An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Fógraíonn an tAire Joe O’Brien Maoiniú Eorpach chun tacú le Tionscadail Lánpháirtíochta Imirceach ar bhonn Náisiúnta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
• Bronnadh deontais ar 17 tionscadal faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL) 2023
• Is í béim an CTIL tacú le Náisiúnaigh Tríú Tír
• Tacófar le tionscadail a bhfuil fad de 1 bhliain amháin ar a laghad agus 4 bliana ar a mhéad leo
• An 3ú fógra suntasach i dtaca le Maoiniú Tacaíochta Lánpháirtíochta le 3 seachtaine anuas
D’fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanais, Joe O’Brien, maoiniú de €10m inniu thar 17 tionscadal atá ag obair chun tacú le fáilte a chur roimh Náisiúnaigh Tríú Tír agus chun tacú lena lánpháirtiú Éirinn. Ba é t-íosmhéid an deontais ar fáil do thionscadail faoin CTIL €300,000.
Is tionscadal ilbhliantúil é an CTIL a bhfuil leithdháileadh iomlán €60.19 milliún aige, comhdhéanta de mhaoiniú ón Aontas Eorpach ar luach €49.77 milliún agus maoiniú comhpháirteach náisiúnta agus tairbhithe ar luach €10.42 milliún
Agus an 17 tionscadal ráthúil á bhfógairt aige inniu, dúirt an tAire Joe O’Brien:
“Is sásra maoinithe suntasach de chuid an Aontais Eorpaigh é an CTIL a chuireann ar ár gcumas ar leibhéal náisiúnta tacaíocht airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí a bhfuil obair ríthábhachtach idir lámha acu chun tacú le fáiltiú agus lánpháirtiú daoine a thagann ó Thríú Tíortha go sonrach. Aithnítear leis seo na deacrachtaí breise a chuirtear roimh dhaoine leochaileacha ó Thríú Tíortha a bhfuil tearmann á lorg acu in Éirinn agus aithnítear freisin iarrachtaí breise na ngrúpaí siúd atá ag obair chun fáilte a chur roimh na daoine seo agus chun tacú leo.
“Tá suntas ag baint le tacaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh tríd an gclár CTIL agus cabhraíonn sí linn tacaíocht bhreise a thabhairt don obair iontach atá ar siúl i bpobail ar fud na hÉireann chun fáilte a chur roimh dhaoine nua. Tá fógra an lae inniu ag teacht sna sála ar na fógraí a rinneadh le déanaí maidir le Ciste Lánpháirtíochta na bPobal agus maidir leis an gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta – a bhfuil aitheantas agus tacaíocht bhreise ag baint leo uile don ról ríthábhachtach atá ag an earnáil Phobail agus Dheonach i bpobail áitiúla i dtaca le hiarrachtaí lánpháirtíochta rathúla a chothú agus timpeallacht fháilteach a chruthú dóibh siúd a bhfuil saol níos fearr á lorg acu in Éirinn.”
Tionscadail Rathúla:
| Ainm na hEagraíochta: | Ainm an Tionscadail: | An Méid a Bronnadh: | Raon Feidhme Geografach: |
| NASC | Connecting Communities III (Pobail á Nascadh III) | € 375,763.08 | |
| An tIonad um Chearta Imirceach Éireann | € 600,089.12 | Náisiúnta | |
| Comhairle na nDídeanaithe Éireann | € 650,476.69 | Náisiúnta | |
| Doras | € 527,288.63 | ||
| An Chomhairle um Inimircigh in Éirinn | Integration Hub III (An Mol Lánpháirtíochta III) | € 730,567.76 | Ar fud na tíre |
| € 343,206.00 | Réigiún an Oirdheiscirt | ||
| Áit na nDaoine | € 308,895.00 | An Lú Thuaidh | |
| BRIDGE (DROICHEAD) | € 632,960.61 | Gaillimh | |
| SECAD | € 413,939.89 | Corcaigh Theas | |
| € 396,000.00 | Sligeach | ||
| Traschúram | € 606,921.00 | ||
| CISC AMIF 04 | € 623,031.00 | An Clár | |
| € 456,000.00 | Maigh Eo | ||
| KASI | € 585,965.05 | Cill Airne agus Trá Lí | |
| Cumann Croise Deirge na hÉireann | € 1,923,798.75 | Ar fud na tíre agus Baile Átha Cliath | |
| People 1st (Tús Áite do Dhaoine) | € 329,730.32 | Dún na nGall | |
| Coláiste Mhuire gan Smál | € 300,000.00 | Cathair Luimnigh |