An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Saol na hÉireann faoin Aer: Osclaíonn an tAire Calleary an 3ú Comhdháil Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Sa chomhdháil seo, tugtar le chéile na príomhpháirtithe leasmhara atá bainteach le sprioc na straitéise náisiúnta “Taitneamh a bhaint as saol na hÉireann faoin aer”
Inniu, Déardaoin, an 25 Meitheamh 2026, chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, fáilte roimh níos mó ná 250 toscaire ar fud earnáil na fóillíochta faoin aer chuig an 3ú Comhdháil Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer, a tionóladh in Óstán Slieve Russel, Co. an Chabháin.
Is é téama na comhdhála ná ‘Taitneamh a bhaint as saol na hÉireann faoin aer – fóillíocht inbhuanaithe faoin aer a thógáil ar fud na hÉireann’.
Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil bhliantúil na príomhpháirtithe leasmhara náisiúnta i bhfóillíocht faoin aer ar oileán na hÉireann a thabhairt le chéile chun deiseanna líonraithe a sholáthar, dea-chleachtas a roinnt agus eolas a dhéanamh do chur i bhfeidhm agus forbairt beartais. Ag teacht le téama na bliana seo, leagtar béim sa chlár ar roinnt tionscadal agus clár trasteorann a bhaineann le fóillíocht faoin aer. Fuair eagraíochtaí san earnáil atá ag obair ar fhóillíocht faoin aer a dhéanamh inrochtana do chách deis labhartha freisin.
Agus an chomhdháil á hoscailt aige, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm Comhdháil Náisiúnta na hÁineasa Allamuigh a oscailt inniu i gCabhán. Tá an chomhdháil seo ríthábhachtach i seachadadh ‘Taitneamh a bhaint as saol na hÉireann faoin Aer’, straitéis na hÉireann chun todhchaí earnáil na fóillíochta faoin aer in Éirinn a mhúnlú.
“Ós rud é go bhfuilimid anseo i sa Chabhán, is deis iontach í an chomhdháil seo chun aird a tharraingt ar chuid de na tionscadail agus na tionscnaimh fóillíochta trasteorann faoin aer atá bainte amach trí chomhoibriú chun leasa an phobail ar fad.
“Tá go leor timpeallachtaí inrochtana agus ardchaighdeáin againn i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon atá oiriúnach don spórt agus don aclaíocht. Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag cinntiú go bhfuil na hacmhainní seo inbhuanaithe agus inrochtana ag an oiread daoine agus is féidir ionas gur féidir le gach duine leas a bhaint as buntáistí fisiciúla agus folláine ama a chaitheamh faoin aer, beag beann ar a n-aois nó a gcumas.
“Is deis í an lá inniu freisin don lucht freastail machnamh a dhéanamh ar sheachadadh ‘Taitneamh a bhaint as saol na hÉireann faoin aer’ go dtí seo, chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar mhaith linn ár sprioc chomhroinnte don earnáil ríthábhachtach seo a mhúnlú sna blianta amach romhainn, agus guím gach rath ar gach duine atá i láthair”, a dúirt an tAire mar fhocal scoir.”
Nótaí don Eagarthóir
Ár dTodhchaí Tuaithe
Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an polasaí uile-rialtais do cheantar tuaithe na hÉireann do thréimhse 2021-2025. Léirítar sprioc nua ann i gcur chuige na tíre i leith polasaí forbartha tuaithe agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomláine maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus deiseanna a uasmhéadú dóibh.
Comhairle na Tuaithe
Is comhairle chomhairleach í Comhairle na Tuaithe a bunaíodh i mí Feabhra 2004 chun comhairle a chur ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maidir le forbairt na hearnála. Tagann an chomhairle le chéile ceithre huaire sa bhliain. Tá ionadaithe geallsealbhóirí ó eagraíochtaí feirmeoireachta, úsáideoirí áineasa na tuaithe, agus comhlachtaí stáit a bhfuil freagracht nó spéis acu sa tuath ina comhaltaí di.
I mí an Mheithimh 2019, cuireadh fís agus sainordú nua faoi bhráid Chomhairle na Tuaithe chun a ról comhairleach maidir le forbairt inbhuanaithe earnáil na fóillíochta faoin aer in Éirinn a threisiú agus a neartú agus ceapadh Cathaoirleach neamhspleách, an Dr Liam Twomey.
An Straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer: Seoladh an straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin Aer 2023-2027 i mí na Samhna 2022. Forbraíodh an straitéis i gcomhar le Comhairle na Tuaithe agus is straitéis chomhoibríoch tras-Rialtais, faoi stiúir geallsealbhóirí í.
Treoróidh éascóidh an straitéis forbairt agus bainistíocht inbhuanaithe earnáil na fóillíochta faoin aer don chéad chúig bliana eile. Tá sé mar aidhm aige freisin rannpháirtíocht a mhéadú, agus buntáistí sóisialta, sláinte agus eacnamaíocha a bhaint amach. Tá 95 phríomhghníomh ann atá le cur i gcrích ag raon geallsealbhóirí thar thréimhse 5 bliana. Tá an RFTPG agus Spórt Éireann i mbun comh-threoraithe ar sheachadadh na straitéise.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Straitéis Náisiúnta Fóillíochta faoin aer 2023-2027, féach anseo.