An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Buntáistí suntasacha do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail scoile aimsithe sa mheasúnú ar an gClár Píolótach Comhairleoireachta i mBunscoileanna
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Léiríonn an measúnú an tionchar dearfach atá ag an gcomhairleoireacht scoilbhunaithe agus ag Cleachtóirí Folláine Oideachais, agus tuairiscíonn daltaí feabhas ar rialáil mhothúchánach, ar theacht aniar agus ar scileanna chun déileáil le deacrachtaí
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, an Measúnú ar an gClár Píolótach Comhairleoireachta i mBunscoileanna (CPS-P), ina léirítear an difríocht shuntasach atá déanta ag na tionscnaimh chinniúnacha seo d’fholláine leanaí, teaghlach agus pobal scoile.
Sheol an Roinn Oideachais agus Óige an Clár Píolótach Comhairleoireachta i mBunscoileanna in 2023 mar fhreagra ar riachtanais folláine agus sláinte meabhrach i measc leanaí agus na riachtanais sin ag méadú. Thar thrí scoilbhliain, thug an clár phíolótach, faoi stiúir na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO), dhá chomhpháirt nua isteach i mbunscoileanna na hÉireann:
- Comhairleoireacht duine le duine do leanaí a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte atá idir éadrom agus measartha acu i seacht gcontae: An Cabhán, Laois, Liatroim, Longfort, Maigh Eo, Muineachán agus Tiobraid Árann
- Cleachtóirí Folláine Oideachais (CFOanna), seirbhís tacaíochta nua scoilbhunaithe atá ag feidhmiú i 77 scoil ar fud Chorcaí, Cheatharlach, Bhaile Átha Cliath 7 agus Bhaile Átha Cliath 16.
Agus iad ag obair faoi mhaoirseacht síceolaithe SNSO, cuireann CFOanna tacaíochtaí folláine praiticiúla ar fáil go díreach i scoileanna trí cheachtanna ranga uile, cláir i ngrúpaí beaga agus seisiúin forbartha scileanna duine le duine le daltaí. Ina theannta sin, soláthraíonn siad treoir agus tacaíocht do thuismitheoirí agus d’fhoireann na scoile, rud a chabhraíonn le folláine a neartú ar fud phobal na scoile i gcoitinne.
Sa mheasúnú, a rinne an Lárionad um Sheirbhísí Éifeachtacha (CES), fuarthas amach:
- Go raibh glacadh dearfach ag daltaí, tuismitheoirí, ceannairí scoile agus baill foirne le comhairleoireacht duine le duine agus tacaíocht CFO
- Gur sholáthair na tacaíochtaí buntáistí suntasacha, go háirithe do dhaltaí a mbeadh deacrachtaí acu murach sin rochtain a fháil ar thacaíocht chuí.
- Gur láidreacht thábhachtach a bhí sa tacaíocht a soláthraíodh i scoileanna, rud a fhágann go raibh siad inrochtana, go raibh eolas orthu agus go raibh siad comhtháite i ngnáthaimh laethúla na ndaltaí.
- Thuairiscigh leanaí feabhas ar rialáil mhothúchánach, teacht aniar, scileanna cumarsáide agus straitéisí chun déileáil le deacrachtaí.
- Dúirt daltaí gur mhothaigh siad gur chualathas iad, gur léiríodh meas orthu agus go bhfuair siad tacaíocht.
- Thuairiscigh leanaí gur úsáid siad cleachtaí análaithe, teicnící aireachais agus straitéisí eile chun déileáil le deacrachtaí ar scoil agus i suíomhanna eile.
- Thug tuismitheoirí athruithe dearfacha faoi deara in iompar, muinín agus folláine mhothúchánach a leanaí.
Chuir daltaí síos ar an tionchar a bhí ag na seisiúin folláine leis an CFO, á rá: "Brúnn sé gach rud dona amach as do cheann, agus bíonn tú in ann díriú ar bhreis rudaí." Dúirt dalta eile: "Mothaím níos fearr dá bharr mar chabhraigh sé liom socrú síos."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag príomhoide: "Chothaigh ár ndalta caidreamh maith leis an gcomhairleoir agus ba léir go raibh muinín aici as ón tús; chuir sé seo ar a cumas labhairt go hoscailte, go saor agus go sábháilte faoina himní dhomhain leanúnach maidir leis na réimsí a bhaineann le tinneas tromchúiseach agus an bás." Thug tuismitheoir aiseolas mar seo a leanas: "Bhí sí i bhfad níos sona tar éis gach seisiúin; bhí tionchar ollmhór ag [an gcomhairleoir] uirthi. Thaitin gach soicind de go mór léi. Bhí sé iontach di."
Ag labhairt faoi na seisiúin aonair chun scileanna a fhorbairt leis an CFO, dúirt príomhoide: "I dtréimhse sé seachtaine, is féidir an-tairbhe a bhaint as i dtaca le meon linbh a athrú nó cabhrú leis an leanbh deacracht éigin a shárú. Ba mhinic gurbh iad na leanaí sin a bheadh fágtha ar lár." Labhair tuismitheoirí go dearfach freisin faoin tábhacht a bhaineann le tacaíochtaí folláine a chur ar fáil go luath i saol an linbh. Dúirt tuismitheoir amháin: “Sílim go bhfuil sé iontach. Tá sé an-dian ar leanaí faoi láthair. Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach a chur ina gceann ó aois óg go bhfuil sé ceart go leor dul i muinín duine éigin agus labhairt leis an duine sin."
Tríd is tríd, fuarthas amach i measúnú CES gur neartaigh an clár píolótach feasacht ar fholláine i measc pobail scoile agus gur chabhraigh sé le tuiscint agus teanga chomhroinnte a fhorbairt maidir le folláine i measc daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne.
Léiríonn na torthaí luach na dtacaíochtaí luath-idirghabhála agus na dtacaíochtaí atá dírithe ar chosc i mbunscoileanna agus leagann siad béim ar an ról tábhachtach is féidir a bheith ag scoileanna chun cabhrú le leanaí teacht aniar agus straitéisí sláintiúla chun déileáil le deacrachtaí a fhorbairt agus a bheith rathúil.
Agus í ag foilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Naughton,
"Cuirim fáilte roimh an measúnú seo, a léiríonn na buntáistí dearfacha a bhaineann le tacaíochtaí comhairleoireachta agus folláine a sholáthar i suíomh na scoile.
“Fuarthas amach sa mheasúnú go raibh eispéiris dhearfacha ag daltaí agus iad ag plé le comhairleoirí agus le Cleachtóirí Folláine Oideachais, gur mhothaigh siad go gcloistear iad agus go bhfuil meas orthu, agus gur fhorbair siad uirlisí praiticiúla chun tacú le rialáil mhothúchánach agus lena sláinte agus folláine mheabhrach."
“Léiríonn na torthaí freisin an ról tábhachtach is féidir a bheith ag scoileanna maidir le folláine a chur chun cinn agus tacaíochtaí coisctheacha tráthúla a sholáthar do leanaí. Cheana féin, tá bonn eolais curtha ag na torthaí dearfacha ón gclár píolótach seo faoi leathnú na dtacaíochtaí sin, lena n-áirítear tríd an scéim DEIS Plus.
“Cé gurb iad an Roinn Sláinte agus FSS atá freagrach as measúnú speisialaithe sláinte meabhrach agus seirbhísí teiripeacha i gcónaí, is féidir le tacaíochtaí scoile cur leis na seirbhísí sin trí theacht aniar a fhorbairt, folláine a neartú agus tacú le luath-idirghabháil.”
Fuarthas amach sa mheasúnú gur chuir comhairleoireacht duine le duine tacaíocht luachmhar, spriocdhírithe ar fáil do leanaí aonair. Mar sin féin, bhí inscálaitheacht na chomhpháirte sin teoranta mar gheall ar dhúshláin maidir le comhairleoirí cáilithe agus creidiúnaithe a aimsiú, chomh maith le hatreoruithe cuí a chinntiú don chomhairleoireacht ghearrthéarmach.
I gcodarsnacht leis sin, léirigh rochtain a thabhairt do scoileanna ar Chleachtóirí Folláine Oideachais láidreachtaí ar leith maidir le teacht ar raon níos leithne daltaí, tuismitheoirí agus foirne scoile.
Mar thoradh ar luath-idirghabháil, cosc agus cur chuige scoile uile a chomhcheangal, léirigh samhail CFO acmhainneacht láidir mar chur chuige inbhuanaithe agus inscálaithe chun tacú le folláine ar fud pobail scoile, agus ag an am céanna cabhair a thabhairt lena chinntiú go bhfaigheann leanaí tacaíocht chuí ag an gcéim is luaithe is féidir.
Cheana féin, tá bonn eolais curtha ag torthaí dearfacha na scéime píolótaí faoi leathnú na dtacaíochtaí sin. I mí Dheireadh Fómhair 2024, leathnaigh an Roinn tacaíochtaí comhairleoireachta chuig 61 bunscoil uirbeach DEIS i mBaile Átha Cliath Thiar Theas agus i mBaile Átha Cliath Thuaidh.
Ina theannta sin, mar a fógraíodh i mí na Bealtaine 2026, beidh rochtain ag bunscoileanna atá rannpháirteach sa scéim DEIS Plus ar Chleachtóirí Folláine Oideachais, chomh maith le tacaíochtaí comhairleoireachta duine le duine do líon beag leanaí.
Nótaí d’Eagarthóirí
Bhí dhá shnáithe sa chlár píolótach:
- Le Snáithe 1 tugadh isteach tacaíochtaí comhairleoireachta duine le duine do leanaí a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte idir éadrom agus measartha acu i mbunscoileanna ar fud chontaetha an Chabháin, Laoise, Liatroma, Longfoirt, Mhaigh Eo, Mhuineacháin agus Thiobraid Árann.
- Le Snáithe 2 tugadh isteach CFOanna i 77 scoil ar fud ceantair chnuasaigh i gCorcaigh, Ceatharlach, Baile Átha Cliath 7 agus Baile Átha Cliath 16. Agus iad ag obair faoi threoir agus faoi mhaoirseacht síceolaithe SNSO, soláthraíonn CFOanna láithreacht rialta i scoileanna agus soláthraíonn siad tacaíochtaí luath-idirghabhála agus coisctheacha do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do bhaill foirne scoile chun folláine agus teacht aniar a neartú ar fud phobal na scoile.
An Clár Píolótach Comhairleoireachta i mBunscoileanna (Snáithe 1)
- Bhunaigh an Roinn painéil chontae de chomhairleoirí réamhcheadaithe. Tá 44 comhairleoir ar an bpainéal faoi láthair.
- Níor ceapadh an tacaíocht chomhairleoireachta le teacht in ionad sheirbhísí Síceolaíochta Cúraim Príomhúil FSS, CAMHS nó SNSO. Ina áit sin, bunaíodh í mar thacaíocht bhreise chun freagairt don éileamh méadaithe agus do na liostaí fada feithimh do sheirbhísí FSS i ndiaidh phaindéim COVID-19.
- Tacaíonn síceolaithe SNSO le scoileanna chun leanaí a shainaithint le cur ar aghaidh chuig an gcomhairleoireacht duine le duine, faoi réir thoiliú na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí. Cinntíonn sé sin go bhfuil na hatreoruithe cuí agus go bhfuil siad ag teacht leis an gcreat ‘Contanam na Tacaíochta’ de chuid na Roinne Oideachais.
- Cuimsíonn gach bloc comhairleoireachta suas le hocht seisiún atá uair an chloig ar fad, lena n-áirítear:
- Sé sheisiún duine le duine leis an leanbh.
- Dhá sheisiún ina mbíonn tuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla agus foireann ábhartha na scoile páirteach, ceann amháin sula dtosaíonn an chomhairleoireacht agus seisiún leantach amháin.
- I mí Dheireadh Fómhair 2024, leathnaíodh an clár píolótach chuig 61 bunscoil uirbeach DEIS i mBaile Átha Cliath Thiar Theas agus i mBaile Átha Cliath Thuaidh.
- I mí an Mhárta 2026, sheol an Roinn Scéim agus Plean Forfheidhmithe DEIS Plus, rud a leathnaigh an Scéim Phíolótach Comhairleoireachta i mBunscoileanna chuig 96 bunscoil.
Cleachtóirí Folláine Oideachais CFOanna (Snáithe 2)
- D’fhorbair SNSO clár cuimsitheach oiliúna agus chuir siad i bhfeidhm é chun CFOanna, ról nua san oideachas, a ullmhú chun luath-idirghabhálacha bunaithe ar fhianaise a sholáthar.
- Seoladh feachtas earcaíochta nua i mí an Mheithimh 2026 chun tacú le tuilleadh leathnaithe ar chlár na CFOanna faoi scéim DEIS Plus. Tá suim shuntasach á cur sa ról seo.
Líon na rannpháirtithe sa Chlár Píolótach
Is é 22,375 líon iomlán na leanaí bunscoile a bhain leas as an gclár go dtí seo.
- Faoi Shnáithe 1 – bhain 2,190 leanbh bunscoile leas as comhairleoireacht duine le duine.
- Faoi Shnáithe 2 – bhain 20,185 leanbh bunscoile leas as 1,224 idirghabháil.
Chomh maith leis na tairbhí do na leanaí, chuir an CFO tacaíocht ar fáil faoi Shnáithe 2 do 4,317 san iomlán, a chuimsigh tuismitheoirí/cúramóirí, baill foirne scoile agus baill de bhainistíocht na scoile:
- cuireadh 380 idirghabháil ar fáil do 2,768 ball de bhainistíocht agus d’fhoirne scoile; agus
- cuireadh 104 idirghabháil ar fáil do 1,549 tuismitheoir/cúramóir.