Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá breis agus 5,600 Duine le Freastal ar Shearmanais Saoránachta i mBaile Átha Cliath

Thar an dá lá atá romhainn, bronnfar saoránacht Éireannach ar thart ar 5,600 duine san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.

Déanfaidh iarratasóirí ó bhreis agus 138 dtír agus ó bheagnach gach contae ar an oileán Dearbhú Dílseachta do Náisiún na hÉireann agus Tairiseachta don Stát agus tiocfaidh siad chun bheith ina saoránaigh Éireannacha.

Beidh sé shearmanas ar siúl thar an dá lá i mBaile Átha Cliath. Beidh Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, i láthair Dé hAoine. Beidh Colm Brophy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Imirce, agus Frank Feighan, Aire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, i láthair ag na searmanais Déardaoin agus Dé hAoine.

Is é an Breitheamh Paddy McMahon a bheidh ar an Oifigeach Ceannais ag na searmanais thar an dá lá atá romhainn, agus is eisean a bhronnfaidh Saoránacht Éireannach ar na daoine a bheidh i láthair. Riarfaidh sé an Dearbhú Dílseachta do Náisiún na hÉireann agus Tairiseachta don Stát. Geallfaidh na saoránaigh Éireannacha nua go ndéanfaidh siad dlíthe an Stáit a chomhlíonadh go dílis agus a luachanna daonlathacha a urramú.

Ag labhairt dó roimh na searmanais, dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin:

“Is garsprioc shuntasach do gach duine a fhaigheann saoránacht Éireannach é an lá inniu. Tá saoránacht ar cheann de na stádais dhlíthiúla is tábhachtaí is féidir leis an Stát a bhronnadh. Ní hé amháin go léiríonn saoránacht nasc le hÉirinn ach léiríonn sí tiomantas do pháirt a ghlacadh i saol ár dtíre freisin.

“Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár saoránaigh is nuaí agus aitheantas a thabhairt don rannchuidiú atá déanta acu cheana féin le sochaí na hÉireann. Ón lá inniu ar aghaidh, cabhróidh siad le todhchaí na hÉireann a mhúnlú mar rannpháirtithe iomlána comhionanna inár ndaonlathas."

Dúirt an tAire Stáit Brophy:

“Is ceiliúradh ar chómhuintearas, ar phobal agus ar rannpháirtíocht iad searmanais saoránachta. Tá sé roghnaithe ag na daoine a bhfuil saoránacht á fáil acu inniu a saol a thógáil in Éirinn, a bheith mar chuid dár bpobail, agus rannchuidiú lenár sochaí ar bhealaí iomadúla.

“Tá a n-eispéiris, a mbuanna agus a ndearcthaí tar éis ár dtír a shaibhriú, agus tá ríméad orm fáilte a chur rompu mar shaoránaigh Éireannacha.

“Is ionann an lá inniu agus tús caibidle nua ina gcaidreamh le hÉirinn.”

Dúirt an tAire Stáit Feighan:

“Tá ríméad orm a bheith páirteach i rud atá ina lá an-speisialta do chuid mhór daoine. Mar Aire sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, is maith is eol dom an méid ollmhór a chuireann saoránaigh nua le soláthar go leor tionscadal ríthábhachtach ar fud an Stáit. Tá ríméad orm gur roghnaigh an oiread sin daoine cur fúthu in Éirinn.”

CRÍOCH…///

Nótaí d’Eagarthóirí

Tugadh searmanais saoránachta isteach den chéad uair sa bhliain 2011 chun deonú saoránachta a cheiliúradh ar bhealach maorga sollúnta.

Tugadh cuireadh do bhreis agus 6,000 iarrthóir ó 138 dtír, agus tá sé deimhnithe ag breis agus 5,600 duine go bhfreastalóidh siad ar na sé shearmanas saoránachta a bheidh ar siúl Déardaoin an 17 Meán Fómhair agus Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026 san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.

Ó tugadh na searmanais saoránachta isteach i leith, bhí 227 searmanas san iomlán ann go dtí seo, ar lena linn a fuair daoine ó níos mó ná 180 tír deimhnithe eadóirseachta.

Ó bhí an bhliain 2011 ann, tá saoránacht Éireannach faighte ag thart ar 236,000 duine, mionaoisigh san áireamh.

Na 10 bPríomhnáisiúntacht Iarratasóirí
Rang Náisiúntacht Iarratasóirí
1 An Phacastáin 858
2 An India 716
3 Poblacht Arabach na Siria 425
4 An Bhrasaíl 397
5 An Afganastáin 311
6 An Pholainn 266
7 An Ríocht Aontaithe 246
8 An tSomáil 188
9 An Rómáin 163
10 Na hOileáin Fhilipíneacha 142


Iarratasóirí de réir Contae
Contae An Líon Iarratasóirí
Co. Aontroma 17
Co. Ard Mhacha 2
Co. Cheatharlach 59
Co. an Chabháin 90
Co. an Chláir 99
Co. Chorcaí 456
Co. Dhoire 9
Co. Dhún na nGall 88
Co. an Dúin 13
Co. Bhaile Átha Cliath 678
Co. na Gaillimhe 208
Co. Chiarraí 98
Co. Chill Dara 348
Co. Chill Chainnigh 56
Co. Laoise 119
Co. Liatroma 21
Co. Luimnigh 168
Co. an Longfoirt 40
Co. Lú 211
Co. Mhaigh Eo 83
Co. na Mí 321
Co. Mhuineacháin 34
Co. Uíbh Fhailí 63
Co. Ros Comáin 39
Co. Shligigh 49
Co. Thiobraid Árann 127
Co. Thír Eoghain 4
Co. Phort Láirge 83
Co. na hIarmhí 108
Co. Loch Garman 90
Co. Chill Mhantáin 149

D’fhéadfadh go mbeadh beagán difríochta ann idir an líon iarbhír ar lá na searmanas mar gheall ar tharraingt siar dhéanach agus/nó mar gheall ar dheimhnithe freastail déanacha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat