An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fáiltíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin roimh sheoladh fheachtas na bliana 2026 le haghaidh poist Oifigigh Príosúin
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fháiltigh Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, inniu roimh sheoladh fheachtas earcaíochta na bliana 2026 le haghaidh Oifigigh Phríosúin i Seirbhís Phríosúin na hÉireann.
Reáchtálfar an comórtas trí publicjobs thar ceann Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus beidh sé ar oscailt go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2026.
Ag fáiltiú dó roimh sheoladh an fheachtais, dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Tá Oifigigh Phríosúin i gcroílár ár gcórais ceartais choiriúil. Is ról dúshlánach é ról an Oifigigh Príosúin ach is ról a bhfuil an-fhiúntas ag baint leis é freisin.
“Thaistil mé chuig príosúin ar fud na hÉireann agus chonaic mé an obair iontach a dhéanann Oifigigh Phríosúin ar bhonn laethúil.
“Táim ag súil le fáilte a chur roimh earcaigh nua na bliana 2026. Tá an feachtas earcaíochta seo ina chuid ríthábhachtach d’infheistíocht i bhfad níos leithne inár bpríosúin agus ina ndaoine.
“Má tá tú ag lorg post a bhaineann le freastal ar an bpobal, lenár bpobail a choinneáil sábháilte, agus lena chinntiú gur féidir leat tacú le daoine ag am criticiúil ina saol, ba cheart duit smaoineamh ar dhul isteach i Seirbhís Phríosúin na hÉireann.”
Dúirt Caron McCaffrey, Ard-Stiúrthóir Sheirbhís Phríosúin na hÉireann:
“Tá an feachtas le haghaidh Oifigigh Phríosúin a Earcú ina dheis ríthábhachtach do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann chun daoine aonair atá tiomanta don tseirbhís phoiblí a mhealladh. Comhlíonann oifigigh phríosúin ról ríthábhachtach slándála agus iad ag feidhmiú freisin mar spreagthaigh le haghaidh athruithe dearfacha, ag treorú daoine aonair atá faoi choimeád i dtreo athshlánúcháin, agus ag cabhrú lenár bpobail a dhéanamh níos sábháilte.”
Mheall feachtas earcaíochta na bliana 2025 níos mó ná 1,700 iarratasóir, agus 304 oifigeach príosúin ag dul isteach i Seirbhís Phríosúin na hÉireann anuraidh.
Is féidir faisnéis faoi chomórtas na bliana 2026 agus faoi conas iarratas a dhéanamh a fháil ar shuíomh Gréasáin Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ag https://www.irishprisons.ie/.
CRÍOCH...///
NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ
- Glacfar le hiarratais ar líne trí shuíomh Gréasáin oifigiúil publicjobs [https://www.publicjobs.ie/en/] ón 3 Meán Fómhair 2026 ar aghaidh.
- Rachaidh iarrthóirí incháilithe faoi phróiseas cuimsitheach roghnúcháin, lena n-áireofar measúnuithe scríofa, tástálacha aclaíochta coirp, agallaimh, agus seiceálacha cúlra.
- Gheobhaidh iarrthóirí rathúla oiliúint fhairsing agus meantóireacht fhairsing chun na scileanna riachtanacha agus an t-eolas riachtanach a theastaíonn don ról a thabhairt dóibh.
- Tá oiliúint Oifigeach Príosúin creidiúnaithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt mar an tArdteastas Ealaíon i gCúram Coinneála, agus tá sí ag teacht le Leibhéal 6 de chreat Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Bunaíodh Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt ó chónascadh dhá institiúid teicneolaíochta a bhí sa réigiún cheana féin – Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.