An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fóram Bliantúil ar Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2026 le díriú ar Ghrá don uimhearthacht: Ó Shúgradh go Réiteach Fadhbanna le Muinín
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Fóram Bliantúil um Litearacht, Uimhearthacht and Litearthachta Dhigiteach ag tharla inniu (Déardaoin, 17 Mean Fómhair), in Cumann Dlí na hÉireann.
Tá an fóram, atá á reáchtáil i gceanncheathrú Chumann Dlí na hÉireann i bPlás na Cúirte Duibhe, Baile Átha Cliath, ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann le dearcadh agus caidreamh dearfach i leith na huimhearthacht a chothú ó na blianta is luaithe.
Is é ceann de phríomhaidhmeanna Straitéis na hÉireann um Litearthacht, Uimhearthacht agus Litearthacht Dhigiteach 2024-2033 scileanna litearthachta, uimhearthacht agus litearthachta digití leanaí agus daoine óga a fheabhsú chun cabhrú leo dul i ngleic le saol atá ag éirí níos casta agus níos idirnasctha i gcónaí.
I mbliana, beidh an Dr. Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Ollamh Comhlach le hOideachas Matamaitice, mar phríomhchainteoir ag an bhFóram, in éineacht le sraith ceardlann phraiticiúil faoi stiúir saineolaithe ó na hearnálacha luathbhlianta, bunscoile agus iar-bhunscoile.
Pléifear sna seisiúin cuir chuige nuálacha maidir le teagasc agus foghlaim na matamaitice, straitéisí chun muinín agus inniúlacht san uimhearthacht a fhorbairt, agus bealaí éifeachtacha chun imní na matamaitice i measc leanaí agus daoine óga a laghdú.
Dúirt an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley:
“Tosaíonn muinín san uimhearthacht go luath, trí shúgradh, fiosracht agus eispéiris dhearfacha. Tá an fóram seo dírithe ar uaillmhian a iompú ina gníomh praiticiúil agus ar chinntiú go bhfaigheann leanaí an tacaíocht atá de dhíth orthu chun muinín bhuan san uimhearthacht a fhorbairt.
Is mian linn go bhfeicfeadh leanaí an uimhearthacht mar pháirc imeartha dá gcuid smaointe, seachas mar fhoinse imní. Is féidir leis na bunchlocha a leagaimid sna luathbhlianta tionchar fadtéarmach a imirt ar an gcaoi a mothaíonn leanaí faoin uimhearthacht sna blianta atá rompu.”
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegrade Naughton:
‘‘Is féidir le caidreamh dearfach leis an uimhearthacht deiseanna a oscailt do leanaí agus do dhaoine óga, ag cabhrú leo an mhuinín agus na scileanna a fhorbairt atá de dhíth orthu le dul chun cinn ar scoil agus ina saol ina iomláine. Cibé acu bainistiú airgeadais, tuiscint ar eolas, réiteach fadhbanna nó tabhairt faoi bhreis staidéir agus gairmeacha atá i gceist, tá ról ríthábhachtach ag an uimhearthacht.”
“Trínár Straitéis Litearthachta, Uimhearthacht agus Litearthachta Digití 2024-2033, táimid tiomanta do chinntiú go bhfaigheann gach foghlaimeoir an tacaíocht is gá chun a lánacmhainneacht san uimhearthacht a bhaint amach. Tá áthas orm go léireoidh fóram an lae inniu cleachtais nuálacha ó scoileanna agus go gcuirfidh sé deis ar fáil d’oideoirí cuir chuige a roinnt a chuidíonn le muinín a chothú, imní na matamaitice a laghdú agus torthaí foghlama rathúla a chur chun cinn do gach dalta.”
Ag tógáil ar an rath a bhí ar an bhFóram anuraidh, a tionóladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Aibreáin 2025, bhí clár cuimsitheach le príomhchainteoir agus de cheardlanna ar fáil do rannpháirtithe.
I measc an bpríomhchainteoir agus na gceardlann bhí:
- Dr. Aoibhinn Ní Shuilleabhaín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Dr. Sandra O’Neill, Síolta Aistear Ceannaire Foirne le Tús Níos Fearr
- Róisín Neururer, Scoil na Matamaitice agus na Staidrimh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
- Julie Winget Power, Comhordaitheoir Cláir agus léachtóir ar an gclár BA san Oideachas agus Cúram Luath-Óige in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
- Breed Murphy agus Dr. Claire Carroll, Coláiste Mhuire gan Smál
- Dr Siún Nic Mhuirí, Ollscoil na Cathair Baile Átha Cliath and Jennifer Holligan, Scoil Chrónáin, Sord agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Chuala na rannpháirtithe ó shuíomh Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus scoileanna a léirigh tionscnaimh spreagúla uimhearthacht agus an tionchar dearfach a bhí acu ar fhoghlaimeoirí.
Bhí cur i láthair ó:
- CASPr Luathbhlianta, An Chathair Láir Thoir Thuaidh, Baile Átha Claith.
- Scoil Náisiúnta Mhuire, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh.
- Coláiste An tSráidbhaile Nua, Contae Thiobraid Árann.
Nótaí
Cúlra
Tógann Straitéis na hÉireann maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2024-2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go hAois Duine Óig Fásta ar ghnóthachtálacha agus ar uaillmhian na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta 2011-2020 agus ar an athbhreithniú eatramhach 2017. Leanann an straitéis nua leis an aistear chun scileanna litearthachta, uimhearthachta agus inniúlachta digití a chothú agus a fheabhsú ó bhreith go haois duine óig fásta lena chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag gach duine chun dul i ngleic le saol atá níos casta agus níos idirnasctha agus a bheith rathúil sa saol sin.
Cuimsíonn na réimsí forbartha agus gníomhaíochta, mar a shainaithnítear iad sa straitéis, cúig cholún:
Colún 1: Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach na bhfoghlaimeoirí.
Colún 2: Tacú le cleachtas gairmiúil na n-oideoirí luathbhlianta, na bhfeighlithe leanaí agus na múinteoirí.
Colún 3: Tacaíocht a thabhairt don cheannaireacht i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige agus sa chóras scoile.
Colún 4: Eispéireas an fhoghlaimeora a fheabhsú trí churaclam, oideolaíocht agus measúnú.
Colún 5: Tacú le foghlaimeoirí éagsúla barr a gcumais a bhaint amach.
Forbraíodh plean forfheidhmithe cuimsitheach cúig bliana a fheidhmíonn mar threoirphlean a roinneann an straitéis ina céimeanna inghníomhaithe. Leagann sé amach na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh shonracha a dtabharfar fúthu. Próiseas leanúnach a bheidh i rath na straitéise a thomhas.