Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Calleary agus Buttimer maoiniú níos mó ná €1.6 mhilliún do Chumann Naomh Uinseann de Pól agus Protestant Aid

  • Maoiniú leanúnach chun tacú le Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Protestant Aid, d’fhonn a chinntiú go leanfar leis na tacaíochtaí luachmhara a chuireann siad ar fáil
  • Tacú le rochtain ar sheirbhísí agus ar acmhainní riachtanacha – lena n-áirítear bia, oideachas, riachtanais tí agus cúnamh éigeandála i gcás cruatain – dóibh siúd is mó atá i ngátar

Inniu (Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit, Jerry Buttimer TD, maoiniú níos mó ná €1.6 mhilliún do Chumann Naomh Uinseann de Pól agus do Protestant Aid.

Gheobhaidh Cumann Naomh Uinseann de Pól maoiniú dar luach €1.41 milliún, agus gheobhaidh Protestant Aid €250,000.

Dúirt an tAire Calleary:

“Táimid bródúil as tacú le Cumann Naomh Uinseann de Pól agus iad ag soláthar tacaíochtaí ríthábhachtacha – maidir le bia, oideachas, deacrachtaí agus riachtanais tí – dóibh siúd is mó atá i ngátar. Le breis agus 11,000 oibrí deonach ar fud na hÉireann, sroicheann an Cumann na céadta míle duine gach bliain, ag tairiscint cúnamh praiticiúil, dínit agus dóchais i bpobail ar fud na tíre.

“Maidir le Cumann Naomh Uinseann de Pól, cabhróidh an maoiniú seo lena chinntiú go leanfar dá gcuid seirbhísí a thacaíonn le daoine aonair agus le teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht ar fud na hÉireann.

“Táimid bródúil as tacú le Protestant Aid chomh maith; is carthanacht í seo atá ag cabhrú le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus le cruatan in Éirinn ó 1836 i leith – le breis agus 190 bliain anuas. Cabhróidh an maoiniú seo le cúnamh airgeadais riachtanach agus tacaíochtaí oideachais a sholáthar, chomh maith le cineálacha eile tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh nuair is mó a bhíonn siad ag teastáil uathu.

“Tríd an maoiniú seo a chur ar fáil, cinntíonn an Rialtas gur féidir le Cumann Naomh Uinseann de Pól agus le Protestant Aid leanúint de bheith ag soláthar riachtanais ríthábhachtacha – amhail tacaíocht bia, cúnamh tí agus oideachais, agus tacaíocht fuinnimh agus breosla – dóibh siúd is mó atá i ngátar.

“Is léiriú é fad saoil agus fás an chórais mhaoinithe seo, i mo thuairimse, ar an obair den chéad scoth a dhéanann Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Protestant Aid araon chun tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an gcruatan. Léirítear san infheistíocht leanúnach sna heagraíochtaí seo go n-aithníonn an Rialtas an ról ríthábhachtach atá acu maidir le seirbhísí iontaofa pobalbhunaithe a sholáthar a fhreagraíonn do riachtanais láithreacha agus do dhúshláin fhadtéarmacha araon.”

Dúirt an tAire Buttimer:

“Is léiriú soiléir é an infheistíocht leanúnach i gCumann Naomh Uinseann de Pól agus in Protestant Aid ar an ról fíorthábhachtach atá acu maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus tacú le pobail atá i mbaol. Cabhróidh an maoiniú seo lena chinntiú gur féidir le daoine atá i gcruachás rochtain a fháil ar an tacaíocht phraiticiúil agus ar an tacaíocht abhcóideachta a theastaíonn uathu chun maireachtáil le dínit agus le dóchas.

“Tá léargas agus taithí eagraíochtaí ar nós Chumann Naomh Uinseann de Pól agus Protestant Aid fíorluachmhar agus beartais éifeachtacha á gceapadh agus agus muid ag iarraidh dul i ngleic le bunfhréamhacha na bochtaineachta, na heaspa agus an eisiaimh shóisialta.

“Tá áthas orm go bhfuil mo Roinnse ag leanúint dá comhoibriú láidir leis an dá eagraíocht agus muid go léir ag saothrú na huaillmhéine comhroinnte atá againn chun sochaí chóir, chuimsitheach a thógáil ina mbeidh deis ag gach duine déanamh go maith.”

Dúirt Teresa Ryan, Uachtarán Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól:

"Sa deontas seo ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, leagtar béim ar luach na comhpháirtíochta idir an Rialtas agus eagraíochtaí pobail maidir le tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh atá i gcruachás. Trí phríomhobair Chumann Naomh Uinseann de Pól — cuairteanna rúnda ar thithe — téann ár n-oibrithe deonacha i dteagmháil le daoine ina n-áit féin, éisteann siad lena riachtanais, agus cuireann siad tacaíocht agus cúnamh praiticiúil ar fáil, le dínit agus le meas. Cabhróidh an maoiniú seo linn teacht ar na daoine is mó a bhfuil gá acu leis, agus ag an am céanna cabhróidh sé linn an cairdeas, an muinín agus na naisc phobail a chothú atá i gcroílár mhisean Chumann Naomh Uinseann de Pól."

Ag cur fáilte roimh an maoiniú, chomh maith, dúirt David Webb, POF Protestant Aid:

“Gabhann Protestant Aid buíochas ó chroí leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta as an tacaíocht leanúnach a thugann siad dár gcuid oibre. Cuireann an maoiniú seo ar ár gcumas cúnamh airgeadais láithreach a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh atá ag maireachtáil ar thairseach na bochtaineachta nó faoina bun; cabhraíonn sé leo freastal ar riachtanais bhunúsacha le linn tréimhsí cruatain mhóir.

“Tá ról ríthábhachtach ag tacaíocht an Rialtais maidir le cur ar ár gcumas freagairt don éileamh atá ag méadú agus teacht ar roinnt de na daoine is leochailí inár bpobail. Téann gach pingin a fhaightear go díreach chun cabhrú le daoine déileáil leis na cúinsí is deacra le dínit agus le comhbhá.

“Táimid fíorbhuíoch as an gcomhpháirtíocht seo agus as tiomantas an Rialtais tacú lenár gcuid oibre chun an bhochtaineacht a laghdú, an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, agus saol na ndaoine is mó atá i ngátar a fheabhsú.”


  • Tá Cumann Naomh Uinseann de Pól ag feidhmiú in Éirinn le breis is 180 bliain anuas agus oibríonn sé le réimse leathan daoine atá thíos le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta.
  • Is é an eagraíocht charthanachta dheonach is mó sa tír é. Feidhmíonn an Cumann ar bhealach neamhbhreithiúnach agus ar an mbonn gurb í an ghá atá ann an t-aon chritéar chun cúnamh a fháil.
  • Tá breis agus 10,000 ball agus oibrí deonach aige a bhíonn ag feidhmiú trí 1,200 Comhdháil áitiúil ar fud na tíre, agus glacann sé páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí a bhfuil na tréithe seo a leanas ag baint leo: Tacaíocht agus cairdeas, neamhspleáchas a chur chun cinn, agus oibriú ar son an cheartais shóisialta.
  • Bunaíodh Protestant Aid mar eagraíocht charthanachta breis agus 190 bliain ó shin, sa bhliain 1836, chun faoiseamh a thabhairt ón díothacht in Éirinn. Déanann Protestant Aid cóireáil chomhionann ar gach iarratas fíor ar chúnamh, beag beann ar chúlraí reiligiúnacha, eitneacha nó sóisialta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat