Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Calleary Leabharlann Bhealach an Doirín a athchóiríodh go hoifigiúil agus seolann sé chéad seirbhís ‘Mo Leabharlann Oscailte’ i Ros Comáin

  • Áis den chéad scoth don phobal i dteach stairiúil Uí Dhiolúin anois
  • Chéad seirbhís ‘Mo Leabharlann Oscailte’ i gContae Ros Comáin, ag leathnú rochtana do bhaill go 365 lá sa bhliain
  • Thacaigh infheistíocht rialtais le hathchóiriú chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach, inrochtaineacht fheabhsaithe agus áiseanna nua-aimseartha a chinntiú

D’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Leabharlann Bhealach an Doirín a athchóiríodh go hoifigiúil agus sheol sé chéad seirbhís ‘Mo Leabharlann Oscailte’ i Ros Comáin agus cuairt á tabhairt aige ar an gcontae.

Lonnaithe i dTeach stairiúil Uí Dhiolúin ón 18ú haois ar Chearnóg an Mhargaidh, rinneadh athchóiriú fairsing agus tuisceanach ar an leabharlann. Thacaigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta leis na hoibreacha trí Scéim na nOibreacha Caipitil ar Scála Beag agus maoiniú Chlár Caipitil na Leabharlann, agus thacaigh Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann le huasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh.

Sa tionscadal seo, tabharfar isteach seirbhís nuálach 'Mo Leabharlann Oscailte' i gContae Ros Comáin den chéad uair. Maoiníodh é le leithdháileadh €95,250 faoi Chlár Caipitil na Leabharlann, agus leathnaítear sa tseirbhís rochtain ar an leabharlann i bhfad níos faide ná uaireanta oibriúcháin traidisiúnta. Beidh baill in ann rochtain a fháil anois ar an áis féinseirbhíse ó 8:00 r.n. go 10:00 i.n., 365 lá sa bhliain.

Ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i mBealach an Doirín, dúirt an tAire Calleary TD:

"Is mór an onóir dom seasamh anseo i mBealach an Doirín tráthnóna chun athoscailt na leabharlainne iontach seo a cheiliúradh agus chun sprioc stairiúil a bhaint amach do Leabharlanna Ros Comáin. Tá Teach Uí Dhiolúin fite fuaite le stair pholaitiúil agus chultúir na hÉireann. Trí leabharlann nua-aimseartha a chur san fhoirgneamh iomráiteach seo atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, táimid ag caomhnú ár n-oidhreachta agus ag an am céanna ag infheistiú go díreach i dtodhchaí cheantar tuaithe na hÉireann.

"Cuid de scéal i bhfad níos mó atá i gceiliúradh an tráthnóna seo. Leagtar amach fís dhána don todhchaí ar fud ár 330 brainse leabharlainne ar fud na tíre inár straitéis náisiúnta leabharlainne poiblí, ‘Is í an Leabharlann an Áit: Faisnéis, Áineas, Inspioráid’. Tá an Rialtas tiomanta go daingean d'infheistíocht a dhéanamh inár leabharlanna mar thiománaithe athnuachana tuaithe, foghlama ar feadh an tsaoil, cuimsiú digiteach, agus folláine pobail".

Agus fáilte á cur aige roimh sheoladh na seirbhíse lasmuigh d’uaireanta oibre leathnaithe, dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD:

“Molaim Comhairle Chontae Ros Comáin agus foireann thiomanta na leabharlainne as a gcuid oibre crua agus a dtiomantas chun an tsaoráid iontach seo a athchóiríodh a sheachadadh don bhaile. Déanfaidh tabhairt isteach sheirbhís 'Mo Leabharlann Oscailte' athrú mór do phobail thuaithe cosúil le Bealach an Doirín. Tugann sé solúbthacht d’oibrithe, do chomaitéirí, do mhic léinn agus do theaghlaigh, ag soláthar spás poiblí te agus fáilteach atá saor in aisce agus oscailte do chách.

