An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tugann an tAire Buttimer cuairt ar thionscnaimh phobail i gContae Dhún na nGall
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Inniu, Dé hAoine an 4 Meán Fómhair, thug an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, cuairt ar thionscnaimh i gContae Dhún na nGall a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Cuireadh tús le cuairt an Aire ar an gcontae in Ionad Oibrithe Deonacha Leitir Ceanainn, áit ar bhuail sé le baill de Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall – eagraíocht neamhbhrabúis faoi stiúir an phobail a thacaíonn le daoine aonair, le pobail, le gnólachtaí agus le tionscnaimh forbartha tuaithe ar fud Chontae Dhún na nGall le breis agus 30 bliain anuas.
Bainistíonn agus cuireann an Comhlacht cláir ar fáil ar nós LEADER, an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail agus Tús, a thacaíonn le forbairt inbhuanaithe, eacnamaíoch agus shóisialta ar fud Chontae Dhún na nGall.
Ba é an chéad stad eile ná ionad pobail Cairde Le Chéile, a chuireann fostaíocht agus deiseanna eile ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Fuair an t-ionad maoiniú ón Roinn chun tacú leis an tsaoráid chuimsitheach seo, a fhreastalaíonn ar bheagnach 50,000 duine.
Ba é an stad deireanach a rinne an tAire i Leitir Ceanainn ná cuairt ar Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall, eagraíocht a fuair maoiniú faoin gClár Forbartha Pobail chun tacú le feasacht idirchultúrtha agus feasacht i gcoinne an chiníochais. Cuireann Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall roinnt tionscadail idirchultúrtha, síochána agus athmhuintearais i gcrích faoin chlár PEACEPLUS.
Ag labhairt i Leitir Ceanainn, dúirt an tAire Buttimer:
“Tá an-áthas orm a bheith anseo i nDún na nGall inniu chun cuairt a thabhairt ar an oiread sin tionscadail thábhachtacha pobail ar thug mo Roinn tacaíocht dóibh. Is iontach an rud é an tionchar a fheiceáil a bhíonn ag pobail a oibríonn i gcomhar le comhairlí contae agus leis an Rialtas chun feabhsuithe fadtéarmacha a bhaint amach dá gceantair; gabhaim buíochas ó chroí as an obair seo, mar go bhfuil ról chomh tábhachtach sin aici maidir le fíorbhuntáistí a sholáthar.”
Ansin, thaistil an tAire go baile Dhún na nGall, áit ar thug sé cuairt ar Chomhlacht Athchóirithe Iarnród Chontae Dhún na nGall. Tacaíonn an eagraíocht le hoibriú Ionad Oidhreachta Iarnród Dhún na nGall, músaem pobail ina bhfuil taispeántais, cur i láthair closamhairc, leabharlann, siopa agus clár oideachais. Fuair an t-ionad maoiniú faoi LEADER agus faoi chlár na Seirbhísí Pobail.
Ina dhiaidh sin, thug an tAire cuairt ar Fhondúireacht Riachtanais Speisialta na gCruach; fuair siad tacaíocht ón gClár Feabhsaithe Áitiúil agus maoiniú na Seirbhísí Pobail chun obair a dhéanamh sa ghairdín pobail, spás a úsáideann baill na Fondúireachta, chomh maith lena gcúramóirí, a dteaghlaigh agus cuairteoirí.
Ina dhiaidh sin, thaistil an tAire go Halla Leathaí chun breathnú ar an gclós súgartha, ar an limistéar cluichí ilúsáide agus ar an ngairdín céadfach a osclaíodh i mí an Mhárta. Fuair an tionscadal tacaíocht ó fhoireann an Chláir um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail de chuid Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall, chomh maith le tacaíocht forbartha leanúnach ó Líonra Fiontar Sóisialta an RFTPG, agus maoiniú faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte agus faoi CLÁR.
Ba é Ionad Pobail Bhun Dobhráin an dara stad deireanach ar chuairt an Aire; is ionad é a chuireann réimse clár, imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar fáil do dhaoine de gach aois agus de gach cumas. Fuair an t-ionad maoiniú faoi scéimeanna LEADER agus Seirbhísí Pobail na Roinne, chomh maith le tacaíocht bhreise ón gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail.
An tráthnóna sin, d’fhreastail an tAire Buttimer ar shearmanas oscailte Chraobhchomórtas Eorpach na Tarrthála Uisce ag Campas Oiliúna Shábháilteacht Uisce Éireann i nDún na nGall. Cuireann an campas áiseanna ar fáil a dearadh chun tacú le gach céim d’fhorbairt scileanna tarrthála uisce – ó oiliúint agus deimhniúchán do mhaoir uisce go cúrsaí teagaisc ardleibhéil agus athdheimhniú gairmiúil. Tagann clubanna, lúthchleasaithe, cóitseálaithe, oifigigh agus oibrithe deonacha le chéile ag Craobhchomórtas Eorpach na Tarrthála Uisce, agus is minic a bhíonn iomaíocht réigiúnach agus dhomhanda mar thoradh orthu.
Ag labhairt ag Campas Oiliúna Shábháilteacht Uisce Éireann i nDún na nGall, dúirt an tAire:
“Is ócáid shuntasach í searmanas Chraobhchomórtas Eorpach na Tarrthála Uisce ag Campas Oiliúna Shábháilteacht Uisce Éireann i nDún na nGall, ócáid a dhéanann ceiliúradh ar ré nua oiliúint tarrthála uisce in Éirinn. Is céim ríthábhachtach í seo chun cabhrú le cosc a chur ar chaillteanas beatha – rud a bhriseann croíthe theaghlaigh agus ar dhaoine muinteartha. Gabhaim buíochas le Sábhailteacht Uisce Éireann agus leis na hoibrithe deonacha a chabhraigh leis an tionscnamh tábhachtach seo a chur i gcrích.”
Nótaí don Eagarthóir
An Clár Forbartha Pobail
Cuireadh tús leis an gClár Forbartha Pobail in 2021, agus é mar aidhm aige triail a bhaint as idirghabhálacha faoi stiúir an phobail a thugann aghaidh ar an mbochtaineacht, ar an eisiamh sóisialta agus ar an neamhionannas, agus a chuireann cearta daonna chun cinn.
Clár na Seirbhísí Pobail
Tacaíonn Clár na Seirbhísí Pobail le 446 sheirbhís phobalbhunaithe faoi láthair trí 427 eagraíocht, chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontair shóisialta. Cuireadh maoiniú níos mó ná €5 mhilliún ar fáil do Dhún na nGall in 2025.
CLÁR
Is clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR do cheantair thuaithe a bhfuil sé mar aidhm aige maoiniú a sholáthar do thionscadail bheaga bonneagair i gceantair thuaithe ainmnithe a bhfuil leibhéil shuntasacha dídhaonraithe agus/nó míbhuntáiste socheacnamaíoch agus iargúltacht gheografach orthu. Sa bhliain 2025, leithdháileadh maoiniú CLÁR de bheagnach €900,000 ar Dhún na nGall.
LEADER
Is é Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil LEADER do Chontae Dhún na nGall faoi chlár LEADER 2023-2027, agus leithdháileadh buiséad iomlán LEADER de bhreis agus €10.39 milliún air chun obair a chur i gcrích i gcomhréir lena Straitéis Forbartha Áitiúla. Áirítear sa bhuiséad breis agus €7.79 milliún chun tacú le tionscadail phobail agus ghnó, agus clúdaíonn an chuid eile costais spreagtha agus riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm an chláir.
Go dtí seo, cheadaigh Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Dhún na nGall — as a leithdháileadh buiséid do thionscadail — maoiniú deontais do 106 tionscadal ar luach €5.2 milliún.
Clár Feabhsaithe Áitiúil
Dírítear ar áiseanna i bpobail faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú i gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2026. Soláthraítear deontais bheaga do ghrúpaí pobail ar bhealach atá comhsheasmhach le Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil gach ceantair.
PEACEPLUS
Is clár nua maoinithe trasteorann é PEACEPLUS a fhaigheann tacaíocht ón Aontas Eorpach, ó Rialtas na Ríochta Aontaithe (an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann), ó Rialtas na hÉireann agus ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Dearadh an clár chun tacú leis an tsíocháin agus leis an rathúnas ar fud Thuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann, ag tógáil ar an obair a rinneadh faoi chláir PEACE agus INTERREG roimhe seo.
An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail
Cuireadh tús leis an gclár reatha ar an 1 Eanáir 2024 agus mairfidh sé go dtí deireadh na bliana 2028. Tháinig an clár seo in áit an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail 2018–2023.
Tá sé mar aidhm ag an gclár bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Déantar é seo trí lucht chur i bhfeidhm an chláir, gníomhaireachtaí agus cuideachtaí, a oibríonn leis na daoine is mó faoi mhíbhuntáiste agus is deacra teacht orthu i bpobail.
Sa bhliain 2025, leithdháileadh maoiniú níos mó ná €2.5 mhilliún ar Dhún na nGall.
An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ar cheann de roinnt beart a dearadh chun bailte agus sráidbhailte na hÉireann a athnuachan. Maoinítear an clár faoi Thionscadal Éire 2040 mar chuid de “Ár dTodhchaí Tuaithe – Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025”.
Tacaíonn an scéim seo le hathbheochan na hÉireann tuaithe trí dhíriú ar athbheochan eacnamaíoch agus shóisialta lár na mbailte a spreagadh. Ó 2016 i leith, leithdháileadh breis is €217 milliún chun tacú le seachadadh breis is 2000 tionscadal ar fud na tíre. As an méid sin, leithdháileadh breis agus €8.8 milliún i maoiniú Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall le haghaidh 82 thionscadal.