An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ceapann An tAire Ó Brien cathaoirleach nua ar Bhus Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair an tAire Iompair, Darragh Ó Brien, ceapachán Gerard Ryan mar Chathaoirleach ar bhord Bhus Átha Cliath, agus mar Chomhalta Boird ar Chóras Iompair Éireann ar feadh tréimhse sé mhí ag tosú an 3 Meán Fómhair, fad a bheidh próiseas earcaíochta do Phoistphoiblí ar siúl.
Rinneadh an ceapachán go Bus Átha Cliath roimh éirí as an gcathaoirleach reatha, Gary Owens. Tar éis don Aire é a cheapadh, cheap an Rialtas Gerard Ryan go Bord Chóras Iompair Éireann faoin Acht Iompair (Atheagrú Chóras Iompair Éireann) 1986.
“Tá an-áthas orm Gerard Ryan a cheapadh mar Chathaoirleach ar Bhus Átha Cliath. Tugann sé réimse leathan taithí agus saineolais chuig a ról, rud a chabhróidh leis an Bord a threorú tríd an sé mhí atá romhainn.”
“Tá áthas an domhain orm freisin gur cheadaigh an Rialtas ceapachán go Bord Chóras Iompair Éireann. Bhí Gerard ina Stiúrthóir ar Bhord Bhus Éireann ó 2012 go dtí 2021, agus creidim gurb é an duine ceart é don ról seo, le dea-theist air i mbainistíocht agus i rialachas corparáideach.”
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil freisin leis an gCathaoirleach atá ag imeacht as oifig, Gary Owens, as an méid a rinne sé do bhoird Bhus Átha Cliath agus Chóras Iompair Éireann le ceithre bliana anuas, mar Chathaoirleach agus mar Ghnáth-Stiúrthóir araon. Is mór agam an méid ama agus saineolais a thug sé go fial le linn a thréimhse leis na boird, agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis ina ról nua mar Chathaoirleach ar an DAA.
an tAire Iompair Darragh O'Brien