Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ó Shéamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, maidir leis na Staitisticí Coireachta Taifeadta ón bPríomh-Oifig Staidrimh do Ráithe 1 den bhliain 2026

  • Laghdú 27% ar dhúnbhású agus ar chionta gaolmhara
  • Laghdú 9% ar bhuirgléireacht agus ar chionta gaolmhara
  • Laghdú 7% ar chionta Robála, Sreacaireachta agus Fuadaigh Feithicle

25 Meitheamh 2026

Le foilsiú na Staitisticí Coireachta Taifeadta do Ráithe 1 den bhliain 2026 ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, soláthraítear léargas tábhachtach ar threochtaí coireachta ar fud na tíre agus cumasaítear patrúin agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus freagairt go héifeachtúil agus go cuí dóibh.

Fáiltím roimh an laghdú suntasach ar dhúnbhású agus ar chionta gaolmhara. Tá laghdú 11% tagtha ar chásanna dúnmharaithe a tuairiscíodh agus tá laghdú 71% tagtha ar chásanna dúnorgain. Cé go raibh cásanna an dá chion in Éirinn measartha íseal go stairiúil, is díol suntais iad na laghduithe breise sin.

Tá an laghdú leantach ar bhuirgléireacht ina léiriú ar a rathúla atá Oibríocht Thor. Cumhdaítear an geimhreadh sa tréimhse thuairiscithe. Is tráth é sin ina dtarlaíonn buirgléireachtaí ar bhonn níos minice, dar leis an nGarda Síochána.

Agus an méid sin san áireamh, is rud maith é laghdú 6% bliain ar bhliain, agus ba mhaith liom an cur chuige faisnéis-stiúrtha a ghlacann Gardaí i leith na gcionta sin a mholadh.

Maidir le cásanna ionsaithe, tá difear dearfach á dhéanamh ag Póilíneacht Ard-Infheictheachta ag na Gardaí. I mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil póilíneacht ard-infheictheachta ar bun le pas beag níos mó ná bliain anuas, tá laghdú 18% tagtha ar Ionsaithe is Cúis le Díobháil agus tá laghdú 12% tagtha ar Mhionionsaithe. Leathnaíodh Póilíneacht Ard-Infheictheachta chuig limistéir eile, lena n-áirítear Corcaigh agus Luimneach, agus táim ag tnúth lena leathnú tuilleadh ar fud na tíre.

Príomhthosaíocht atá agam is ea níos mó Gardaí a chur amach ar ár sráideanna. Tá earcaíocht mhéadaithe an Gharda Síochána agus sibhialtú cuí sa Gharda Síochána ar siúl chun an méid sin a bhaint amach. Fuarthas níos mó ná 4,100 iarratas san fheachtas earcaíochta is déanaí de chuid an Gharda Síochána.

Is údair imní iad na méaduithe ar chionta tiomána contúirtí, lena n-áirítear tiomáint mhíchúramach, tiomáint nuair atáthar ar meisce, agus tiomáint ar róluas. Ba mhaith liom a rá le gach duine an athuair moilliú chun gach úsáideoir bóithre a chosaint.

Leanann an Garda Síochána de chur chuige póilíneachta réamhghníomhaí a ghlacadh i leith gach cineáil coire, agus é ag freagairt do na mílte glaonna gach lá agus ag cothabháil sábháilteacht pobail. Tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aitheantas agus moladh don obair ríluachmhar a dhéanann Gardaí ar fud an Stáit.

Tá an Rialtas tiomanta dá chinntiú go mbeidh fáil ag an nGarda Síochána ar na hacmhainní a theastaíonn uaidh chun ár bpobail a choinneáil slán, agus cistiú gan fasach is ionann agus €2.74 billiún á sholáthar le Buiséad 2026.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat