An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cuireann Aire Dlí agus Cirt Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Aire Dlí agus Cirt na hÉireann fáilte roimh eiseachadadh saoránaigh Éireannaigh ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha chun é a chúiseamh in Éirinn sa choireacht eagraithe a stiúradh
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Chuir a Oirirceas Abdullah bin Sultan bin Awad Al Nuaimi, Aire Dlí agus Cirt Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus Séamus Ó Ceallacháin, Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce na hÉireann, fáilte inniu roimh eiseachadadh náisiúnaigh Éireannaigh ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go hÉirinn.
Féachtar ar an náisiúnach Éireannach mar dhuine de na daoine aonair is airde próifíl atáthar ag iarraidh a ionchúiseamh i dtaca leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta, agus táthar ag cur ina leith go bhfuil ról aige in eagraíocht coireachta eagraithe a stiúradh.
Rinneadh an t-eiseachadadh seo tar éis d’údaráis na hÉireann iarraidh fhoirmiúil ar eiseachadadh a chur isteach. Eisíodh an cinneadh críochnaitheach tar éis breithiúnas ó Chúirt Achomhairc Dubai, a tugadh i gcomhréir leis an gConradh Eiseachadta atá i bhfeidhm idir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Éire.
Dhearbhaigh an bheirt Airí go léirítear leis an gcinneadh críochnaitheach um eiseachadadh sa chás suntasach seo an tiomantas diongbháilte atá ag an dá thír don smacht reachta, go dtreisítear leis comhar breithiúnach idirnáisiúnta, agus go léirítear leis éifeachtacht na comhpháirtíochta atá ar bun eatarthu chun an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta a chomhrac, go háirithe cionta a bhaineann le stiúradh grúpaí coiriúla eagraithe, le dúnmharú, agus le gáinneáil ar dhrugaí.
Leag siad béim freisin ar an bhfíoras go gcuirtear leis an gcinneadh seo teachtaireacht shoiléir in iúl nach bhfaighidh daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad ag gabháil don choireacht thromchúiseach agus eagraithe aon tearmann sábháilte ón gceartas, agus iad ag athdhearbhú go bhfuil rún daingean ag an dá thír a chinntiú go dtabharfar daoine den sórt sin os comhair na gcúirteanna.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Thar ceann na hÉireann, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha as an tacaíocht a thug sé agus an iarraidh ar eiseachadadh á láimhseáil aige, agus ba mhaith liom an ghairmiúlacht, an éifeachtúlacht agus an dúthracht a léirigh údaráis bhreithiúnacha Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha le linn na n-imeachtaí eiseachadta a mholadh. Tá an cinneadh seo ina chloch mhíle eile sa chomhar breithiúnach atá ar siúl idir an dá thír, agus tá sé ina léiriú ar neart na comhpháirtíochta atá ar bun againn chun aghaidh a thabhairt ar an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta.”
Dúirt a Oirirceas Abdullah bin Sultan bin Awad Al Nuaimi:
“Athdhearbhaím an tiomantas atá ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha an comhar breithiúnach atá ar siúl le húdaráis na hÉireann a neartú tuilleadh agus leanúint le feabhas a chur ar ár gcomhpháirtíochtaí breithiúnacha leis an bpobal idirnáisiúnta. Léiríonn an t-éacht seo seasamh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha mar chomhpháirtí iontaofa idirnáisiúnta i réimse an chomhair bhreithiúnaigh idirnáisiúnta, agus leagann sé béim ar an tiomantas diongbháilte atá againn tacú leis na hiarrachtaí domhanda atá ar bun chun an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta a chomhrac, chun déantóirí coireanna tromchúiseacha a thabhairt os comhair na cúirte, agus chun cosc a chur orthu cuntasacht a sheachaint, rud a rannchuideoidh le slándáil agus cobhsaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta agus a threiseoidh an smacht reachta.”
CRÍOCH...///