An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin foilsithe ag an Aire Buttimer
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Breis is €43 milliún caite in 2025 chun dul i ngleic le míbhuntáiste
Inniu (Dé hAoine, 17 Iúil 2026) d’fhoilsigh an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Jerry Buttimer TD, Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin.
Baintear úsáid as airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin chun maoiniú a thabhairt i gcomhair beart lena dtugtar aghaidh ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch, sóisialta nó oideachasúil, agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Sonraítear i dTuarascáil Bhliantúil 2025 gurbh ionann an caiteachas ar bhearta Cuntas Díomhaoin i rith na bliana agus €43 milliún ar fud 11 Roinn Rialtais.
Cuireadh maoiniú ar fáil i gcomhair 57 mbeart ar leith faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin in 2025. I measc na mbeart seo bhí cláir agus tionscadail chun tacú le leanaí agus daoine óga; grúpaí imeallaithe; príosúnaithe; daoine dífhostaithe; cúramóirí; íospartaigh coire; easpa dídine; agus bearta chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Tá sonraí faoi na bearta ar fad le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil.
Tá dhá chás-staidéar ar bhearta lenar tacaíodh in 2025 san áireamh sa tuarascáil: Forbairtí in Áit Súgartha don Lucht Siúil i gCill Mhantáin: Dhá chlós súgartha curtha ar fáil i scéim grúpthithíochta i gCill Chomhghaill agus láithreán stad san Inbhear Mhór, a fhreastalaíonn ar 14 theaghlach thar an dá shuíomh anois agus nárbh fhada go raibh siad ina ngnéithe tábhachtacha i saol laethúil na leanaí atá ina gcónaí ann. Agus an tionscadal um Fheasacht ar Bhodhaire, um an Acht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus um an tSeirbhís Phoiblí riartha ag Cumann na mBodhar Chorcaí, arna fhorbairt chun feasacht ar bhodhaire a fheabhsú agus rochtain ar sheirbhísí poiblí a neartú don phobal B/bodhar. Faoin tionscadal, cuireadh oiliúint ar 634 oibrí seirbhíse poiblí i bhFeasacht ar Bhodhaire agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann in 28 seisiún. Léirítear leis na cás-staidéir seo an dea-thionchar atá á imirt ar phobail le bearta Chiste na gCuntas Díomhaoin.
Agus an Tuarascáil Bhliantúil á foilsiú aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:
Is cúis áthais dom Tuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin a fhoilsiú, ina léirítear gur cuireadh breis agus €43 milliún ar fáil in 2025 don iliomad cúiseanna maithe chun dul i ngleic le míbhuntáiste ar fud na tíre. Bhí 57 mbeart sa tuarascáil a cuireadh i bhfeidhm ar fud an Rialtais, a bhí ina gcabhair chun dul i ngleic le raon leathan ceisteanna cosúil le cláir a chur ar fáil chun tacú le páistí agus daoine óga; cláir agus tionscadail do dhaoine faoi mhíchumas; cúramóirí; pobail LADTA+; agus grúpaí imeallaithe ar nós phobail an Lucht Siúil agus na Romach.
Lean an tAire ar aghaidh:
Is mór an difear a dhéanann maoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine do dhaoine aonair agus do phobail fud fad na tíre. Tá sé ag cuidiú le daoine leochaileacha, ag tacú le hionchuimsiú sóisialta, agus ag neartú ár bpobal. Tá an maoiniú ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol daoine agus beidh tionchar dearfach fadtéarmach i gceist leis sna pobail ar a fhreastalaíonn sé.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:
Fáiltím roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin ina leagtar amach conas mar a díríodh ar mhíbhuntáiste le maoiniú de bhreis is €43 milliún an bhliain seo caite. Laistigh dár Roinn féin, baineadh úsáid as breis is €10 milliún i gcomhair bearta tábhachtacha cosúil leis an Scéim Rabhaidh do Sheanóirí, neart tionscadal faoi Rethink Ireland, Fiontraíocht Shóisialta, Bearta Spriocdhírithe d’Ionchuimsiú Sóisialta agus tionscnaimh Leabharlann. Níorbh fhéidir na tacaíochtaí seo a chur ar fáil gan Ciste na gCuntas Díomhaoin, atá ina thacaíocht leanúnach don ionchuimsiú sóisialta agus do chúiseanna fiúntacha i bpobail ar fud ár dtíre.
Nótaí d’Eagarthóirí
Ba ionann an caiteachas iomlán ó Chiste na gCuntas Díomhaoin in 2025 agus €43m i gcomhair 57 beart ar fud 11 Roinn. Tugtar eolas faoi na bearta seo sa Tuarascáil Bhliantúil in éineacht le dhá chás-staidéar ar mhaoiniú do bhearta/tionscadail in 2025.
Rinneadh caiteachas ar fud raon Ranna, lenar tugadh maoiniú do bhearta chun tacú le páistí agus daoine óga; príosúnaigh; cúramóirí; íospartaigh choire; easpa dídine; agus grúpaí imeallaithe cosúil le pobail an Lucht Siúil agus Romach.
Sna hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, in éineacht leis an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, cuirtear creat ar fáil i gcomhair riarachán cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bancanna, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta ná sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaithe a thabhairt ar ais le chéile lena n-airgead in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, agus ina leith seo, ceanglaítear ar na forais seo céimeanna a ghlacadh chun úinéirí na gcuntas díomhaoin agus na bpolasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Mar sin féin, ionas gur féidir úsáid a bhaint as an airgead nár úsáideadh, tugadh scéim isteach leis an reachtaíocht lenar féidir úsáid a bhaint as maoiniú nár dhócha go n-éileofar ar ais é ó na cuntais dhíomhaoine agus na polasaithe neamhéilithe, ar mhaithe le bearta chun tacú le:
- forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
- forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
- daoine faoi mhíchumas.
Tábla Achomair Thuarascáil Bhliantúil 2025 um Chiste na gCuntas Díomhaoin
Tugtar achoimre sa tábla a leanas ar na bearta agus an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2025 do gach Roinn Rialtais ábhartha. Tá na sonraí go léir faoi gach beart le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil í féin.
|
Roinn
|
Líon na mBeart |
Maoiniú Iomlán €anna |
|
5 |
10,069,431 |
|
|
2 |
3,316,035 |
|
|
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce |
10 |
7,219,345 |
|
An Roinn Coimirce Sóisialaí |
1 |
473,280 |
|
An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais |
5 |
5,184,926 |
|
An Roinn Oideachais agus Óige |
22 |
4,055,907 |
|
An Roinn Cosanta |
3 |
946,784 |
|
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt |
3 |
10,000,000 |
|
3 |
1,420,604 |
|
|
An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta |
1 |
215,109 |
|
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil |
2 |
175,000 |
|
Iomlán |
57 |
€43,076,420 |