An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Comhghairdeas déanta ag an Aire Calleary le Buaiteoirí Chomórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn 2026
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Buaiteoirí Chomórtas uile-oileáin na mBailte is Feistiúla in Éirinn fógartha le linn Searmanas Gradam i Halla Riddel, Béal Feirste
- Aontroim ainmnithe mar an Baile is Feistiúla in Éirinn, 2026, agus gradam an Lárionaid Uirbigh Mhóir is Feistiúla in Éirinn buaite aige freisin
- Carraig Airt ainmnithe mar bhuaiteoirí ghradam an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn, Port an Ghiolla Ghruama ainmnithe mar bhuaiteoirí ghradam an Bhaile Bhig is Feistiúla in Éirinn agus Baile Átha Troim ainmnithe mar bhuaiteoirí ghradam an Bhaile Mhóir is Feistiúla in Éirinn
Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, a chomhghairdeas inniu (Dé Céadaoin, 24 Meitheamh 2026) le buaiteoirí Chomórtas uile-oileáin na mBailte is Feistiúla in Éirinn. D’fhógair an tAire Calleary na torthaí ag searmanas gradam i Halla Riddel, Béal Feirste.
Is comórtas uile-oileáin é Comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn ina dtéann cuid de na bailte agus sráidbhailte is fearr ó chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu in iomaíocht lena leithéidí ó chomórtas Best Kept i dTuaisceart Éireann.
Ainmníodh Aontroim mar bhuaiteoir foriomlán Chomórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn in 2026.
Sna catagóirí gradaim eile, bhuaigh Carraig Airt gradam an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn agus ainmníodh Port an Ghiolla Ghruama mar an Baile Beag is Feistiúla in Éirinn.
Ina theannta sin, ainmníodh Baile Átha Troim mar an Lárionad Uirbeach Mór is Feistiúla in Éirinn, agus bhuaigh Aontroim gradam an Lárionaid Uirbigh Mhóir is Feistiúla in Éirinn.
Agus é ag labhairt ag an tsearmanas gradam, dúirt an tAire:
“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na buaiteoirí agus ainmnithe ar fad i gcomórtas uile-oileáin na mBailte is Feistiúla in Éirinn. Tréaslaím le Carraig Airt, buaiteoirí an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn, agus le Baile Átha Troim as gradam an Bhaile Mhóir is Feistiúla in Éirinn a bhuachan.
“Gabhaim comhghairdeas freisin le hAontroim, an Baile is Feistiúla in Éirinn in 2026 as gradam an Lárionaid Uirbigh Mhóir in Éirinn a bhuachan chomh maith. Tá focal ar leith tuilte ag Port an Ghiolla Ghruama freisin mar bhuaiteoir an Bhaile Bhig is Feistiúla in Éirinn in 2026.”
Dúirt an tAire Calleary an méid seo freisin:
“Léirítear le Comórtas uile-oileáin na mBailte is Feistiúla in Éirinn neart an mheanma pobail agus an bhróid atá ag daoine ina bpobail féin fud fad an oileáin seo.
"Ba cheart go mbeidh an-bhród ar fad ag gach ceann de na grúpaí a ainmníodh do na gradaim seo as a bhfuil bainte amach acu go dtí seo. Agus é ar an bhfód le 31 bliana anois, is eiseamláir tionscnaimh dhearfaigh trasteorann é a bhfuil an-chuid buntáistí i gceist leis don iliomad pobal.
“Molaim na hiarrachtaí ar fad atá á ndéanamh ag na hoibrithe deonacha agus na pobail áitiúla i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu agus i gcomórtas Best Kept i dTuaisceart Éireann, agus guím gach rath ar ár ngrúpaí pobail ar fad i gcomórtais amach anseo.”
Luaigh Doreen Muskett, MBE, Cathaoirleach an Northern Ireland Amenity Council, comhlacht eagraithe Ghradaim Best Kept Thuaisceart Éireann:
“Dearadh an comórtas chun luach a saothair a thabhairt dóibh siúd a bhfuil bród mór acu ina bpobail agus a oibríonn go dúthrachtach chun go mbeidh a dtimpeallacht ina háit dheas don obair, don chónaí agus don spraoi.
“Gabhaim comhghairdeas ó chroí le buaiteoirí ghradaim na bliana seo ar fad. Is fíordheacair an tasc a bhí roimh an phainéal breithiúna iomráiteacha a tháinig ó gach cearn den tír agus iad i mbun comparáide idir na hiarrthóirí agus ag iarraidh na buaiteoirí a roghnú, rud atá ina dhea-theist ar na bailte agus sráidbhailte áille a bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil siad againn anseo ar oileán na hÉireann.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, in éineacht leis an Northern Ireland Amenity Council, tús le comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn in 1995 chun aird a tharraingt ar Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus comórtas “Best Kept” Thuaisceart Éireann agus, tríd sin, feabhas a chur ar chaighdeán na mbailte agus na sráidbhailte ar fud oileán na hÉireann.
Rinneadh na hiontrálaithe a mheas de réir dianchritéir mholtóireachta, ar a n-áirítear glaineacht, dealramh seachtrach na bhfoirgneamh, cuma na mbóithre agus na saoráidí poiblí, agus an timpeallacht nádúrtha.
AINMNITHE 2026
Sráidbhaile
Cill na Seanrátha, Co. an Chabháin
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Domhnach Mór, Co. Thír Eoghain
Baile Beag
Port an Ghiolla Ghruama, Co. an Dúin
Domhnach Daoi, Co. an Dúin
Áth Dara, Co. Luimnigh
Ros Láir, Co. Loch Garman
Baile Mór
Baile Átha Troim, Co. na Mí
An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin
Machaire Fíolta, Co. Dhoire
Lárionad Uirbeach Mór
Aontroim, Co. Aontroma
Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma
Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe
An Muileann gCearr
Is iad buaiteoirí na nGradam ná:
An Sráidbhaile is Feistiúla in Éirinn – Carraig Airt
An Baile Beag is Feistiúla in Éirinn – Port an Ghiolla Ghruama
An Baile Mór is Feistiúla in Éirinn – Baile Átha Troim
An Lárionad Uirbeach Mór is Feistiúla in Éirinn – Aontroim
Buaiteoir Foriomlán – Aontroim