Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceardlann ar Logainmneacha Eorpacha seolta ag an Aire Calleary mar chuid de shraith ócáidí na Roinne faoi Uachtaránacht an AE

  • An cheardlann ‘Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach’ seolta ag an Aire Calleary i gColáiste na Naomh Uile, Droim Conrach
  • Taighdeoirí agus lucht léinn as Éirinn, an Bhreatain agus Mór-roinn na hEorpa rannpháirteach sa cheardlann
  • An cheardlann á reáchtáil i gcomhar lena chéile ag an ngrúpa taighde Gaois (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus ag an mBrainse Logainmneacha (an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta)

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an cheardlann ‘Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach / Placenames and Ecology in the European Context’ inniu, Déardaoin, 23 Iúil, i gColáiste na Naomh Uile i nDroim Conrach. Tá an cheardlann dhébhliantúil seo á reáchtáil i gcomhar lena chéile ag grúpa taighde Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) agus ag an mBrainse Logainmneacha (an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta).

Sa cheardlann a reáchtáladh dhá bhliain ó shin dar teideal ‘Cad a dhéanfaidh muid feasta gan adhmad’ bhí an bhéim ar chrainn agus ar choillte i logainmneacha na hÉireann. Tá an téama sin á leathnú amach i gceardlann na bliana seo, ina bpléitear leis an éiceolaíocht i gcoitinne i logainmneacha (coillte san áireamh), ní hamháin in Éirinn ach in áiteanna eile san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Agus an cheardlann á seoladh aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

"Tá an-áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne a bheith rannpháirteach i gceardlann an lae inniu – ceann de na chéad ócáidí poiblí atá á reáchtáil againn mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is ábhar thar a bheith tráthúil é logainmneacha i gcomhthéacs na héiceolaíochta; tá tuiscint ghrinn ar an dúlra agus ar an tírdhreach le sonrú ar na logainmneacha a fágadh againn mar oidhreacht, agus impleachtaí ansin don chaoi a mairimid sa lá atá inniu ann.

“Is breá an rud é go bhfuil taighdeoirí aitheanta as an mBreatain agus as Mór-roinn na hEorpa anseo linn inniu agus a bpeirspictíocht féin a roinnt acu, anuas ar an méid atá le cur i láthair ag lucht léinn na hÉireann.

“Tréaslaím a gcuid oibre le foireann taighde Gaois anseo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá ag obair go dlúth le m’fhoireann féin i mBrainse Logainmneacha na Roinne ar mhaithe lenar n-oidhreacht luachmhar logainmneacha a chaomhnú agus a chur i láthair an tsaoil mhóir.”

Dúirt an Dr Brian Ó Raghallaigh, príomhthaighdeoir thionscadal Logainm:

“Tá an-áthas ar DCU a bheith ag óstáil na ceardlainne seo, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, agus le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

"Tá DCU thar a bheith bródúil as bunachar Logainm, atá ina sheoid náisiúnta, agus leagann an tsraith ceardlann seo, atá á reáchtáil ag DCU go débhliantúil ó 2012 i leith, béim ar thaighde agus ar phlé náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse na logainmníochta.”

Is é ábhar na gcainteanna atá á gcur i láthair sa cheardlann ná logainmneacha ag tagairt do chórais éiceolaíochta atá athraithe nó in éag – coillte, móinte, srl.; an fheidhm atá ag teangacha agus ag oidhreacht logainmneacha i gcomhthéacs an athraithe aeráide; fianaise faoi dháileadh ainmhithe agus plandaí mar a bhí roimh an ré thionsclaíoch; tagairtí don chré agus don gheolaíocht sna logainmneacha agus úsáid na fianaise seo i gcomhthéacs an lae inniu, m.sh. oideachas éiceolaíochta, athdhúlrú, athfhliuchadh agus seachaint tuilte.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat