Suirbhé Braite Margaidh seolta ag an Aire O’Brien in ullmhúchán d’Aersheirbhís Bhaile Átha Cliath-Doire

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Suirbhé Braite Margaidh seolta ag an Aire O’Brien in ullmhúchán d’Aersheirbhís Bhaile Átha Cliath-Doire

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 22 Nollaig 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2025

Sheol an tAire Iompair, Darragh O’Brien, Suirbhé Braite Margaidh inniu mar ullmhúchán do thús a chur le seirbhís idir Baile Átha Cliath agus Doire in 2026, Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO) atá maoinithe ag an Státchiste.

Leis an seirbhís aeir cuirfear feabhas ar nascacht in Iarthuaisceart na tíre sula ndéanfar dul chun cinn maidir le huasghrádú ar chonair iompair bóthair an A5, a bhfuil gealltanas maoinithe €600 milliún tugtha ag an Rialtas ina leith. Tá an Roinn Iompair ag déanamh dul chun cinn faoi láthair ar an obair ullmhúcháin is gá chun an tseirbhís a bhunú.

Bainfear úsáid as na freagairtí ar an Suirbhé Braite Margaidh mar bhonn eolais d'fhorbairt sonraíochtaí don tseirbhís, ionas go bhfreastalófar ar riachtanais na bpaisinéirí ar an mbealach is fearr. I measc na sonraíochtaí áireofar an cineál aerárthaigh, toilleadh aerárthaigh, minicíocht na seirbhísí, uainiú seirbhísí agus struchtúir na dtáillí.

“Tá an Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt chun go mbeidh pobail ar fud na hÉireann níos láidre, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Mar atá luaite ag go leor páirtithe leasmhara, is beag freastal a dhéanann naisc iompair na tíre ar an Iarthuaisceart. Sa chomhthéacs seo, agus i gcomhréir leis na cuspóirí maidir lenár nOileán Comhroinnte a Thógáil, tá tiomantas soiléir i gClár an Rialtais an nascacht aeir a bhunú idir Baile Átha Cliath agus Cathair Dhoire.

“Tá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ríthábhachtach chun seirbhís éifeachtach a chur ar fáil agus is cúis áthais dom an Suirbhé Braite Margaidh seo a sheoladh inniu. Baileoidh sé tuairimí ó na páirtithe leasmhara uile, paisinéirí féideartha san áireamh, maidir leis na haerárthaí, minicíocht na seirbhíse agus na táillí a bheadh ag teastáil uathu.

“Cuirfidh an tseirbhís seo nasc atá fóirdheonaithe ar fáil idir Doire agus Oirthuaisceart Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath, in éineacht le bealach OSP Dhún na nGall-Baile Átha Cliath atá ann cheana. Feabhsófar teacht ar Bhaile Átha Cliath agus ar thaisteal idirnáisiúnta don Iarthuaisceart mar gheall ar an dá sheirbhís seo, rud a thacóidh le fás eacnamaíoch agus turasóireachta.”

An tAire Iompair, Darragh O'Brien

Táthar ag súil go bhfoilseoidh an Roinn tairiscint don tseirbhís aeir OSP go luath san athbhliain d'fhonn seirbhísí a thosú níos déanaí in 2026.

Is féidir le paisinéirí agus páirtithe leasmhara féideartha páirt a ghlacadh sa Suirbhé Braite Margaidh ag: Dublin-Derry PSO - Market Sounding Survey – Fill in form

Is é 31 Eanáir 2026 an dáta deiridh le haghaidh freagraí.

Is féidir an comhairliúchán iomlán a fheiceáil anseo: https://www.gov.ie/en/department-of-transport/consultations/market-sounding-survey-in-preparation-for-dublin-derry-public-service-obligation-pso-air-services/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat