An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn an tAire Foley tosach feidhme don tSeirbhís Náisiúnta nua Caomhnóirí ad litem
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, inniu (Dé Máirt 23 Meitheamh) bunú oifigiúil don tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem.
Duine neamhspleách is ea caomhnóir ad litem a cheapann cúirt chun comhairle a thabhairt do na cúirteanna maidir le leas an linbh in imeachtaí poiblí cúirte.
Tá an tSeirbhís Náisiúnta nua Caomhnóirí ad litem á bunú d’fhonn a chinntiú go gcloistear guth gach linbh agus go gcuirtear comhairle a leasa is fearr faoi bhráid na cúirte in imeachtaí cúraim fud fad na hÉireann. Is ionann oscailt oifigiúil na Seirbhíse Náisiúnta agus céim mhór chun tosaigh agus seirbhís á cur ar fáil atá ar ardchaighdeán, freagrach, comhsheasmhach agus atá bunaithe i gcearta leanaí.
Agus an tosach feidhme á fhógairt aici, dúirt an tAire Foley:
“Cor cinniúnach do leanaí i gcúram in Éirinn is ea seoladh na Seirbhíse Náisiúnta Caomhnóirí ad litem. I ndáiríre, is é is sprioc leis an leasú seo ná guth an linbh a neartú in imeachtaí cúraim agus a chinntiú go bhfuil comhairle a leasa is fearr chun tosaigh agus gach cinneadh á dhéanamh.
Tá an tSeirbhís Náisiúnta nua ag teacht in ionad seirbhíse Caomhnóirí ad litem nach raibh leanúnachas ar bith léi, agus tá struchtúr nua i bhfeidhm agus rialachas, caighdeáin agus freagracht shoiléir mar bhonn taca faoi. Guímse gach rath ar fhoireann na Seirbhíse Náisiúnta nuaí Caomhnóirí ad litem leis an obair thábhachtach seo chun leasa leanaí.”
Dúirt Patrick Bergin, Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Caomhnóirí ad litem:
“Is iad leanaí agus comhairle a leasa is fearr atá i gcroílár na Seirbhíse Náisiúnta Caomhnóirí ad litem. Ar thosaíocht againn tá a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh fud fad na tíre ar an gcaighdeán ard céanna seirbhíse. Táimid tiomanta leis sin athrú ar an gcóras a thabhairt isteach do leanaí tríd an bhfaisnéis a thiomsaímid a úsáid, faisnéis nach raibh ar fáil go dtí seo.
“Rinneadh obair shuntasach chun a chinntiú go bhfuil an tSeirbhís Náisiúnta nua réidh chun feidhmiú. Ar áireamh san obair seo tá pleanáil foirne, earcaíocht, rialachas agus córais nua a fhorbairt chun tacú le seachadadh seirbhíse agus bainistíocht sonraí.
“Aithnímid gurb ionann an leasú seo is athrú do Chaomhnóirí ad litem, na cúirteanna agus an córas trí chéile. Rinneamar an-chuid idirbheartaíochta le páirtithe leasmhara agus leanfaimid orainn ag obair as lámha a chéile leo de réir mar a shuitear an tseirbhís nua seo.”
Tá cead ag an tSeirbhís Náisiúnta nua foireann 65 Caomhnóir ad litem lánaimseartha a earcú, agus beidh siadsan ar fáil ina dhiaidh sin lena gceapadh de réir mar a threoraíonn na cúirteanna. Go dtí seo, ceapadh 95 de na Caomhnóirí ad litem reatha mar chuid de na socruithe idirthréimhseacha, chuir cúigear Caomhnóirí nua ad litem tús lena bhfostaíocht an 22 Meitheamh agus 31 eile thairis sin i gcéimeanna deiridh na conraitheoireachta agus beidh an rogha acu tús a chur lena bhfostaíocht sna seachtainí beaga romhainn. Tá 25 iarratas a bhí rath leo thairis sin á bpróiseáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sa chaoi go ndéanfar poist a thairiscint dóibh sna míonna amach romhainn.
Tá leanúnachas do leanaí chun tosaigh ar fad don tSeirbhís Náisiúnta nua. Beidh idirthréimhse 12 mhí ann agus lena linn sin is féidir le 95 Caomhnóir ad litem atá ann faoi láthair coinneáil orthu ag obair leis na leanaí ar ceapadh chucu iad. Cinnteoidh sé sin nach mbeidh cur isteach ar bith ann do na leanaí atá ag déileáil le Caomhnóir ad litem nuair a thosaíonn an tSeirbhís Náisiúnta nua.
Tá aonad dlíthiúil cúigir ag an tSeirbhís Náisiúnta nua, agus ceann foirne seirbhísí dlíthiúla i gceannas air, agus is féidir leis comhairle dhlíthiúil a thabhairt do Chaomhnóirí ad litem. Bunaíodh meitheal aturnaetha chun na 26 chúirt dúiche uile a chlúdach, le go mbeidh fáil go sciobtha ar ionadaíocht dhlíthiúil.
Tá neamhspleáchas na gCaomhnóirí ad litem bunaithe go soiléir sa dlí anois. Deirtear go sonrach sa reachtaíocht nach foláir do Chaomhnóir ad litem gníomhú go neamhspleách agus a dhualgais nó a dualgais á gcomhlíonadh aige nó aici. Déanann Caomhnóirí ad litem a mbreithiúnais agus a moltaí gairmiúla féin leis an gcúirt. Ní fhaigheann siad treoir chuige sin nó ar aon bhealach eile ón Aire, ón Roinn, ó Tusla ná ó pháirtí ar bith eile.
Tá an tSeirbhís Náisiúnta nua bunaithe i Sráid Lombard i mBaile Átha Cliath ar urlár d’fhoirgneamh a bhí in úsáid roimhe seo ag an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta.
DEIREADH
Nótaí d'Eagarthóirí
Oifig Feidhmiúcháin laistigh den Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais is ea an tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem. Déanann an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais cumhachtaí don tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem a tharmligean tríd an Acht um Chúram Leanaí (Leasú), 2022.
Tá ceadú ag an tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem 65 Caomhnóir ad litem lánaimseartha a fhostú. Beidh foireann riaracháin agus foireann dhlíthiúil ag tacú leis na Caomhnóirí ad litem.
Patrick Bergin is Stiúrthóir don tSeirbhís Náisiúnta Caomhnóirí ad litem. Bhí Patrick i gceannas roimhe seo ar chláir mhóra leasaithe lena n-áirítear Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh a bhunú agus an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí/an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a athlonnú
Idirthréimhse:
Tar éis tosach feidhme don tSeirbhís, beidh idirthréimhse 12 mhí mar atá leagtha amach sa reachtaíocht. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil athrú tobann ann do leanaí agus gur féidir le Caomhnóirí ad litem atá ann cheana, a d’imigh tríd an bpróiseas aistrithe, leanúint orthu ina róil. Le linn na hidirthréimhse dáilfear cásanna nua ar Chaomhnóirí ad litem a bheidh fostaithe ag an tSeirbhís Náisiúnta.