Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá breis agus 4,600 duine le freastal ar Airéine Gleneagle, Cill Airne, chun a Saoránacht Éireannach a fháil

22 Meitheamh 2026

Bronnfar saoránacht Éireannach ar thart ar 4,600 duine ag Óstán Gleneagle, Cill Airne, inniu agus amárach.

Déanfaidh iarratasóirí ó bhreis agus 139 dtír agus ó bheagnach gach ceann den 32 chontae ar an oileán dearbhú dílseachta agus tairiseachta don Stát agus tiocfaidh siad chun bheith ina saoránaigh Éireannacha.

Beidh cúig shearmanas ar siúl thar an dá lá i gCill Airne. Beidh Colm Brophy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Imirce, i láthair Dé Luain. Beidh Niall Collins, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, i láthair Dé Máirt.

Is é an Breitheamh Paddy McMahon a bheidh san Oifigeach Ceannais ag na searmanais thar an dá lá atá romhainn, agus is eisean a bhronnfaidh Saoránacht Éireannach ar na daoine a bheidh i láthair. Riarfaidh sé an Dearbhú Dílseachta do Náisiún na hÉireann agus Tairiseachta don Stát. Geallfaidh na saoránaigh Éireannacha nua go ndéanfaidh siad dlíthe an Stáit a chomhlíonadh go dílis agus a luachanna daonlathacha a urramú.

Ag labhairt dó roimh na searmanais, dúirt an tAire Stáit Brophy:

“Is faoin tsaoirse atá saoránacht Éireannach – an tsaoirse chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, chun vótáil, chun todhchaí do phobail a mhúnlú, agus chun do theaghlach a thógáil le slándáil agus le muintearas. Is faoi fhreagracht, faoin smacht reachta a urramú, faoi rannchuidiú leis an leas coiteann, agus faoi sheasamh ar son na luachanna a bhuntacaíonn lenár bPoblacht atá sí freisin.

“Tréaslaím go croíúil le gach duine atá i láthair agus guím gach rath orthu.”

Dúirt an tAire Stáit Collins:

“Ní hé amháin gurb é atá i gceist le teacht chun bheith inár saoránach ná fáilte a fháil — léirítear leis freisin tiomantas comhroinnte don todhchaí a bhímid ag cruthú le chéile. Leis seo, osclaítear an doras le haghaidh deiseanna nua chun páirt a ghlacadh, chun rannchuidiú a dhéanamh, agus chun cabhrú leis an tír a mhúnlú sna blianta atá amach romhainn.”

Sheol an Roinn leathanach Gréasáin nua le déanaí chun cabhrú le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar an bpróiseas iarratais ar eadóirseacht, lena n-áirítear na príomhdhoiciméid a cheanglaítear le haghaidh céannachta agus cónaithe. Tugtar treoir ar an leathanach freisin maidir le conas doiciméid a dheimhniú. Is féidir amharc air anseo: https://www.irishimmigration.ie/how-to-become-an-irish-citizen-guide/

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

Tugadh searmanais saoránachta isteach den chéad uair sa bhliain 2011 chun deonú saoránachta a cheiliúradh ar bhealach maorga sollúnta.

Tugadh cuireadh do 4,600 iarrthóir ó 139 dtír chun freastal ar chúig shearmanas saoránachta Dé Luain an 22 Meitheamh agus Dé Máirt an 23 Meitheamh ag Óstán Gleneagle, Cill Airne.

Ó tugadh searmanais saoránachta isteach den chéad uair i leith, bhí 222 shearmanas ann san iomlán go dtí seo (gan na dátaí atá le teacht san áireamh), ar lena linn a fuair daoine ó bhreis agus 180 tír a ndeimhnithe eadóirseachta.

Go dtí seo, mionaoisigh san áireamh, tá saoránacht Éireannach faighte ag thart ar 230,000 duine ó bhí an bhliain 2011 ann. Tar éis shearmanais Chill Airne i mí an Mheithimh, cuirfear na 4,600 freastalaí deimhnithe leis an bhfigiúr sin.

Na 10 bpríomhnáisiúntacht iarratasóirí:

 

 

Náisiúntachtaí

An Líon Iarratasóirí

1

An India

1116

2

An Bhrasaíl

465

3

An Rómáin

460

4

An Ríocht Aontaithe

414

5

An Pholainn

389

6

An Phacastáin

273

7

Na hOileáin Fhilipíneacha

199

8

An tSín (Hong Cong san áireamh)

188

9

Stáit Aontaithe Mheiriceá

185

10

An Nigéir

172

 

Iarratasóirí de réir contae:

 

County

Number of applicants

1

Co. Aontroma

28

2

Co. Ard Mhacha

5

3

Co. Cheatharlach

37

4

Co. an Chabháin

72

5

Co. an Chláir

73

6

Co. Chorcaí

484

7

Co. Dhoire

9

8

Co. Dhún na nGall

69

9

Co. an Dúin

15

10

Co. Bhaile Átha Cliath

2378

11

Co. Fhear Manach

0

12

Co. na Gaillimhe

205

13

Co. Chiarraí

64

14

Co. Chill Dara

394

15

Co. Chill Chainnigh

58

16

Co. Laoise

94

17

Co. Liatroma

22

18

Co. Luimnigh

168

19

Co. an Longfoirt

30

20

Co. Lú

189

21

Co. Mhaigh Eo

73

22

Co. na Mí

271

23

Co. Mhuineacháin

26

24

Co. Uíbh Fhailí

40

25

Co. Ros Comáin

38

26

Co. Shligigh

46

27

Co. Thiobraid Árann

71

28

Co. Thír Eoghain

5

29

Co. Phort Láirge

115

30

Co. na hIarmhí

89

31

Co. Loch Garman

102

32

Co. Chill Mhantáin

150

 

*D'fhéadfadh go mbeadh beagán difríochta ann idir an líon iarbhír ar lá an tsearmanais/ar laethanta na searmanas mar gheall ar tharraingt siar dhéanach agus/nó mar gheall ar dheimhnithe freastail déanacha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat