An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Leabharlann Phobail Bhaile Mhic Andáin oscailte go hoifigiúil ag an Aire Calleary
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Foirgneamh leabharlainne den chéad scoth tugtha i gcrích trí mhaoiniú CAFT de bhreis is €4 milliún i mBaile Mhic Andáin
- Bhí an tAire Calleary i gceannas ar roinnt oscailtí oifigiúla le linn a chuairte ar Cho. Cheatharlach agus Co. Chill Chainnigh, le hinfheistíocht de bhreis is €5 milliún ar an iomlán
Inniu (Déardaoin, 23 Iúil 2026) d’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Leabharlann Phobail nua Bhaile Mhic Andáin, agus thug cuairt ar roinnt tionscadal athghiniúna agus pobail a fuair tacaíocht ón Roinn ar fud chontaetha Chill Chainnigh agus Cheatharlach.
Le tacaíocht mhaoinithe de bhreis is €4 milliún ón Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT), is áis den chéad scoth í an leabharlann nua ina bhfuil spásanna ar leith do dhaoine fásta, leanaí agus déagóirí, spásanna TFC agus digiteacha le rochtain ar phriontáil 3D, agus spásanna pobail i gcomhair ceardlann agus ranganna le linn na bliana.
Agus é ag labhairt ag an oscailt i mBaile Mhic Andáin, dúirt an tAire:
“Is pléisiúr é leabharlann phobail úrscothach nua Bhaile Mhic Andáin a oscailt go hoifigiúil agus cloch míle tábhachtach eile in athbheochan an bhaile bhríomhair seo a fheiceáil.
“Is lárnach an ról atá ag ár leabharlanna poiblí sa phobal – cuireann siad spás oideachasúil sábháilte fáilteacha ar fáil do dhaoine de gach aois. Le hathbheochan Bhaile Mhic Andáin tríd an leabharlann agus spás pobail nua seo a chruthú i lár an bhaile, beidh Seirbhís Leabharlainne Chill Chainnigh in ann breis buntáistí suntasacha cultúrtha, oideachasúla agus sóisialta a chur ar fáil agus deiseanna nua a thabhairt don phobal, anois agus do na glúnta atá le teacht.”
Níos luaithe sa lá, thug an tAire Calleary cuairt ar an Tulach chun breathnú ar oibreacha feabhsúcháin baile a fuair tacaíocht faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte (SABS). D’fhaomh an Roinn maoiniú de bheagnach €366,000 chun tacú le hathbheochan bhaile na Tulaí trí fheabhsúcháin ar an láthair chonláistí cois abhann agus ar Thobar agus Gairdín Bithéagsúlachta Naomh Aibhistín, trí chomharthaíocht a chur ar fáil, trí chonair oidhreachta fhíorúil, agus trí scéim péinteála.
Ina dhiaidh sin, thug an tAire Calleary cuairt ar Chluain na nGall, inar ceadaíodh maoiniú SABS de €99,000 chun tacú le tionscadal feabhsúcháin an tsráidbhaile. San áireamh leis seo bhí scéim péinteála, comharthaíocht fheabhsaithe, uasghráduithe ar an Ionad Oidhreachta agus feabhsúcháin ar Pháirc Shlí Chill Mhantáin.
Ar an Charraig Dhubh, d’oscail an tAire Calleary an clós súgartha nua athchóirithe a tugadh i gcrích le maoiniú SABS de €250,000. Bhí an maoiniú seo ina thacaíocht chun láthair súgartha nua mhéadaithe a chruthú le trealamh nua-aimseartha inrochtana ionchuimsithe ar féidir leis an phobal sult a bhaint as.
Agus é ag labhairt ar an Charraig Dhubh, dúirt an tAire Calleary:
“Tá deiseanna á gcruthú leis an gclós súgartha nua seo – do pháistí chun súgradh go sábháilte, do theaghlaigh chun am a chaitheamh le chéile, do dhaoine de gach aois agus cumas chun a bheith gníomhach, agus don phobal i gcoitinne chun ceangal le chéile agus teacht faoi bhláth.”
Agus é ag leanúint lena chuairt i dTigh Moling, bhreathnaigh an tAire Calleary ar an tionscadal feabhsúcháin sráidbhaile, lena n-áirítear uasghráduithe sa réimse phoiblí, feabhsúcháin ar chosáin i bPáirc na nOilithreach, scéim péinteála agus treochomharthaíocht. Ceadaíodh maoiniú SABS de €117,000 chun tacú leis an tionscadal seo.
Ag leanúint leis go Co. Chill Chainnigh, d’oscail an tAire Calleary an Mol agus Clós Súgartha Idirghlúine Lasmuigh, dár tugadh maoiniú faoi SABS agus LEADER, go hoifigiúil. Tacaíodh le forbairt moil gníomhaíochta idirghlúine lasmuigh i lár Ghabhráin le maoiniú €250,000 tríd an SABS agus €100,000 i maoiniú LEADER. Dearfar an tsaoráid chun go mbeidh daoine de gach aois in ann teacht le chéile, aclaíocht a dhéanamh agus imirt i dtimpeallacht ionchuimsithe spreagúil shábháilte.
Agus é ag oscailt an chlóis súgartha, dúirt an tAire Calleary:
“Ar feadh blianta fada ní raibh clós súgartha nó láthair spóirt ar leith ar bith i nGabhrán a mbeadh teaghlaigh, páistí agus cónaitheoirí níos sine in ann sult a bhaint as. Bhí ar dhaoine taisteal amach ón bhaile chun úsáid a bhaint as saoráidí fóillíochta, arb iad an gnáthrud san iliomad pobal eile.
“Inniu, tá athrú tagtha air sin. Agus mé ag seasamh anseo inniu, is deacair an rud é a shamhlú gurbh fhásach é seo tráth, iarshuíomh dumpála a ligeadh i bhfaillí ar feadh tamall fada. Anois tá spás pobail bríomhar fáilteach inrochtana agaibh, ar féidir le muintir Ghabhráin a bheith an-bhródúil as.”
Nótaí d’Eagarthóirí
An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF)
Is mórthionscadal infheistíochta caipitil é an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT) a bhfuil mar aidhm aige tacú le tionscadail mhóra uaillmhianacha lenar féidir forbairt eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach i gceantair thuaithe, lena dtacófar go díreach le cuspóirí Ár dTodhchaí Thuaithe agus bheartas Tús Áite do Lár an Bhaile.
Ó bunaíodh an CAFT in 2018, ceadaíodh maoiniú de bhreis is €610 milliún i gcomhair 270 tionscadal ar fud na tíre, lena n-áirítear breis is €11.7 milliún a leithdháileadh ar 9 dtionscadal suite ar fud Cho. Chill Chainnigh.
An Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte
Tá an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte (SABS) ar cheann de roinnt beart a dearadh chun bailte agus sráidbhailte na hÉireann a athbheochan. Ó 2016 i leith, leithdháileadh breis is €210 milliún chun tacú le breis is 1,900 tionscadal a thabhairt i gcrích ar fud na tíre. Amach astu seo, leithdháileadh maoiniú SABS de bhreis is €8 milliún ar Chomhairle Contae Cheatharlach i gcomhair 80 tionscadal agus leithdháileadh maoiniú SABS de bhreis is €7.6 milliún ar Chomhairle Contae Chill Chainnigh i gcomhair 68 dtionscadal.
Straitéis Náisiúnta na Leabharlann Poiblí
Seoladh straitéis náisiúnta na leabharlann poiblí, ‘Is í an Leabharlann an Áit’, i mí Iúil 2023. Is plean 5-bliana é don tréimhse 2023-2027 ina leagtar amach an comhthéacs straitéiseach i gcomhair tuilleadh infheistíochta in infreastruchtúr, teicneolaíocht, cláir agus seirbhísí leabharlainne.
Fógraíodh maoiniú de €3m i gcomhair infheistíocht chaipitil spriocdhírithe ar scála beag i leabharlanna poiblí an 26ú Iúil 2026. Tacóidh an infheistíocht seo le leabharlanna poiblí trí cheithre phríomhbheart: trealamh céadfach; uasghráduithe inrochtaineachta; feabhsúcháin TFC agus luas leathanbhanda; agus uasghrádú ar throscán agus trealamh.