An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Maoiniú ar fiú níos mó ná €5.3m é fógartha ag an Aire Calleary do Thionscnaimh Ghaeltachta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Tá €4m ceadaithe chun Scéim na gCúntóirí Teanga a riar ó 2026 go 2028
- €1.3m ceadaithe chun Scéim na gCampaí Samhraidh a chur ar fáil ó 2026 go 2028
Bhí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. sna Forbacha inniu i nGaeltacht na Gaillimhe agus é ag seoladh go hoifigiúil Straitéis nua Mhuintearais do 2026-2029. Thóg sé an deis agus é ann maoiniú suntasach a fhógairt do chúpla scéim fadbhunaithe de chuid na Roinne.
Scéim na gCúntóirí Teanga
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ag soláthar ciste airgid le breis agus scór bliain anois chun Scéim na gCúntóirí Teanga a riar mar thacaíocht bhreise don phróiseas pleanála teanga. Tá sé ar fáil laistigh den Ghaeltacht do gach scoil a ghlacann páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (SASG) de chuid na Roinne Oideachais agus Óige. Lasmuigh den Ghaeltacht, tá an scéim ar fáil do Ghaelscoileanna agus do Ghaelcholáistí lonnaithe sna limistéir atá aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonra Gaeilge. Tá deontais suas le €4.02m ina n-iomlán ceadaithe don trí eagras riartha thar thréimhse dhá bhliain chun an scéim a riar.
Is iad na heagrais, Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Muintearas Teo. atá ag riar na scéime thar ceann na Roinne laistigh den Ghaeltacht agus is é Glór na nGael atá ag riar na scéime lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 161 scoil san iomlán i gceist – 104 faoi scáth Mhuintearas, 28 scoil faoi scáth Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus 29 scoil faoi Ghlór na nGael. Cuireann c.135 cúntóir teanga suas le 1,563 uair theagaisc ar fáil in aghaidh na seachtaine sna scoileanna sin.
Scéim na gCampaí Samhraidh
Is scéim fadbhunaithe í seo a chuirtear ar fáil chun tacú le coistí pobail chun campaí trí Ghaeilge a reáchtáil do dhaoine óga laistigh den Ghaeltacht. Freastalaíonn an scéim seo ar dhaoine óga sna Gaeltachtaí ar fad agus cuirtear timpeall is 165 campa ar fáil gach samhradh do thimpeall is 6500 duine óg. Is é Muintearas Teo a riarann an scéim agus tá ardú deontais ceadaithe leis an fhógra seo don chéad uair le blianta fada. Tá deontas 3 bliana ar fiú suas le €1,308,039 é nó €436,013 sa bhliain ceadaithe anois agus mar chuid den ardú deontais sin, tá ardú €10 ceadaithe ar an ráta fóirdheontais a íocfar le coistí do gach rannpháirtí ó €45 go €55 an rannpháirtí do champa seachtaine.
Ag fógairt na ndeontas inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Is údar sásaimh dom go bhfuil mé ábalta na cistí suntasacha seo a fhógairt do scéimeanna tábhachtacha agus fadbhunaithe mo Roinne. Is éiceachóras teanga atá de dhíth orainn chun an Ghaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile agus is bunchlocha tábhachtacha iad Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh in iarrachtaí mo Roinne chun an t-eiceachóras sin a fhorbairt. Díríonn siad beirt ar Ghaeilgeoirí óga, agus is tráthúil sin agus muid anseo sna Forbacha chun straitéis nua de chuid Muintearas a sheoladh do 2026-2029.
“Níl amhras ar bith ach go bhfuil páirt lárnach ag Scéim na gCúntóirí Teanga san obair chun an Ghaeilge a neartú mar theanga phobail agus teaghlaigh taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuideoidh an deontas seo le Muintearas, le hOidhreacht Chorca Dhuibhne agus le Glór na nGael an scéim seo a reáchtáil ar son na Roinne.
“Tá Scéim na gCampaí Samhraidh á maoiniú ag mo Roinn le tréimhse fada anois agus is é príomhchuspóir na scéime sin deis shóisialta agus oideachasúil a chruthú do dhaoine óga na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Tagann sin go sonrach le cuspóirí an phróisis pleanála teanga agus tá sé iontach tábhachtach go mbíonn na deiseanna seo inrochtana agus inacmhainne do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht.
“Molaim na Cúntóirí Teanga, na scoileanna, na coistí pobail agus molaim ach go háirithe na daoine óga a bhainfidh tairbhe as na deontais seo.”
Nótaí don Eagarthóir
Tá Scéim na gCúntóirí Teanga á maoiniú ag an Roinn ón mbliain 1999 mar bheart tacaíochta don Ghaeilge sa chóras oideachais sa Ghaeltacht. Is é an cuspóir go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil ó ghlúin go glúin agus í treisithe mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
I dteannta leis an mbeart atá fógartha anois, glacadh na céimeanna seo a leanas le blianta beaga anuas chun Scéim na gCúntóirí Teanga a neartú de thoradh an athbhreithnithe a rinneadh ar an scéim i 2019 – Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga:
- Ceadaíodh uaireanta breise teagaisc faoin Scéim do bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu.
- Seoladh go hoifigiúil an leabhrán: Ról an Chúntóra Teanga a bheidh mar fhoinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta do chúntóirí teanga, lucht riartha na scéime agus d’fhoirne bainistíochta agus teagaisc scoileanna Gaeltachta.
- Leathnaíodh an scéim amach go dtí na scoileanna ar fad sa Ghaeltacht atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta.
- Cuireadh síneadh 6 seachtaine leis an tréimhse mhaoinithe a bhí ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga ó 26 seachtain go 32 seachtain sna bunscoileanna.
- Tugadh ardú pá do na Cúntóirí teanga ó €21.12 go €23.20 don scoilbhliain 2022/23 agus arís go €25.52 don scoilbhliain 2025/26.
- Leathnaíodh an scéim amach go dtí Gaelscoileanna agus Ghaelcholáistí atá lonnaithe sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn lasmuigh den Ghaeltacht.
Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne. Tá níos mó eolais faoin gclár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)