Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ó Shéamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, maidir le teagmháil le Dlí-Chumann na hÉireann

Bhuail Séamus Ó Ceallacháin TD, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, le Dlí-Chumann na hÉireann Dé Luain an 27 Iúil 2026, áit ar éist sé le cleachtóirí coiriúla agus iad ag tarraingt saincheisteanna anuas maidir leis an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil a tosaíodh an 01 Iúil 2026.

Tá an tAire tar éis comhfhreagras a eisiúint chuig an Dlí-Chumann á dheimhniú go gcoinneofar an táille chomhréidh €520 do chásanna cúnaimh dhlíthiúil choiriúil sa Chúirt Dúiche i bhfeidhm. De bhun na teagmhála leis an Dlí-Chumann, áfach, chomhaontaigh an tAire socrú a dhéanamh go roinnfí íoc na táille comhréidhe chun go bhféadfaí dhá thrian den táille a íoc i dtús an cháis agus an tríú cuid atá fágtha a íoc ag deireadh an cháis nó tar éis 12 mhí ó thús an cháis, cibé acu is túisce. Níl aon impleachtaí costais aige sin don Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil.

Dheimhnigh an tAire freisin go gceadaítear leis an Scéim nua um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil deimhniú nua a eisiúint do dhuine cúisithe i gcás go bhfuil na cúisimh a thagann chun cinn éagsúil le haon láithriú cúirte a bhí ag an duine sin roimhe sin agus go bhfuil siad ar leithligh ó aon láithriú den sórt sin.

D’iarr an tAire ar a oifigigh athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar oibriú na Scéime nua Cúirte Dúiche sa Chúirt Leanaí agus ar chásanna ina gceanglaítear breis agus fiche láithriú thar na sé mhí atá le teacht chun bonn eolais a chur faoi aon athruithe a bheidh ag teastáil laistigh de na himthosca teoranta sin.

Ar deireadh, maidir le haon aturnae cúnaimh dhlíthiúil choiriúil a d’éirigh as an bpainéal ach ar mian leis nó léi anois go gcuirfí é nó í ar ais ar an bpainéal mar thoradh ar an soiléiriú thuas, dheimhnigh an tAire go bhfuil sé nó sí in ann déanamh amhlaidh gan mhoill trí é sin a iarraidh ar an tSeirbhís Chúirteanna.

Tá rún daingean ag an Aire éifeachtúlachtaí níos fearr a bhaint amach d’úsáideoirí cúirte, do dhlí-chleachtóirí agus do phobal na hÉireann. Is leis an Scéim nua um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil don Chúirt Dúiche a chumasófar dúinn na héifeachtúlachtaí sin a sholáthar.

CRÍOCH...///

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat