€62 milliún i maoiniú Rialtais fógartha ag an Aire Ring do 26 thionscadal maidir le hAthghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar fud na tíre
- Foilsithe: 6 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Maoiniú €62 milliún fógartha do 26 thionscadal, ar fiú €95 milliún iad, faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.
- Go dtí seo, tá €148 milliún curtha ar fáil anois do 110 dtionscadal ar fud na hÉireann faoin gCiste, ar fiú €212 milliún ar an iomlán iad.
- Is dlúthchuid an Ciste seo de Thionscadal Éireann 2040, plean an Rialtais maidir le forbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúir na hÉireann
- Faoin gCiste, cuirfear forbairt réigiúnach chothrom chun cinn
D'fhógair an tAire Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, 26 thionscadal inniu a mbeidh €62 milliún le leithdháileadh orthu faoin dara glao ar mhaoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, ar fiú €1 billiún é agus atá ina dhlúthchuid de Thionscadal Éireann 2040.
Rinneadh an fógra in Ionad Cuairteoirí Dunbrody, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman. Déanfar an maoiniú €62 milliún atá leithdháilte a threisiú le €33 milliún breise de chistiú meaitseála arna chur ar fáil ag comhlachtaí Státmhaoinithe, foinsí daonchairdiúla agus pobail thuaithe. Is ionann sin agus infheistíocht iomlán €95 milliún i dtionscadail ar fud gach réigiúin, a mbeidh tairbhe mhór ag daoine atá ag maireachtáil agus ag obair i mbailte agus sráidbhailte faoin tuath astu sna blianta amach romhainn.
Faoi Thionscadal Éireann 2040, déanfar infheistíocht €1 billiún a chur ar fáil tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, arna riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, thar thréimhse 10 mbliana chun tacú le hathnuachan bailte beaga, sráidbhailte agus ceantair tuaithe máguaird. Tá maoiniú tosaigh €315 milliún le leithroinnt ar bhonn céimnithe le linn na tréimhse 2019 go dtí 2022. Go dtí seo, tá €148 milliún curtha ar fáil do 110 dtionscadal ar fud na hÉireann faoin gCiste, ar fiú €212 milliún ar an iomlán iad.
Baineann fógra an lae inniu le Catagóir 1 den Chiste ina ndírítear ar thionscadail straitéiseacha agus mórscála a bhfuiltear réidh tús a chur leo agus atá dírithe ar bhailte agus ar shráidbhailte faoin tuath a athghiniúint. Baineann an 26 thionscadal atá á bhfógairt inniu an cuspóir sin amach ar bhealaí éagsúla.
I measc na n-iarratas ar éirigh leo agus a fógraíodh inniu, tá:
- Forbairt Wexfordia, tionscadal athghiniúna agus turasóireachta mórscála i lár Ros Mhic Thriúin a chuirfidh feabhas ar acmhainn turasóireachta an bhaile trí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní turasóireachta barrthábhachtacha lena n-áirítear Dunbrody Famine Ship & Irish Emigrant Experience mar aon le hoidhreacht shaibhir Normannach an bhaile.
- Ionad Pobail Achadh an Iúir a chur ar fáil, tionscadal athghiniúna baile uaillmhianach agus bunathraitheach i lár Achadh an Iúir, Co. an Chabháin ina n-áirítear leabharlann phoiblí nua, spás breise amharclannaíochta agus saoráidí ilfheidhme d'imeachtaí pobail a chur ar fáil, i lár an Bhaile agus agus sna tailte máguaird.
- Stráice 46km de Ghormbhealach na Bearú a fhorbairt, atá ag síneadh le Líne na Bearú ar an gCanáil Mhór idir Baile Ló agus Baile Átha Í i gCo. Chill Dara. Tá Baile an Bhiocáire i gCo. Laoise ar an mBealach seo freisin. Is acmhainn iontach fóillíochta a bheidh sa Ghormbhealach seo do phobail áitiúla agus do chuairteoirí chuig na ceantair, agus beidh sé d'acmhainn ann tairbhí suntasacha turasóireachta agus geilleagracha a bhaint amach mar aon le cosaint a thabhairt do na háiseanna nádúrtha agus éiceachórais atá ann mar gheall ar an gcanáil.
- Amharclann na Sceiche agus an leabharlann phoiblí atá i lár bhaile Mhaigh Chromtha a athchóiriú agus a uasghrádú. Áis thábhachtach cultúir agus ealaíne í seo don bhaile agus don cheantar mór máguaird a bhíonn ag brath uirthi.
- Tionscadal Athghiniúna Baile na gCealla Beaga 2040, tionscadal athghiniúna do lár an bhaile a bhfuil sé i gceist leis foirgneamh atá ann cheana féin a athfhorbairt ina Ionad Eolais do Thurasóirí agus ina Mhol Digiteach trína gcuideofar le hacmhainn fhisiciúil, shóisialta agus gheilleagrach na gCealla Beaga a fheabhsú.
- Sraith de bhearta athghiniúna bunathraitheacha a chur ar fáil i lár bhaile Chluainín, Co. Liatroma a bhfuil sé mar aidhm leo caighdeán na sráid-dreach i lár an bhaile stairiúil seo a fheabhsú agus bonneagar fisiciúil agus tráchtála an bhaile a láidriú chun go mbeidh sé níos tarraingtí mar áit le bheith ag obair ann, le gnó a dhéanamh ann mar aon le maireachtáil ann.
- Mol mór turasóireachta a chur ar fáil san Eachléim in Iorras i nGaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo a fheidhmeoidh mar phointe treoshuímh do chuairteoirí chun go mbeidh siad ábalta foghlaim faoi na nithe is díol spéise sa cheantar ó thaobh na hoidhreachta cultúir agus nádúrtha de, lena n-áirítear Teach Solais an Fhóid Duibh, mar aon le spás a chur ar fáil chun turasóireacht a chothú agus tacú le fiontair cheardaíochta a fhorbairt.
Dúirt an tAire Ring ag an imeacht inniu:
“Tá ríméad orm na tionscadail ar éirigh leo faoin dara glao ar mhaoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a fhógairt. Bunaíodh an Ciste faoi Thionscadal Éireann 2040 chun infheistíocht spriocdhírithe a chur ar fáil lena chinntiú go leanfar d'fhás agus dul chun cinn a dhéanamh i gceantair thuaithe na hÉireann agus fás réigiúnach cothrom atá chun leasa gach duine a bhaint amach.
“I ndiaidh an fhógra seo, beidh infheistíocht €148 milliún ar an iomlán curtha ar fáil faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do 110 dtionscadal ar fud na hÉireann, ar fiú €212 milliún iad ar an iomlán. Tríd an maoiniú seo a fógraíodh faoin gcéad ghlao den Chiste, tá pobail thuaithe ag athrú cheana féin agus ón lá seo amach, beidh gach contae sa tír ag baint leas as an infheistíocht atá curtha ar fáil faoin gCiste”.
Dúirt an tAire chomh maith:
“Creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaimid de theacht aniar a fhorbairt i bpobail thuaithe agus áiteanna bríomhara a dhéanamh dár mbailte agus sráidbhailte chun go mbeidh teaghlaigh ábalta maireachtáil iontu. Tá na tionscadail a bhfuil tacaíocht faighte acu faoin gCiste seo ag díriú ar réimsí inar féidir an tionchar geilleagrach agus sóisialta is mó a imirt agus cuideoidh siad chun tacú le pobail atá ag tabhairt aghaidh ar neamhchinnteacht atá fós ann mar gheall ar an mBreatimeacht.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Is ionann fógra an lae inniu agus an dara glao ar mhaoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a bheith tugtha chun críche. Bhí spéis an-mhór sa chiste, agus bhí na hiarratais ar chaighdeán an-ard, agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun comhghairdeas a dhéanamh leis na bailte ar fad ar éirigh leo. Maidir leis na bailte nár éirigh leo, cuirfidh mo Roinnse aiseolas ar fáil d'fhonn cuidiú leo ullmhú don chéad ghlao eile ar thograí faoi Chatagóir 1 in 2020. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta glao a fhógairt do Chatagóir 2 faoin gCiste, d'fhonn cuidiú le tuilleadh oibre maidir le tionscadail a fhorbairt ar fud na tíre, roimh dheireadh na bliana.”
CRÍOCH
Tá sonraí maidir leis na tionscadail ar éirigh leo faoin dara glao ar mhaoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ar fáil anseo
Nóta d'Eagarthóirí
Tionscadal Éireann 2040 – An Ciste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe
Is é Tionscadal Éireann 2040, beartas agus creat pleanála uileghabhálach an Rialtais maidir le forbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha na hÉireann. Áirítear ann plean infheistíochta caipitil mionsonraithe don deich mbliana amach romhainn, an Plean Forbartha Náisiúnta (NDP) 2018-2027, agus an Creat Náisiúnta Pleanála ina leagtar amach prionsabail agus tosaíochtaí níos leithne chun fás ar an daonra agus ar an ngeilleagar suas go dtí an bhliain 2040 a phleanáil.
Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 bunaíodh ceithre chiste caipitil:
- An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach: €2bn (An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil)
- An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe: €1bn (An Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail)
- An Ciste um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha: €500m (An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta)
- An Ciste um Ghníomhaithe ar son na hAeráide: €500m (An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil)
Bunaíodh an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe chun an sprioc atá i bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, Geilleagair agus Pobail Thuaithe Neartaithe, a thabhairt i gcrích agus is thar tréimhse 10 bliana a chuirfear i bhfeidhm é. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann an Ciste a riar.
Faoin gCiste seo, cuirfear infheistíocht ar fáil chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus sráidbhailte ina bhfuil daonra níos lú ná 10,000 duine, chomh maith leis na ceantair timpeall orthu, a bhainfidh amach aidhmeanna Thionscadal Éireann 2040 chomh maith le forbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach sna réimsí sin. Tá maoiniú tosaigh €315 milliún leithroinnte ar an gciste ar bhonn céimnithe le linn na tréimhse 2019 go dtí 2022.
Fógraíodh maoiniú €86 milliún do 84 thionscadal ón chéad ghlaoch thar dhá fhógra i Sligeach (Samhain 2018) agus i mBaile na Lorgan (Feabhra 2019) faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.
Is féidir teacht ar liosta na dtionscadal atá fógartha cheana féin ag:
Item was unpublished or removed
Seoladh an dara glaoch le haghaidh iarratas i gcomhair Chatagóir 1 den Chiste (tionscadail a bhfuil pleanáil agus toiliú iomlán faighte dóibh) in Aibreán 2019 agus dúnadh an glaoch ar 6 Lúnasa 2019.
Mar chuid den dara glao ar thograí díríodh ar thionscadail athghiniúna caipitil Catagóir 1 a bhfuiltear réidh tús a chur leo. Féachtar leis an maoiniú tacú le tionscadail chomhoibríocha i lonnaíochtaí tuaithe ina bhfuil níos lú ná 10,000 duine agus cuirfear maoiniú €500,000 ar a laghad ar fáil. Is ar bhonn iomaíoch a dhéantar iarratais ar an gCiste, agus déantar tionscadail a mheas de réir na scéime breithmheasa a fhoilsítear i ndáil leis an dara glao. Is é an Bord Comhairleach Tionscadal, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó Ranna Rialtais barrthábhachtacha mar aon le saineolaithe neamhspleácha a dhéanann maoirsiú air.
Mar chuid den dara glaoch, faoin scéim breithmheasa ar iarratais, tugadh tábhacht bhreise do phríomhthosaíochtaí beartais a bhaint amach maidir le teacht aniar a fhorbairt i bpobail chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht agus chun cuidiú leis an aistriú chuig geilleagar iomaíoch, ísealcharbóin, atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Táthar ag súil go mbeidh glao ar iarratais do Chatagóir 2 – maidir le tionscadail a bhfuil maoiniú ag teastáil chun cuidiú leo stádas Catagóir 1 a bhaint amach – ann roimh dheireadh na bliana. Beidh glao eile ar iarratais do Chatagóir 1 ar siúl in 2020.