Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€229,520 ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall

  • Tá maoiniú caipitil ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do 5 eagraíocht éagsúil chun réimse leathan tograí agus oibreacha a chur i gcrích

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil deontais ar fiú €229,520 iad ceadaithe aige do chúig eagraíocht pobail atá lonnaithe i limistéir éagsúla pleanála teanga i nGaeltacht Dhún na nGall.

Is iad Coiste Forbartha Chnoc Fola, Coiste Forbartha an Fháil Charraigh, Comharchumann Thoraí, Cumann Gailf Chloich Cheann Fhaola agus Áras Ghaoth Dobhair na deontaithe don mhaoiniú seo

Tá idir athchóiriú áiseanna reatha, tógáil áiseanna nua agus ceannach trealaimh san áireamh mar ábhar na ndeontas seo.

Comharchumann Thoraí, Co. Dhún na nGall

Tá deontas de €128,868 ceadaithe do Chomharchumann Thoraí chun athchóiriú agus forbairt a dhéanamh ar ‘An Club’ ar Oileán Thoraí. Is é sin príomhionad sóisialta agus cultúrtha an oileáin agus cuirfear feabhas ar inrochtaineacht, éifeachtacht fuinnimh agus inmharthanacht an ionaid mar thoradh an mhaoinithe seo. Is deontas breise é seo ar dheontas €263,500 atá faighte ag an gComharchumann faoin Scéim Athnuachan Bhaile don togra céanna.

Cumann Gailf Chloich Cheann Fhaola, Co. Dhún na nGall

Tá deontas breise de €54,594 ceadaithe do Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola ar an Fhál Charrach chun clubtheach nua a thógáil. Is deontas breise é seo ar an deontas suas le €327,561 a ceadaíodh don togra céanna anuraidh. Beidh oifig, seomraí feistis, seomraí stórála, taisceadáin laethúla, spás sóisialta, cistin, beár agus leithris sa chlubtheach nua seo.

Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall

Tá deontas de €17,434 ceadaithe do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun an córas aláraim tine in Ionad Pobail Chnoc Fola a uasghrádú. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar bun don phobal, idir óg agus aosta, san Ionad seo agus feidhmíonn Coláiste Ghaoth Dobhair as chomh maith i rith an tsamhraidh.

Coiste Forbartha an Fháil Charraigh, Co. Dhún na nGall

Tá deontas de €19,390 ceadaithe do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh chun balla/sconsa a thógáil timpeall an charrchlóis ag Ionad Pobail Naomh Fionnáin. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar bun san ionad seo lena n-áirítear imeachtaí spóirt, ranganna garchabhair, aonaigh ceardaíochta, ranganna gleacaíochta agus damhsa.

Áras Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Tá deontas de €9,234 ceadaithe d’Áras Ghaoth Dobhair chun tábla idirghníomhach a sholáthar do na cónaitheoirí. Cuireann an eagraíocht seo sainchúram ar fáil do dhaoine le gach cineál néaltrú ina bpobal féin agus beidh an trealamh seo ina thacaíocht do na cónaitheoirí ó thaobh gníomhaíocht fisiceach agus inchinne.

Ag fógairt na ndeontas inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta áiseanna maithe a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal. Is samplaí maithe iad na tograí seo den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga. Léiríonn sé freisin an éagsúlacht atá i gceist leis an maoiniú atá ar fáil do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí Gaeltachta atá ag iarraidh áiseanna a fheabhsú sa phobal.

“Molaim obair na gcoistí seo; tá mé cinnte go mbeidh muintir na háite, idir óg is aosta ábalta leas a bhaint as na háiseanna éagsúla a bheas mar thoradh an mhaoinithe seo agus níl aon amhras ach go mbeidh tionchar dearfach ag na tograí seo ar na ceantair ina bhfuil siad.”


Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais faoin gclár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat