An Rannóg Ardoideachais – Rialachas agus Airgeadas agus Cáilíochtaí
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Rannóg Ardoideachais (Rialachas agus Airgeadas) freagrach as leithdháiltí buiséadacha a fhoirmliú agus a athbhreithniú i gcomhair sholáthar an ardoideachais agus as cúraimí rialachais san earnáil.
Is tríd an Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO) a dhéantar na hollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus institiúidí eile atá ainmnithe ag an Údarás um Ardoideachas a rialú agus a chistiú. Déanann an tÚdarás um Ard-Oideachas plé le buiséid aonair na n-institiúidí agus cuireann acmhainní ar fáil de réir mar is gá. Déantar institiúidí eile, nach bhfuil ainmnithe ag ÚAO, a chistiú go díreach le croídheontas ón roinn, agus i gcás roinnt institiúidí, cuirtear deontas ar fáil in ionad cistiú táillí teagaisc.
Bíonn páirt ag an rannóg seo freisin sna critéir a leagan síos do scéim na dtáillí teagaisc saor in aisce, a riarann na hinstitiúidí tríú leibhéal.
Cad a dhéanaimid
Rannóg Ardoideachais (Rialachas agus Airgeadas):
- leithdháileadh chistí athfhillteacha an Údaráis um Ardoideachas (ÚAO). Is comhlacht reachtúil é ÚAO, atá faoi choimirce na roinne. Áirítear ar a fheidhmeanna ollscoileanna agus institiúidí ainmnithe tríú leibhéal a chistiú agus an t-oideachas tríú leibhéal a fhorbairt.
- maoirseacht a dhéanamh ar rialú na nollscoileanna, na ninstitiúidí teicneolaíochta agus institiúidí eileatá ainmnithe ag ÚAO.
- buiséid athfhillteacha oibriúcháin a cheadú d’institiúidí áirithe nach bhfuil ainmnithe ag ÚAO
- córais freagrachta a chur chun cinn san earnáil
- maoirseacht a dhéanamh ar scéimeanna táillí saor in aisce.
Cáilíochtaí:
- tacú le forbairt agus le cur chun feidhme a dhéanamh ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus ar na beartais ghaolmhara maidir le dearbhú cáilíochta soláthraithe oideachais agus agus oiliúnn trí Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.
- comhordú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar Threoir an AE 2005/36/CE (Aitheantas Frithpháirteach Cáilíochtaí Gairmiúla).
Teagmháil
Higher Education - Governance and Financial Section
- Seoladh:
- Higher Education - Governance and Financial Section, Department of Education and Skills, Portlaoise Road, Tullamore,, R35 Y2N
- Teileafón:
-
(057) 932 5406
Qualifications
- Seoladh:
- Qualifications, Department of Education and Skills, Marlborough Street, D01 RC96
- Teileafón:
-
(01) 889 2179