An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
€125,479 ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile i nGaeltacht Mhaigh Eo
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Baineann an deontas atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga le obair riachtanach don díon ar Halla Naomh Breandáin
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil deontas ar fiú €125,479 ceadaithe aige don Chomharchumann seo chun díon nua a chur ar Halla Naomh Breandáin, Eachléim.
Tá an halla seo ina áis ríthábhachtach don cheantar, le go leor grúpaí éagsúla ag baint úsáid as ar nós Coláiste Uisce, Club Óige na hEachléime, Foróige, Club Iomartha An Fhóid Dhubh, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gaeilge Iorrais, campaí samhraidh, an scoil náisiúnta agus an naíonra áitiúil ina measc.
Ag fógairt an deontais inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá obair mhór á dhéanamh ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile ar son na Gaeilge sa cheantar agus in LPT Maigh Eo Thuaidh agus cuirfidh an obair riachtanach seo go mór le sábháilteacht agus le hinmharthanacht an halla mar áis don phobal.
“Cuireann sé gliondar orm bheith ábalta tacú le tograí i mo chontae Gaeltachta féin agus tá mé tiomanta mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tacú le pobail sna Gaeltachtaí ar fad áiseanna maithe a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal.
“Is áis thábhachtach pobail é an halla seo ar an Eachléim agus tá sé ríthábhachtach don phróiseas pleanála teanga go mbíonn áiseanna nua-aimseartha, sábháilte agus inmharthana ar fáil go háitiúil sna ceantair Ghaeltachta.
“Is chuige sin atá an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ar fáil agus tá mé sásta go raibh sé de chumas agam an togra a mhaoiniú faoin chlár sin.”
Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais faoin gclár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)