An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Maoiniú de €27.8 milliún don earnáil phobail agus dheonach fógartha ag na hAirí Buttimer agus Calleary
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Croíchistiú ilbhliantúil á chur ar fáil faoin Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta 2026-2029
- Maoineofar 92 eagraíocht náisiúnta phobail agus dheonacha faoin Scéim
- Bronnfar €27.8 milliún thar trí bliana go leith
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer, agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, go mbronnfar maoiniú de €27.8 milliún ar 92 eagraíocht náisiúnta phobail agus dheonacha sna 3 bliana go leith amach romhainn.
Is faoi bhabhta nua den Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta (STEN) atá an maoiniú, agus mairfidh sé go deireadh 2029.
Le breis is €8 milliún in aghaidh na bliana, tá méadú de bheagnach €1 milliún sa bhliain tagtha ar an mhaoiniú i gcomparáid leis an leagan dheireanach den STEN.
Tá níos mó eagraíochtaí á maoiniú sa bhabhta nua seo freisin, le 92 eagraíocht fógartha inniu, i gcomparáid le 82 eagraíocht ar bronnadh maoiniú orthu faoi scéim 2022-2026.
Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Buttimer:
“Is cúis áthais dom na 92 Eagraíocht náisiúnta Phobail agus Dheonacha rathúla a fhógairt, dá dtabharfar maoiniú de bheagnach €28 milliún. Is ar feadh tréimhse 3 bliana go leith a mhairfidh an maoiniú seo, chun gur féidir le heagraíochtaí pleanáil i gcomhair creat ama níos inbhuanaithe.”
Cuireadh fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail agus deonacha a fheidhmíonn ar an leibhéal náisiúnta. Luaigh na hAirí go raibh ardchaighdeán ar fad ar na hiarratais ar an scéim.
In éineacht leis sin, dúirt an tAire Buttimer:
“Ba phróiseas fíor-iomaíoch é seo, inar fuarthas breis is 200 iarratas ó eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil go náisiúnta. Rachaidh an maoiniú seo chun tairbhe eagraíochtaí a fheidhmíonn san iliomad réimsí san earnáil phobail agus dheonach, cosúil le sláinte, easpa dídine, leanaí agus daoine óga, daoine níos sine, earnálacha an chomhionannais agus an ionchuimsithe sóisialta, agus go leor eile.”
Dúirt an tAire Calleary:
“Táim sásta an maoiniú suntasach seo a fhógairt do na 92 Eagraíocht náisiúnta Phobail agus Dheonacha. Aithníonn an Rialtas seo luach na hoibre atá á déanamh ag na heagraíochtaí náisiúnta deonacha seo. Is ríthábhachtach an obair atá na heagraíochtaí náisiúnta seo ag déanamh do phobail ar fud na tíre.
“Déanfaidh an Rialtas beagnach €28 milliún a infheistiú sna trí bliana go leith amach romhainn faoin tionscnamh seo agus tá muinín agam go mbeidh an infheistíocht seo ina buntáiste do na pobail siúd a bhaineann tairbhe as an obair a dhéanann na grúpaí seo”.
Nótaí don Eagarthóir
Eagraíochtaí á maoiniú faoin STEN 2026-2029
|
Eagraíocht |
Maoiniú a Bronnadh |
|
Active Retirement Network Ireland |
€315,000.00 |
|
Age Action Ireland Company Limited By Guarantee |
€314,742.34 |
|
Aiseiri Cahir Company Limited By Guarantee |
€315,000.00 |
|
Akina Dada Wa Africa CLG |
€299,250.00 |
|
€315,000.00 |
|
|
Arthritis Ireland |
€299,250.00 |
|
Aware |
€314,860.00 |
|
Barnardos - Republic of Ireland CLG |
€314,413.00 |
|
Belong to Youth Services |
€314,990.00 |
|
Brainwave – The Irish Epilepsy Association |
€314,831.50 |
|
Breaking Through Company Limited By Guarantee |
€315,000.00 |
|
Cancer Fund For Children Ireland |
€271,582.63 |
|
Care After Prison |
€313,700.00 |
|
Care Alliance Ireland |
€315,000.00 |
|
Carmichael Centre for Voluntary Groups |
€315,000.00 |
|
€315,000.00 |
|
|
Cherish Company Limited By Guarantee |
€315,000.00 |
|
Childhood Cancer Foundation |
€283,857.84 |
|
Children In Hospital Ireland |
€315,000.00 |
|
Children's Rights Alliance - Republic of Ireland |
€314,422.13 |
|
Chronic Pain Ireland Company Limited By Guarantee |
€232,295.78 |
|
Community Workers Company Limited By Guarantee |
€314,982.12 |
|
€270,000.00 |
|
|
Cónaidhm na hÉireann um Míchumas |
€302,387.13 |
|
Down Syndrome Ireland |
€315,000.00 |
|
Dyslexia Ireland |
€313,848.02 |
|
Embrace FARM Company Limited By Guarantee |
€307,216.15 |
|
EPIC Empowering People In Care |
€299,895.89 |
|
€315,000.00 |
|
|
€315,000.00 |
|
|
Family Carers Ireland |
€312,853.00 |
|
Focus Ireland Company Limited By Guarantee |
€313,464.00 |
|
Foodcloud |
€315,000.00 |
|
€308,693.72 |
|
|
Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce |
€314,856.50 |
|
Grow in Ireland |
€314,499.35 |
|
€299,250.00 |
|
|
HIV Ireland |
€238,356.90 |
|
I.W.A. Company Limited By Guarantee |
€313,145.00 |
|
An Chomhairle um Inimircigh in Éirinn |
€315,000.00 |
|
€314,643.20 |
|
|
Irish Association for Palliative Care |
€314,527.06 |
|
Irish Council for Social Housing |
€142,196.89 |
|
€314,786.00 |
|
|
Irish Foster Care Association |
€314,999.35 |
|
€297,766.10 |
|
|
€315,000.00 |
|
|
Irish Penal Reform Trust |
€314,983.08 |
|
Cros Dhearg na hÉireann |
€313,722.20 |
|
Irish Refugee Council Company Limited By Guarantee |
€314,754.00 |
|
Irish Rural Link Co-Operative Society Limited |
€314,793.97 |
|
€298,955.50 |
|
|
Cumann Stadaireachta na hÉireann |
€314,993.55 |
|
Cumann na hÉireann maidir le Bás Tobann Naíonán |
€314,969.35 |
|
€315,000.00 |
|
|
€315,000.00 |
|
|
M.O.V.E. Ireland |
€315,000.00 |
|
Mental Health Reform |
€315,000.00 |
|
€314,896.00 |
|
|
€313,648.36 |
|
|
Nasc, the Migrant and Refugee Rights Centre |
€314,861.19 |
|
€288,314.61 |
|
|
Comhairle Náisiúnta na mBan |
€314,995.06 |
|
Comhairle Náisiúnta na nÓg |
€314,973.00 |
|
€315,000.00 |
|
|
€314,994.03 |
|
|
Parents Plus Company Limited By Guarantee |
€315,000.00 |
|
Polio Survivors Ireland |
€294,951.10 |
|
€314,988.23 |
|
|
ROTHA |
€315,000.00 |
|
€315,000.00 |
|
|
Sensational Kids Company Limited By Guarantee |
€299,249.99 |
|
Clanna Shíomóin na hÉireann |
€314,895.87 |
|
€315,000.00 |
|
|
€314,999.68 |
|
|
€311,920.65 |
|
|
Spinal Injuries Ireland |
€314,998.00 |
|
€293,076.17 |
|
|
Spunout Company Limited by Guarantee |
€314,718.00 |
|
Suicide Or Survive |
€306,622.98 |
|
TASC Europe Studies Company Limited by Guarantee |
€313,212.98 |
|
€299,250.00 |
|
|
The Irish Hospice Foundation |
€314,997.20 |
|
The Irish Youth Foundation |
€178,031.24 |
|
Cumann Scléaróise Iolraí na hÉireann |
€314,819.82 |
|
The Neurofibromatosis Association of Ireland CLG |
€186,494.50 |
|
The Shanty Educational Project CLG |
€268,457.14 |
|
Threshold |
€315,000.00 |
|
€229,720.00 |
|
|
Volunteering Ireland |
€269,059.00 |
|
Women’s Aid Company Limited By Guarantee |
€315,000.00 |
|
Young Social Innovators |
€315,000.00 |