"Trí roghanna féinseirbhíse uathoibrithe a sholáthar 365 lá sa bhliain, táimid ag cinntiú go seachadtar na háiseanna poiblí is fearr a oireann do shaol laethúil gnóthach daoine seachas iallach a chur orthu oiriúnú do na huaireanta oibriúcháin traidisiúnta. Tá an maoiniú caipitil seo mar bhonn agus taca ag ár straitéis chun a chinntiú go bhfreastalaíonn bonneagar áitiúil go díreach ar riachtanais bhunúsacha ár bpobal”.

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Chontae Ros Comáin, Chris Flynn:

"Tá Comhairle Chontae Ros Comáin tiomanta go mór d'infheistíocht a dhéanamh inár bpobail áitiúla agus do thacú le tionscnaimh ina neartaítear acmhainneacht, cuimsiú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Cinntítear sa dearadh ailtireachta agus san athchóiriú tuisceanach seo go bhfuil Leabharlann Bhealach an Doirín inrochtana go hiomlán do chách.

"Le codanna idirghníomhacha tiomnaithe do leanaí, limistéar saincheaptha do dhaoine óga, Wi-Fi ardluais saor in aisce, agus spás cruinnithe pobail ildánach, cuirtear acmhainn ilfheidhmeach den scoth ar fáil don bhaile. Cinntíonn comhtháthú na teicneolaíochta rialaithe rochtana speisialaithe go bhfuil rochtain ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar spásanna leabharlainne le linn uaireanta gan fhoireann. Molaim ár bhfoireann leabharlainne, ár gcomhpháirtithe dearaidh, agus muintir Bhealach an Doirín a bhfuil a spiorad pobail bríomhar mar chroílár agus mar anam na saoráide iontach seo".

Chomh maith leis sin, ar a chuairt ar Ros Comáin, thug an tAire Calleary cuairt ar Chaisleán an Riabhaigh chun féachaint ar fheabhsuithe a rinneadh ar Linn Snámha Chaisleán an Riabhaigh a bhuí le Maoiniú Aitheantais Pobail €73,000. I measc na n-oibreacha a críochnaíodh tá tógáil cithfholcadáin lasmuigh, seomra foirne agus clúdaigh linn snámha inslithe. Agus é i gCaisleán Riabhach, thug an tAire Calleary cuairt ar ‘An Mol’ a bhfuair maoiniú beagnach €50,000 faoi CLÁR chun ardaitheoir a shuiteáil chun inrochtaineacht ar an gcéad urlár den fhoirgneamh pobail seo a fheabhsú.

Nótaí don Eagarthóir

Áthchóiriú Leabharlann Bhealach an Doirín

Osclaíodh Leabharlann Bhealach an Doirín ar urlár na talún de Theach Uí Dhiolúin i mí Iúil 2001. Tar éis dúnadh sealadach le haghaidh uasghráduithe fairsinge struchtúracha, meicniúla, leictreacha agus inslithe, thosaigh an leabharlann ag feidhmiú arís ar an 31 Iúil 2025 roimh oscailt oifigiúil na hoíche anocht agus seoladh na seirbhíse lasmuigh d'uaireanta oibre.

Cuireadh áis den chéad scoth san fhoirgneamh stairiúil, ag tairiscint réimse áiseanna nua-aimseartha a dearadh chun freastal ar dhaoine de gach aois. Tá na nithe seo a leanas sa leabharlann a athchóiríodh:

  • Limistéar fairsing do pháistí le suíocháin tiomnaithe
  • Limistéar nua do dhéagóirí atá lán le mangaí agus úrscéalta grafacha
  • Wi-Fi ardluais saor in aisce
  • Bealaí isteach agus amach atá go hiomlán inrochtana
  • Seomra folctha inrochtana
  • Áiseanna friothála ar naíonáin
  • Priontáil gan sreang
  • Táibléid le hiasacht
  • Spásanna staidéir
  • Limistéar léitheoireachta fóillíochta
  • Seomra cruinnithe pobail

Taispeántar sa tionscadal athchóirithe saothar ealaíne uathúil ón ealaíontóir as Ros Comáin, Annmarie Murray, a cruthaíodh go sonrach do chodanna na bpáistí agus na ndaoine óga.

Ina theannta sin, tugadh isteach insliú inmheánach discréideach agus uasghrádú cuimsitheach téimh ar fud na dtrí urlár, rud a fheabhsaigh éifeachtúlacht fuinnimh go suntasach gan cur isteach ar charachtar ailtireachta. Bhí rochtain chuimsitheach lárnach don chur chuige dearaidh, le comhtháthú iontrála féinseirbhíse atá inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí chuig spásanna leabharlainne agus an seomra cruinnithe trí theicneolaíocht rialaithe rochtana speisialaithe Mo Leabharlann Oscailte.

I measc na bhfeabhsuithe breise bhí bailchríocha urláir nua, córais mheicniúla agus leictreacha uasghrádaithe, athsholáthar roghnach doirse agus fuinneoga inmheánacha agus seachtracha, agus athchumrú spriocdhírithe ar leibhéal na talún chun tacú le húsáid chomhaimseartha na leabharlainne.

Sna hoibreacha seachtracha, chuathas i ngleic le hailíniú cosán, feabhsuithe ar an mbealach isteach cúil, agus uasghráduithe ar an líonra draenála uisce dromchla, mar aon le sraith feabhsuithe sábháilteachta dóiteáin chun a chinntiú go gcomhlíontar go hiomlán na caighdeáin reatha.

Seirbhís Mo Leabharlann Oscailte

Soláthraítear i dtionscnamh 'Mo Leabharlann Oscailte' rochtain féinseirbhíse uathoibrithe ar áiseanna leabharlainne ó 8:00 r.n. go 10:00 i.n., 365 lá sa bhliain. Comhlánaíonn sé uaireanta rialta foirne, rud a ligeann do bhaill leabhair a fháil ar iasacht, ríomhairí a úsáid, priontáil, staidéar a dhéanamh, nó cruinnithe pobail a reáchtáil ag amanna a oireann dá sceidil laethúla. Is é Bealach an Doirín an chéad bhrainse leabharlainne a chuireann an tseirbhís ar fáil i gContae Ros Comáin, rud a fhágann go bhfuil 61 brainse leabharlainne oscailte ann go dtí seo.

Straitéis na Leabharlann Poiblí - ‘Is í an Leabharlann an Áit’

Seoladh straitéis náisiúnta na leabharlann poiblí, ‘Is í an Leabharlann an Áit’, i mí Iúil 2023 agus d’fhorbair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta í i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach agus údaráis áitiúla.

Is plean 5 bliana é do thréimhse 2023-2027 ina leagtar amach an comhthéacs straitéiseach le haghaidh tuilleadh infheistíochta i mbonneagar, teicneolaíocht, cláir agus seirbhísí leabharlainne. Dréachtaíodh an straitéis tar éis próiseas comhairliúcháin fairsing lena n-áirítear comhairliúchán poiblí a raibh 2,993 ceistneoir mar thoradh air, grúpaí fócais le breis agus 300 ball foirne leabharlann, grúpaí fócais breise le grúpaí geallsealbhóirí tábhachtacha agus agallaimh agus ceardlanna le páirtithe leasmhara tábhachtacha.

Tá trí théama fhorleathana sa straitéis – Daoine, Spásanna agus Naisc. Tá thart ar 66 ghníomh straitéiseach liostaithe faoi naoi gcuspóir straitéiseacha agus trí chumasóir. Seo a leanas cuid de na gníomhartha sonracha chun iad seo a chur i gcrích:

  • Clár Caipitil Leabharlann nua le forbairt
  • Foirgnimh nua leabharlainne chun tacú le pleananna gníomhaíochta aeráide na n-údarás áitiúil
  • Aistriú chuig feithiclí leabharlainne hibrideacha, hidrigine nó leictreacha
  • Méadú ar líon úsáideoirí gníomhacha leabharlainne agus ar líon na gcuairteoirí
  • Lá oscailte bliantúil nua do leabharlanna poiblí náisiúnta
  • Forbairt líonra le tíortha piaraí Eorpacha chun dea-chleachtas a roinnt/a mhalartú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat