An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA)
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Bunaíodh an IAASA de bhun fhorálacha Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.
Ag féachaint dá chuspóirí, feidhmeanna agus cumhachtaí reachtúla is iad príomhspriocanna an Údaráis:
- maoirseacht ar an gcaoi a ndéanann na Comhlachtaí Cuntasaíochta Forordaithe (PABanna) a gcuid ball a rialáil agus monatóireacht a dhéanamh orthu
- faireachán ar thuairisciú airgeadais tréimhsiúil eintiteas áirithe a bhfuil a n-urrús ligthe isteach ag trádáil ar mhargadh rialáilte san AE
- feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh i leith leachtaitheoirí
- cloí le hardchaighdeáin ghairmiúla sa ghairm iniúchta agus cuntasaíochta a chur chun cinn
- ag gníomhú mar fhoinse speisialaithe comhairle don Aire maidir le hábhair iniúchta agus cuntasaíochta
- dearbhú cáilíochta seachtrach iniúchóirí cuideachtaí liostaithe, institiúidí creidmheasa agus gnóthas árachais chun ardchaighdeán iniúchta a chinntiú
- glacadh agus cothabháil an chreata iniúchta d’Éirinn