Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Clár SÍOL

Seoladh clár SÍOL an 8 Iúil 2026. Tugann sé chun críche an gealltanas atá sa Chlár Rialtais reatha go mbunófar scéim nua ar an stíl chéanna le clár RAPID (Revitalising Areas through Planning, Investment and Development) roimhe seo, inar oibrigh gach gníomhaireacht stáit le chéile chun forbairt pobail agus athbheochan lár bailte a chur i bhfeidhm. Ó dúnadh an tionscnamh RAPID roimhe seo in 2011, tá athrú gan fasach tagtha ar Éirinn. Dá réir sin, bhí sé bunriachtanach go ndéanfaí athbhreithniú agus uasdátú ar na limistéir a ainmníodh le bheith mar chuid de chlár RAPID roimh sheoladh an chláir nua.

Dearadh clár nua SÍOL bunaithe ar eolas staidrimh a bhí ar fáil tríd an Phríomhoifig Staidrimh agus innéacsanna díothachta de chuid Pobal inar leagadh amach leibhéil dhíothachta i limistéir uirbeacha. Cuireadh anailís eile arna déanamh ag an ITES sa mheá freisin. Tá athbhreithniú iomlán ar limistéir faoi mhíbhuntáiste mar chuid den anailís a bheidh mar bhonn leis an chlár nua chun cinntiú go ndéantar an maoiniú a spriocdhíriú ar na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste laistigh de na bailte agus cathracha ainmnithe.

Is é an t-ainm a bheidh ar an chlár nua ná SÍOL, a chiallaíonn ‘Seed’ i mBéarla. Seasann SÍOL do Scéim Infheistíochta ag Obair Le Chéile, arb é an Béarla atá air sin ná ‘Working Together Investment Scheme’.

Tá mar aidhm le clár SÍOL tacaíochtaí a thabhairt do na limistéir uirbeacha siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Fuarthas maoiniú caipitil €31.5 milliún chomh fada le 2030 sa Phlean Forbartha Náisiúnta chun tacú leis an scéim, agus beidh maoiniú €5m ar fáil in 2026.

Ní ghlacfar ach le hiarratais ar mhaoiniú ó Údaráis Áitiúla a bhfuil freagracht acu as limistéir SÍOL, agus breithneofar ar na cineálacha tionscadail seo a leanas i gcomhair maoinithe:

  • Tionscadail Sábháilteachta Pobail
  • Oibreacha sa Réimse Phoiblí/Tionscadal sa Timpeallacht Thógtha
  • Tionscadail lena dtacaítear le tionscnaimh sláinte agus folláine do phobail
  • Maoiniú i gcomhair tionscadail lena dtacaítear le rochtain ar oideachas agus oiliúint i suímh phobail

Ainmníodh na limistéir seo a leanas mar limistéir SÍOL:

Limistéar SÍOL

Údarás Áitiúil

Toghranna

Baile Átha Í

Comhairle Contae Chill Dara

Baile Átha Í Thiar (Uirbeach) agus Baile Átha Í Thoir (Uirbeach)

Béal Átha na Sluaighe

Comhairle Contae na Gaillimhe

Béal Átha na Sluaighe (Uirbeach), Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Cill Iúir, agus Eachroim

Béal an Átha

Comhairle Contae Mhaigh Eo

Béal an Átha (Uirbeach), Béal an Átha (Tuath), Ard na Ria Theas (Tuath), Ard na Ria Thuaidh, agus Ard na Ria Thuas (Uirbeach)

Baile Munna

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Baile Munna B agus Baile Munna D

Baile an Chabháin

Comhairle Contae an Chabháin

An Cabhán (Uirbeach), an Cabhán (Tuath), Béal Átha hÉis, Cluain Oirbhe, Eochaill

Cluain Dolcáin

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

Cluain Dolcáin-Gort an Mhúraigh, Cluain Dolcáin-An Cheapach Mhór, Cluain Dolcáin-Rualach

Oirthuaisceart Chathair Chorcaí

Comhairle Cathrach Chorcaí

Baile na mBocht, an Gleann A, agus an Linn Dubh B

Iarthuaisceart Chathair Chorcaí

Comhairle Cathrach Chorcaí

Cnoc na hAoine, Páirc na hEaglaise, Garrán na mBráthar E

Droichead Átha

Comhairle Contae Lú

Geata Shráid an Aonaigh agus Geata Shráid na gCapall

Cathair na Gaillimhe

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Páirc an Tobair, Mervue, an Baile Bán

Tuaisceart Chathair Luimnigh

Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh

Toghroinn Eoin A, Toghroinn Eoin B, Cill Liaile A, Baile Uí Neachtain, agus Luimneach Thuaidh (Tuath)

Iardheisceart Lár na Cathrach

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Cé na gCeannaithe A, Cé Uiséir C, agus Cé an Adhmaid A

Tamhlacht

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

Tamhlacht-Ráth Miontáin, Tamhlacht-Coill Tobair, agus Tamhlacht-Cill an Ardáin

Baile Thiobraid Árann

Comhairle Contae Thiobraid Árann

Tiobraid Árann Thoir (Uirbeach), Tiobraid Árann Thiar (Uirbeach), Tiobraid Árann (Tuath)

Cathair Phort Láirge

Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

An Baile Beag Thuaidh, Larchville, agus Lios Dúgáin

 

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat