An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Seolann an tAire Jack Chambers agus an tAire Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil 2025 ar Chlár an Rialtais um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cuirtear anailís mhionsonraithe ar fáil sa tuarascáil maidir le tairbhithe an chláir, na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil agus an dul chun cinn a rinneadh in 2025
Inniu, Déardaoin, an 10 Meán Fómhair, tháinig an tAire Jack Chambers T.D., an tAire Caiteachais Phoiblí, Infreastruchtúir, Athchóiriú agus Digitiú na Seirbhíse Poiblí, i gcomhar leis an Aire Stáit Jerry Buttimer T.D., a bhfuil freagracht air as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, chun Tuarascáil Bhliantúil 2025 ar an gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail a sheoladh i dTeach Dhíolúin, i gCúil Mhín, Baile Átha Cliath 15.
Déanann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Ciste Sóisialta na hEorpa + cómhaoiniú ar an gClár faoin gClár um Fhostaíocht, Cuimsiú, Scileanna agus Oiliúint 2021 – 2027.
Is é príomhchuspóir an Chláir ná cáilíocht na beatha a fheabhsú dóibh siúd atá thíos leis an eisiamh sóisialta agus leis an éagothroime, trí thacaíocht a thabhairt do phobail agus do dhaoine aonair trí úsáid a bhaint as cur chuige forbartha pobail, rannpháirtíocht agus comhoibriú.
I dTuarascáil Bhliantúil 2025 ar an gClár, leagtar béim ar thionchar an chláir reatha, a bhfuil fócas athnuaite aige ar dhíriú ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste i sochaí na hÉireann.
Chun tacú leis seo, dírítear acmhainní ar leibhéal áitiúil bunaithe ar riachtanais áitiúla agus ar eolas áitiúil. Faoi dheireadh na bliana 2025, sáraíodh príomhtháscairí feidhmíochta an chláir faoi 22%, rud a léiríonn an tionchar láidir a bhí ag an gClár i measc pobal agus daoine aonair atá imeallaithe.
Sa bhliain 2025, fuair 3,097 grúpa pobail áitiúil agus 33,714 duine aonair tacaíocht ón gClár, agus tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine a ghlac páirt ann den chéad uair.
Admhaítear sa tuarascáil freisin an ról atá ag na Coistí Áitiúla Forbartha Pobail, ag na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla, ag grúpaí pobail áitiúla agus ag oibrithe deonacha a thacaíonn le cur i bhfeidhm an Chláir ar leibhéal an chontae agus ar leibhéal áitiúil.
Agus an tuarascáil á seoladh aige, dúirt an tAire Jack Chambers:
“Mar phríomhchlár an rialtais um chuimsiú sóisialta, soláthraíonn an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail seirbhísí ríthábhachtacha chun an bhochtaineacht a laghdú agus chun dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta agus leis an imeallú a bhíonn i gceist do ghrúpaí agus do dhaoine aonair ar fud na tíre. Is pribhléid é a bheith in ann bliain iontach eile de chur i bhfeidhm an Chláir a cheiliúradh anseo inniu.
“I gcásanna nach mbíonn baint ag daoine agus ag grúpaí le tacaíochtaí príomhshrutha, cuirtear bealach ar fáil sa Chlár do na daoine agus do na grúpaí imeallaithe sin chun páirt a ghlacadh ina bpobal áitiúil agus i bhforbairt an phobail sin.
“Léirítear go soiléir sna staitisticí i dTuarascáil Bhliantúil Chlár 2025, a foilsíodh inniu, na tacaíochtaí ríthábhachtacha a chuireann an Clár seo ar fáil do go leor pobal ar fud na tíre.”
Dúirt an tAire Buttimer:
“Déantar obair ríthábhachtach sa Chlár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail chun cabhrú le daoine aonair agus le grúpaí, trí dheiseanna saoil a fheabhsú dóibh siúd atá imeallaithe sa tsochaí, atá bocht nó atá dífhostaithe. Tá an fhianaise láidir ar thionchar an Chláir le feiceáil sna staitisticí a foilsíodh sa Tuarascáil Bhliantúil. Tá an Clár tar éis dul thar na príomhtháscairí feidhmíochta don bhliain faoi 22%, agus níl aon amhras orm ach go leanfaidh an Clár ag tógáil ar an bhfuinneamh dearfach seo.
“Go deimhin, tá 15 oibrí de chuid an Chláir lonnaithe anseo i dTeach Dhíolúin ag eagraíocht ‘Empower’ — atá ag óstáil an imeachta inniu — agus iad ag soláthar seirbhísí an Chláir do suas le 400 duine gach seachtain san ionad seo amháin.”
Ag leanúint ar aghaidh leis, dúirt an tAire Buttimer:
“Tá an-áthas orm go bhfuil an tAire Chambers in éineacht liom inniu chun tuarascáil bhliantúil an Chláir a sheoladh agus chun cabhrú le feasacht a mhúscailt faoi obair thábhachtach an Chláir.
“Tá tacaíocht leanúnach á tabhairt ag an Aire Chambers, agus ag an Rialtas ina iomláine, don Chlár, agus aithníonn siad an ról tábhachtach atá aige i bpobail ar fud na hÉireann. Táim ag tnúth leis an tacaíocht sin d’obair ríthábhachtach an Chláir a leanúint.”
Dúirt Anna Shakespeare, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pobal:
“Cuirimid fáilte roimh sheoladh Thuarascáil Bhliantúil an Chláir um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail 2025 inniu; léirítear inti gur fhaigh breis agus 33,700 duine imeallaithe níos mó ná 125,000 cineál tacaíochta in 2025. Díobh siúd, chríochnaigh breis agus 16,500 acu cúrsa, d’éirigh le 2,838 acu post a fháil agus bhunaigh 1,546 acu a ngnó féin.”
Foilsíodh an Tuarascáil don imeacht seo anseo.
Nótaí don Eagarthóir
An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail
Is clár náisiúnta é seo do thréimhse 2024-2028, a chómhaoiníonn Clár Fostaíochta, Cuimsithe, Scileanna agus Oiliúna (ÉIST) 2021-2027 Chiste Sóisialta na hEorpa +. Cuireann Cuideachtaí Forbartha Áitiúla an clár ar fáil i ngach pobal in Éirinn, ag baint úsáide as cur chuige forbartha pobail chun cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar. Oibrítear le daoine aonair agus le grúpaí, ag neartú pobal agus ag feabhsú caighdeán maireachtála na ndaoine atá i mbaol eisiamh sóisialta agus éagothroime.
Cuireadh tús leis an leagan reatha den Chlár ar an 1 Eanáir 2024.
Oibríonn Pobal thar ceann an Rialtais chun tacú le pobail agus le gníomhaireachtaí áitiúla agus iad ag iarraidh cuimsiú sóisialta agus forbartha a bhaint amach.
Is í fís Pobal ná sochaí chomhionann agus chuimsitheach a chruthú i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas agus le pobail.
Is é ról Pobal ná seirbhísí bainistíochta agus tacaíochta a sholáthar do 38 gclár sna réimsí seo a leanas: Cuimsiú Sóisialta agus Comhionannas; Fostaíocht agus Fiontraíocht Chuimsitheach; agus Luathbhlianta agus Daoine Óga. Riaraimid na cláir seo thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Coimirce Sóisialaí; chomh maith leis an Roinn Sláinte/FSS, an Roinn Dlí agus Cirt, agus roinnt comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh www.pobal.ie.