Idirnáisiúnta). Leis na cinn bhreise sin, tabharfar isteach cionta a bhaineann le pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach a shealbhú, a tháirgeadh nó a dháileadh, agus le gníomhartha neicrifilia.
Dar le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, áirítear le pornagrafaíocht antoisceach nó fhoréigneach ábhar “ina léirítear go grafach radhairc ina bhfuil maslú, foréigean gnéasach, céastóireacht, dúnmharú, neicrifilia, nó béistiúlacht le haghaidh griogadh gnéasach”.
Tá sé beartaithe go nglacfaidh na cionta cur chuige oibiachtúil, lena gcumhdófar ábhar a mbeadh sé dealraitheach do dhuine réasúnach go léirítear ann foréigean antoisceach, mí-úsáid, neicrifilia nó béistiúlacht lena mbaineann fíordhaoine, lena n-áirítear i gcás gur úsáideadh an teicneolaíocht chun an t-ábhar a athrú nó a ghiniúint.
Coimircí bunreachtúla
Forbrófar an reachtaíocht i ndlúthchomhairle le hOifig an Ard-Aighne chun a chinntiú go ndéanfar idirdhealuithe cuí idir ábhar toirmiscthe agus ábhar a shealbhaítear nó a tháirgtear chun críocha dlisteanacha ealaíne nó imscrúdaithe, agus foráil á déanamh maidir le cosaintí reachtúla cuí.