Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Searmanas Bronnta Entente Florale na hEorpa 2026 i gCeatharlach

  • Reáchtáladh searmanas bronnta Entente Florale na hEorpa 2026 i mbaile Cheatharlach chun éachtaí pobail ó gach cearn den Eoraip a cheiliúradh sa chomórtas idirnáisiúnta seo.
  • Rinne dhá cheantar ionadaíocht ar Éirinn. Bhuaigh na Creagacha Dubha, Contae Lú, agus Baile Idir Dhá Abhainn, Contae Shligigh boinn óir.

Reáchtáladh searmanas bronnta Entente Florale na hEorpa 2026 i mbaile Cheatharlach Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair 2026. Is comórtas comhshaoil Eorpach mór le rá é Entente Florale na hEorpa, atá ar siúl le 51 bhliain anois.

D’fhreastail breis agus 160 toscaire ar shearmanas bronnta na bliana seo in Ionad Amhairc na hEalaíne Comhaimseartha agus in Amharclann George Bernard Shaw i mbaile Cheatharlach. Ba é Comhairle Chontae Cheatharlach a d’óstáil an ócáid, le tacaíocht maoinithe ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

I mbliana, bhí Baile Idir Dhá Abhainn (Co. Shligigh) agus na Creagacha Dubha (Co. Lú) san iomaíocht taobh le rannpháirtithe ón Ungáir, ón bhFrainc, ón Iodáil, ón nGearmáin agus ón tSeicia. D’éirigh le hÉirinn sa chomórtas seo arís, agus bhuaigh na Creagacha Dubha, Contae Lú, agus Baile Idir Dhá Abhainn, Contae Shligigh boinn óir.

D’fhreastail an Teachta Dála Jennifer Murnane O’Connor, Aire Stáit sa Roinn Sláinte, ar an ócáid.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

“Bhí an-áthas orm freastal ar shearmanas bronnta Entente Florale na hEorpa 2026 i mbaile Cheatharlach. Roghnaíodh Ceatharlach chun an searmanas a óstáil i mbliana, toisc gur éirigh go hiontach leo i gcomórtas Entente Florale na hEorpa 2024. Is cuí freisin an ócáid Eorpach seo a cheiliúradh anseo in Éirinn le linn thréimhse Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.“

Ag an searmanas bronnta, bhronn an tAire Murnane O’Connor an Gradam Speisialta do Spásanna Glasa ar Kecskemét.

Ar an dara dul síos, dúirt an tAire:

“Comhghairdeas freisin le Kecskemét as an nGradam Speisialta do Spásanna Glasa a bhuachan.

“Gabhaim comhghairdeas ó chroí freisin le hionadaithe na hÉireann, Baile Idir Dhá Abhainn agus na Creagacha Dubha, as na héachtaí iontacha a rinne siad i gcomórtas Entente Florale na hEorpa 2026. Aithním an tacaíocht a thug Comhairlí Chontae Shligigh agus Lú don dá iontráil Éireannacha sa chomórtas mór le rá seo.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Bhí caighdeán an chomórtais thar a bheith ard i mbliana i measc na dtíortha Eorpacha a ghlac páirt. Cabhraíonn an bhéim ar an inbhuanaitheacht, ar an mbithéagsúlacht, ar an oideachas comhshaoil agus ar an gcuimsiú inár bpobail chun pobal comhtháite, timpeallacht shláintiúil agus geilleagar áitiúil bríomhar a chothú.

“Tá an-mheas ag ár gcomhghleacaithe Eorpacha ar iarrachtaí agus ar rannpháirtíocht phobail na hÉireann, go háirithe ar ghluaiseacht oibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara. I gcomhar lena n-údaráis áitiúla, le gnólachtaí áitiúla, le scoileanna agus leis na pobail i gcoitinne, d’oibrigh rannpháirtithe uile an chomórtais seo le chéile chun a chinntiú gur féidir lenár bpobail déanamh go maith.”

Is féidir sonraí iomlána bhuaiteoirí uile na bliana seo a léamh ar http://www.entente-florale.eu/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat