Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cruinniú Mullaigh Bliantúil Taighde Oideachais 2026

Beidh an Cruinniú Mullaigh ar siúl an 5 Samhain 2026 in Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh.

Cláraigh anseo: https://www.conftool.pro/educational-research-2026/

An bhliain seo, beidh an ócáid ina hImeacht a bhaineann le hUachtaránacht an Aontais Eorpaigh. Eagraítear Imeachtaí a bhaineann leis an Uachtaránacht go neamhspleách ar an Uachtaránacht ach bíonn siad ailínithe le téamaí agus tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus éascaíonn siad plé ar ábhair thábhachtacha ar leibhéal an Aontais.

Ag Cruinniú Mullaigh Bliantúil Taighde Oideachais na bliana seo caite, bhí 200 toscaire agus níos mó ná 70 taighdeoir ann ag roinnt réimse leathan tionscadail taighde agus seoladh Fíorú, líonra taighde na roinne atá dírithe ar an todhchaí. Is féidir leat clárú do liosta seoltaí Fíorú anseo.

Ag Cruinniú Mullaigh 2026, tabharfar le chéile taighdeoirí, lucht déanta beartas agus cleachtóirí chun fianaise, smaointí agus dearcthaí maidir leis an oideachas a roinnt. Déanfar iniúchadh ann ar na caíonna ina bhfuil an taighde oideachais nasctha le príomhthosaíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta lena n-áirítear:

  • Tosaíochtaí ábhartha de chuid Uachtaránacht an Aontais (Oideachas agus Scileanna do ré an IS; Rannpháirtíocht agus idirphlé Leanaí agus Daoine Óga; Oideachas STEM; Sábháilteacht Ar Líne; Spórt, Pobal, agus Oidhreacht Chultúrtha)

  • Obair na Roinne Oideachais agus Óige maidir le pleanáil fadtéarmach mar chuid de straitéis Ár Scoileanna Ár dTodhchaí (lena n-áirítear réimsí an Fhórsa Saothair Scoile, na Ceannaireachta agus an Rialachais Scoile, agus an Oideachais Ardchaighdeáin agus Ionchuimsithigh).

Beidh sé mar aidhm ag an gcruinniú mullaigh pátrúin agus naisc a aithint idir na tionscadail uile atá á gcur i láthair.

Beidh craoladh beo d’oscailt an imeachta agus den phríomhóráid ar fáil ar an leathanach gréasáin seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat