An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá Comhairliúchán Poiblí seolta ag an Aire Foley maidir le hAthbhreithniú ar na Rialacháin um Fheighlíocht Leanaí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, ‘Labhraímis faoi Fheighlíocht Leanaí’, comhairliúchán poiblí ar na rialacháin nua um fheighlíocht leanaí.
Is cuid é an comhairliúchán den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028 agus cuirfear tús leis le glao ar aighneachtaí.
Leis an gcomhairliúchán seo, cuirfear bonn eolais faoin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm tosaigh na rialachán um fheighlíocht leanaí, a tugadh isteach i mí Mheán Fómhair 2024. [An tAcht um Chúram Leanaí, 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta) (Seirbhísí Feighlíochta Leanaí), 2024.]
Ba bheart suntasach iad na rialacháin sin maidir le haitheantas foirmiúil a thabhairt d’fheighlíocht leanaí laistigh den chóras luathfhoghlama agus cúraim leanaí níos leithne. Cuirtear ar chumas feighlithe leanaí leo clárú le Tusla agus páirt a ghlacadh sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, lena dtugtar rochtain ar thacaíochtaí airgeadais do theaghlaigh agus lena neartaítear dearbhú cáilíochta d’fheighlithe leanaí, do leanaí agus dá dtuismitheoirí.
Tá idirthréimhse trí bliana ann faoi láthair go dtí mí Mheán Fómhair 2027, agus athróidh an clárúchán ó dheonach go héigeantach ina dhiaidh sin.
Dúirt an tAire Foley:
“Is cuid lárnach iad feighlithe leanaí d’earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí na hÉireann, a chuireann cúram solúbtha baile ar fáil lena dtacaítear le leanaí, le teaghlaigh agus le pobail ar fud na tíre.
Le tabhairt isteach na rialachán nua in 2024, tá feighlithe leanaí in ann clárú le Tusla anois. Is céim thábhachtach chun tosaigh é sin, lena gcuirtear ar chumas na dteaghlach a úsáideann seirbhísí feighlíochta leanaí tacaíochtaí airgeadais a fháil tríd an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, agus lena dtugtar raon cosaintí agus dearbhuithe cáilíochta freisin.
Le rialáil na seirbhísí feighlíochta leanaí, ní hamháin go dtugtar Éire i gcomhréir le tíortha eile an Aontais, ach tugtar aitheantas a bhí ag teastáil go géar do ról feighlithe leanaí freisin, agus do chineál bunriachtanach a gcuid oibre. Chun an leanúnachas a chosaint agus a chur chun cinn amach anseo, ní mór dúinn foghlaim ó chur i bhfeidhm tosaigh na rialachán agus a chinntiú go dtacaítear le feighlithe leanaí chun clárú, agus go ndéantar aon bhacainn a shainaithint agus a shárú.”
Gheall an tAire Foley an t-athbhreithniú a thabhairt chun tosaigh go dtí an bhliain seo, tar éis aiseolas a fuarthas ó fheighlithe leanaí agus ó eagraíochtaí ionadaíocha, chun a chinntiú go mbeidh am leordhóthanach ann chun aon athrú a eascraíonn as an athbhreithniú a chur san áireamh roimh dheireadh na hidirthréimhse.
Féachfar leis an gcomhairliúchán chun:
- An chaoi a n-oibríonn na rialacháin sa chleachtas a mheas.
- Measúnú a dhéanamh cé acu atá an tsamhail rialála cuí agus comhréireach nó nach bhfuil.
- Scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht na dtacaíochtaí atá ar fáil d’fheighlithe leanaí.
- Bacainní ar chlárú agus ar chomhlíonadh a shainaithint.
Déanfar machnamh leis an athbhreithniú ar eispéiris feighlithe leanaí ag gach céim den rannpháirtíocht leis an gcóras, lena n-áirítear iad siúd a chláraigh, iad siúd atá ag smaoineamh ar chlárú, agus iad siúd nach ndeachaigh i ngleic leis na tacaíochtaí atá ann.
Déanfaidh an Roinn clár fairsing rannpháirtíochta, a thosóidh leis an nglao oscailte seo ar aighneachtaí, agus ina dhiaidh sin:
- Suirbhé ar líne (le hoscailt go luath i mí Iúil)
- Grúpaí fócais réigiúnacha
- Agallaimh le páirtithe leasmhara
- Cás-staidéir.
Beidh an t-athbhreithniú neamhspleách agus cuirfear i gcrích é roimh dheireadh 2026. Leis na torthaí air sin, cuirfear bonn eolais faoi ghníomhaíochtaí chun tacú le feighlithe leanaí dul isteach san earnáil rialáilte agus fanacht inti, lena n-áirítear aon choigeartú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil roimh thabhairt isteach an chlárúcháin éigeantaigh in 2027.
Molann an Roinn do gach feighlí leanaí, tuismitheoir agus páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán.
Beidh an glao ar aighneachtaí ar oscailt ón 19 Meitheamh go dtí an 20 Iúil 2026.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar ríomhphost chuig:
Qualitydevelopment@DCDE.gov.ie
Tá tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán agus doiciméid tacaíochta ar fáil ag:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, féach https://www.gov.ie/ga/an-roinn-leana%C3%AD-m%C3%ADchumais-agus-comhionannais/feachtais/an-plean-gn%C3%ADomha%C3%ADochta-n%C3%A1isi%C3%BAnta-um-fheighl%C3%ADocht-leana%C3%AD/
CRÍOCH/ Arna eisiúint ag an Oifig Preasa agus Cumarsáide ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.
Teil: +353-01-539 3801 Ríomhphost: media@equality.gov.ie