Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ó Shéamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, lena ndéantar 30 bliain ó dhúnmharú Veronica Guerin a chomóradh

Chuir dúnmharú cruachroíoch cladhartha Veronica Guerin déistin agus alltacht ar mhuintir na tíre 30 bliain ó shin inniu. Gníomh gránna a bhí ann.

Bhí iarmhairtí ollmhóra ag baint leis freisin, ós rud é gur tháinig mór-athchóirithe reachtacha agus póilíneachta as obair Veronica agus, ar deireadh, as a dúnmharú.

Ba mar thoradh air a ghlac an Stát cur chuige i bhfad níos ionsaithí i leith na slí a ndeachamar i ngleic leis an gcoireacht eagraithe. Mar thoradh air sin, bunaíodh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla faoin Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, 1996, agus achtaíodh an tAcht um Fháltais ó Choireacht, 1996.

Tugadh cumhachtaí nua faireachais don Gharda Síochána freisin agus leathnaíodh úsáid na Cúirte Coiriúla Speisialta neamhghiúiré chun trialacha drongchoirpeachta a chumhdach.

Is é sainchúram an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla, atá fós ann sa lá atá inniu ann, ná díriú ar shócmhainní duine, cibé áit a bhfuil siad, a thagann, nó a mheastar go dtagann, go díreach nó go hindíreach, ó ghníomhaíocht choiriúil.

Le 30 bliain anuas, tá an Biúró um Shócmhainní Coiriúla ag dul sa tóir ar dhronga coiriúla agus ar a sruthanna ioncaim agus ag baint as a chéile iad gan stad gan staonadh. Le linn an tríocha bliain sin, tá níos mó ná €220 milliún tugtha ar ais ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla don Stát agus tá foinsí suntasacha ioncaim bainte d’eagraíochtaí coiriúla aige.

Is féidir oidhreacht Veronica a fheiceáil fós sa tslí a dtéann an Garda Síochána i ngleic leis an gcoireacht eagraithe sa lá atá inniu ann. Bíonn sé ag dul sa tóir ar líonraí coiriúla gan stad gan staonadh, sa tír seo agus ar fud na n-ilchríoch, leis an bhfuinneamh céanna a bhíodh ag Veronica agus í ag lorg na fírinne ina cuid oibre. Bíonn sé sin ag laghdú an lín mórchoireanna agus an lín ionchúiseamh suntasach. Léiriú atá air sin is ea an phianbhreith a gearradh ar Sean McGovern le déanaí agus an obair atá ar siúl chun grúpa coireachta eagraithe Kinahan a bhaint as a chéile.

Léiriú eile atá air sin is ea an fíoras nach bhfuil aon mharú a bhaineann le gunnaí déanta in Éirinn sna 18 mí dhéag atá imithe thart.

Ní dhéanfaidh an Stát dearmad choíche ar íobairt agus oidhreacht Veronica Guerin.

Táim ag smaoineamh inniu ar bhaill teaghlaigh Veronica agus ar a cairde.

CRÍOCH...///

Nótaí don Eagarthóir

Beidh an tAire Ó Ceallacháin i láthair ag “Truth and Transparency” san Ionad Comhdhála tráthnóna chun saol Veronica Guerin a chomóradh.

Leis an mBille um Fháltais ó Choireacht, 2025, atá faoi ghrinnscrúdú san Oireachtas faoi láthair, déanfar athruithe móra ar an Acht um Fháltais ó Choireacht agus neartófar cumas an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla chun díriú ar na fáltais ó choireacht. Cinnteofar leis an mBille go bhféadfaidh Cúirt dul i mbun gnímh láithreach chun a chinntiú go gcaillfidh sealbhóir coiriúil tairbhe sócmhainne láithreach. Toradh eile a bheidh air is ea dlús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le sócmhainn a dhiúscairt chun tairbhe don Stát. Leis an mBille, feabhsófar freisin na cumhachtaí maidir le malartú faisnéise idir an Biúró um Shócmhainní Coiriúla agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí i ndlínsí eile.

An Biúró um Shócmhainní Coiriúla

Comhlacht reachtúil ilghníomhaireachta a bunaíodh faoin Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, 1996, is ea an Biúró um Shócmhainní Coiriúla. Is é sainchúram an Bhiúró díriú ar na sócmhainní, cibé áit a bhfuil siad, a bhaineann le duine, a thagann nó a mheastar go dtagann, go díreach nó go hindíreach, ó iompar coiriúil.

Is iad seo na hathchóirithe ar an reachtaíocht um Fháltais ó Choireacht a ndearnadh foráil maidir leo cheana féin:

  • laghdú ó sheacht mbliana go dhá bhliain ar an am idir cinneadh breithiúnach a bheith á dhéanamh gur fáltais ó choireacht iad sócmhainní agus ordú diúscartha deiridh a bheith ar fáil i leith na sócmhainní sin;
  • ar chinneadh breithiúnach a bheith déanta gur fáltais ó choireacht iad sócmhainní, ceapadh láithreach agus uathoibríoch glacadóra i leith na sócmhainní sin chun a chinntiú nach féidir le freagróirí leanúint de thairbhe a bhaint as na sócmhainní sin go dtí go ndéanfar ordú diúscartha deiridh, faoi réir cosaint ar riosca éagóra;
  • chun a chinntiú, a luaithe a dhéanfar cinneadh breithiúnach gur fáltais ó choireacht iad sócmhainní, nach rachfar chun dlí i leith na ceiste sin an athuair tráth na diúscartha; beidh an cumas ag freagróirí fós chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh den sórt sin, agus, le linn na tréimhse roimh an diúscairt, féachaint le cinneadh den sórt sin a athrú nó a chúlghairm.
  • feabhsaítear na cumhachtaí atá ar fáil don Bhiúró um Shócmhainní Coireachta maidir le cuntais airgeadais a shrianadh agus le sócmhainní a choinneáil le linn imscrúdú ar fháltais ó choireacht.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat