An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tionscnamh nua fógartha ag na hAirí Calleary, Buttimer agus Canney chun tacú le limistéir uirbeacha atá faoi mhíbhuntáiste géar
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- 15 limistéar chun maoiniú de €5m a fháil in 2026
- Maoiniú caipitil €31.5 milliún faighte chomh fada le 2030
- Béim ar spásanna poiblí a fheabhsú, tacaíocht do shláinte agus folláine agus rochtain ar oiliúint
Innu (Dé Céadaoin, 8 Iúil 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD agus an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney TD go seolfar clár nua lena maoineofar tionscnaimh sna limistéir uirbeacha is mó atá faoi mhíbhuntáiste.
Seasann an clár nua – SÍOL, nó ‘Seed’ i mBéarla – do Scéim Infheistíochta ag Obair Le Chéile, arb é an t-aistriúchán Béarla atá ar sin ná ‘the Working Together Investment Scheme’.
Dearadh clár SÍOL chun tionscadail a thabhairt i gcrích lena bhfeabhsófar spásanna poiblí agus lena dtacaítear le sláinte, folláine agus sábháilteacht phobail. Tabharfaidh sé rochtain ar oideachas agus oiliúint dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gcuid de na limistéir uirbeacha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.
Fuarthas maoiniú €31.5 milliún chomh fada le 2030 sa Phlean Forbartha Náisiúnta chun go leanfar le seachadadh fadtéarmach an chláir. Fógraíodh €5 milliún inniu chun tacú le 15 limistéar in 2026, a bhfuil 9 limistéar acu suite i gcathracha.
Agus an clár nua á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Is cúis áthais dom clár nua SÍOL a fhógairt inniu, a bheidh mar bhonn daingean leis an infheistíocht spriocdhírithe leanúnach sna limistéir uirbeacha atá faoin mhíbhuntáiste is géire.
“Ó ceapadh mé mar Aire na Roinne seo, ceann de mo phríomhthosaíochtaí is ea clár a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le míbhuntáiste uirbeach. Agus é ag feidhmiú de réir mhúnla RAPID a bhí ann roimhe seo, is mór an difear a dhéanfaidh SÍOL sna pobail ina bhfuil an gá is mó leis.
“Tá dóchas agam go mbeidh SÍOL mar shíol sa chiall is go dtiocfaidh fás air sna blianta amach romhainn chun cabhrú le níos mó agus níos mó pobal ar fud na tíre.”
Dúirt an tAire Buttimer:
“Tá feicthe agam, mar ionadaí poiblí le 22 bliana anuas, conas ar féidir le tionscadail mar seo fíorthionchar dearfach a imirt ar na pobail siúd is mó a bhfuil siad de dhíth orthu. Bíonn idirghabhálacha mar seo ina spreagadh chun pobail a thógáil.
“Dearadh an clár seo chun infheistíocht a chur ar fáil sna pobail ina bhfuil an gá is mó léi. Cinnteofar leis an eolas agus saineolas áitiúil lena dtabharfar an clár i gcrích, cinnteofar leo go ndíreofar an maoiniú chun forbairt a dhéanamh ar na háiseanna pobail a mbeidh an tionchar is mó acu ar an leibhéal áitiúil.
“Ní fhásann síol ina phlanda bríomhar thar oíche. Is le cúram, dúthracht agus foighne a fhásann sé. Leis an maoiniú a fuarthas sa Phlean Forbartha Náisiúnta chun tacú leis an gclár nua seo, léirítear rún daingean an Rialtais chun borradh a chur faoin chlár ar bhealach inbhuanaithe in imeacht ama.”
Bhí faisnéis staidrimh, a fuarthas tríd an Phríomhoifig Staidrimh (POS) agus Innéacs Díothachta Pobal, mar bhonn le dearadh an chláir nua. Tugadh san áireamh anailís ar ‘Shaol Uirbeach agus Tuaithe in Éirinn’, arna déanamh ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES), freisin. Rinneadh an anailís seo ar fad chun cinntiú go ndírítear an maoiniú ar na limistéir is mó atá faoi mhíbhuntáiste laistigh de na bailte agus cathracha ainmnithe.
Dúirt an tAire Canney:
“Is mór an pléisiúr dom é clár SÍOL a sheoladh inniu in éineacht le mo chomhghleacaithe Rialtais. Is é ainm Béarla an chláir seo ná “the Working Together Investment Scheme”, agus sílim gur eiseamláir é den bhealach a fheidhmíonn muid mar Rialtas; na páirtithe ar fad ag obair i gcomhar lena chéile chun toradh comhroinnte a bhaint amach.
“Toisc gur oibrigh mé mar Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail roimhe, tá a’ fhios agam go maith a thábhachtach atá sé infheistíocht a dhéanamh inár bpobail uirbeacha.
“Leis an gclár nua seo tabharfar infheistíocht riachtanach isteach sna limistéir ina bhfuil an gá is mó léi, agus táim ag súil lena tionchar a fheiceáil sna blianta amach romhainn.”
Eiseoidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Gairm ar Thograí leis na hÚdaráis Áitiúla siúd a bhfuil freagracht acu as limistéir atá incháilithe i gcomhair maoinithe faoi chlár SÍÓL.
Tabharfar cuireadh d’Údaráis Áitiúla tionscadail a chur faoi bhráid na Roinne, agus tá súil go ndéanfar fógra faoi na tionscadail a éiríonn leo ag deireadh 2026.
Tá liosta iomlán de limistéir SÍOL le feiceáil thíos:
|
Limistéar SÍOL |
Údarás Áitiúil |
Toghranna |
|
Baile Átha Í |
Comhairle Contae Chill Dara |
|
|
Béal Átha na Sluaighe |
Comhairle Contae na Gaillimhe |
|
|
Béal an Átha |
Comhairle Contae Mhaigh Eo |
|
|
Baile Munna |
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath |
Baile Munna B agus Baile Munna D |
|
Baile an Chabháin |
Comhairle Contae an Chabháin |
|
|
Cluain Dolcáin |
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas |
|
|
Oirthuaisceart Chathair Chorcaí |
Comhairle Cathrach Chorcaí |
Baile na mBocht, an Gleann A, agus an Linn Dubh B |
|
Iarthuaisceart Chathair Chorcaí |
Comhairle Cathrach Chorcaí |
|
|
Droichead Átha |
Comhairle Contae Lú |
|
|
Cathair na Gaillimhe |
Comhairle Cathrach na Gaillimhe |
Páirc an Tobair, Mervue, an Baile Bán |
|
Tuaisceart Chathair Luimnigh |
Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh |
|
|
Iardheisceart Lár na Cathrach |
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath |
|
|
Tamhlacht |
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas |
|
|
Baile Thiobraid Árann |
Comhairle Contae Thiobraid Árann |
|
|
Cathair Phort Láirge |
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge |
Nótaí d’Eagarthóirí
Cúlra agus Dearadh Chlár SÍOL
Tá gealltanas sa Chlár Rialtais reatha go mbunófar scéim nua ar an stíl chéanna le clár RAPID (Revitalising Areas through Planning, Investment and Development), inar oibrigh gach gníomhaireacht stáit le chéile chun forbairt pobail agus athbheochan lár bailte a chur i bhfeidhm. Tá luaite ann go gcuirfear an Roinn fhreagrach maoiniú i leataobh don obair seo. Ba chlár ionchuimsithe shóisialta agus forbartha áitiúla limistéar-bhunaithe é RAPID, a seoladh i mí Feabhra 2001. Is í an aidhm a bhí leis ná cúnamh Stáit a dhíriú ar chaighdeán maireachtála agus rochtain ar dheiseanna a fheabhsú do phobail. Bhí 51 réimse san áireamh i gclár bunaidh RAPID faoi 2011 nuair a dúnadh é ar iarratais nua mar gheall ar choigeartuithe sa chaiteachas phoiblí i gcoitinne.
I ndiaidh a dhúnta in 2011, seoladh clár RAPID bunathraithe in 2017. Ba éagsúil í an scéim seo ó chlár bunaidh RAPID ar roinnt bealaí. Mar shampla, baineadh úsáid as struchtúr na gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) chun maoiniú a riar, seachas úsáid a bhaint as Foirne Feidhmithe Áitiúla agus limistéir RAPID ainmnithe. Aithníodh leis an bheartas seo gurbh fhearr a bhí na CFPÁnna suite chun míbhuntáiste áitiúil a shainaithint agus chun maoiniú RAPID a thabhairt isteach mar chuid dá n-iarrachtaí foriomlána le dul i ngleic le míbhuntáiste. In 2019 cumascadh scéim bhunathraithe RAPID leis an Scéim um Áiseanna Pobail chun an Clár Feabhsúcháin Pobail (an Clár Feabhsúcháin Áitiúil anois) a chruthú.
Ón tionscnamh RAPID roimhe seo i leith, tá athrú gan fasach tagtha ar Éirinn. Tá athbhreithniú iomlán ar limistéir faoi mhíbhuntáiste mar chuid den anailís a bheidh mar bhonn leis an scéim nua chun an t-athrú seo a thabhairt san áireamh agus chun cinntiú go ndéantar an maoiniú atá ar fáil a spriocdhíriú ar na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste laistigh de na bailte agus cathracha ainmnithe. Beidh clár nua SÍOL dírithe ar mhionlimistéir faoi mhíbhuntáiste inár mbailte agus cathracha, le maoiniú a chur ar fáil d’infreastruchtúr chun feabhas a chur ar na limistéir agus ar shaol na bpobal. Tugtar tús áite do mhionlimistéir a bhfuil an daonra is mó atá faoi mhíbhuntáiste iontu, agus dearadh an scéim le tacaíochtaí a thabhairt do na limistéir seo atá cosúil leis na tacaíochtaí a thugtar do limistéir thuaithe trí scéimeanna amhail CLÁR.
Tá roinnt tacar sonraí ar fáil ar a ndearnadh anailís chun modheolaíocht dhaingean a fhorbairt ar mhaithe le limistéir a roghnú lena n-ainmniú mar limistéir SÍOL. Is é an príomhthacar sonraí a úsáideadh ná Innéacs Díothachta Pobal HP, arb í príomhuirlis grádáin shóisialta na hÉireann í. Tá eolas san áireamh sa mhodheolaíocht freisin ón tuarascáil um Shaol Uirbeach agus Tuaithe in Éirinn, arna foilsiú ag an POS. Cuireadh anailís eile arna déanamh ag an ITES sa mheá freisin. Pléadh na réimsí atá mar ábhar ag CLÁR freisin, toisc go bhfuil comhlántacht i gceist idir an dá chlár, agus toisc gur gá cinntiú nach gclúdaítear an talamh céanna laistigh de theorainneacha an dá scéim. Baineadh úsáid as modheolaíochtaí difriúla, ar mhaithe leis na difríochtaí idir cathracha agus bailte uirbeacha a aithint, chun na limistéir a dtabharfaí san áireamh sa scéim seo a roghnú.