Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léirítear i mórstaidéar idirnáisiúnta go bhfuil scoláirí na hÉireann sa chéad áit sa léitheoireacht, sa tríú háit san eolaíocht agus sa cheathrú háit sa mhatamaitic san AE

Tá fáilte curtha ar an Aire Naughton roimh fhoilsiú thorthaí PISA 2025, ina léirítear go bhfuil scoláirí cuid mhaith os cionn na meán don AE agus ECFE san eolaíocht, sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic.

Inniu (Dé Máirt, 8 Meán Fómhair 2026), sheol an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, torthaí 2025 de chuid Chlár na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) don Chlár Measúnaithe Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA), torthaí a léiríonn go bhfuil scoláirí 15 bliana d’aois in Éirinn ag feidhmiú go láidir i gcónaí i réimsí na heolaíochta, na léitheoireachta agus na matamaitice i gcomparáid lena macasamhail san ECFE agus san AE. Tá scoláirí na hÉireann sa chéad áit sa léitheoireacht, sa tríú háit san eolaíocht agus sa cheathrú háit sa mhatamaitic as 27 tír san AE

Is tionscadal de chuid an ECFE é an Clár Measúnaithe Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA), a bhfuil Éire mar bhall de. Is iondúil go ndéantaí PISA a reáchtáil gach trí bliana (ach tá sé ag bogadh anois go dtí timthriall ceithre bliana) agus tá sé mar aidhm aige tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá scoláirí 15 bliana d'aois ag feidhmiú i dtrí chroíréimse – eolaíocht, léitheoireacht agus matamaitic – chomh maith le réimse nuálach, réimse a raibh fadhbréiteach ríomhaireachtúil i gceist leis in 2025.

Cé go ndéantar measúnú ar scoláirí i ngach croíréimse i ngach timthriall, bíonn réimse amháin i gceist mar phríomhréimse, agus ba í an eolaíocht an príomhréimse sin in 2025. D’fhreagair scoláirí ceisteanna breise san eolaíocht i gcomparáid leis an léitheoireacht nó leis an matamaitic. Cuireann sé seo sonraí níos mionsonraithe ar fáil maidir le fo-scálaí, nó réimsí foghlama, laistigh den réimse sin.

Ba é 2025 an naoú timthriall de PISA. Rinneadh an príomhstaidéar i 172 scoil in Éirinn idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin, agus ghlac 6,356 scoláire páirt ann. Tháinig méadú ar líon na dtíortha/na ngeilleagar a ghlac páirt, ó 32 sa bhliain 2000 go dtí 91 do PISA 2025 (lena n-áirítear 38 tír de chuid an ECFE agus 27 tír de chuid an AE) — rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na staidéir is mó dá leithéid.

I measc na bpríomhthorthaí ó mheasúnuithe 2025 tá siad seo a leanas:

  • Tá scoláirí in Éirinn cuid mhaith níos airde ná meán an AE agus an ECFE i ngach ceann de na croíréimsí, agus tá a bhfeidhmíocht sa léitheoireacht i measc na gcinn is airde ar fud thíortha an ECFE agus an AE.
  • Tá Éire ag feidhmiú go láidir i gcónaí ar fud thíortha an AE agus í sa chéad áit san AE sa léitheoireacht, sa tríú háit san eolaíocht agus sa cheathrú háit sa mhatamaitic.
  • Tá scoláirí in Éirinn níos airde ná meán an AE agus an ECFE freisin sa réimse nuálach a bhainne le fadhbréiteach ríomhaireachtúil.
  • I dtaca le scóir PISA, breathnaíodh meathlú ar fud na dtrí chroíréimse san ECFE agus san AE. Tharla meathlú den chineál céanna in Éirinn, ach ar leibhéal níos ísle ná mar a tharla san ECFE ná san AE.
  • I ngach ceann de na trí chroíréimse, bhí sciar níos lú de scoláirí ísealghnóthachtála in Éirinn ná an meán san ECFE agus san AE.
  • Sa léitheoireacht agus san eolaíocht, bhí sciar níos mó de scoláirí ardghnóthachtála in Éirinn ná an meán san ECFE agus san AE.
  • Sa mhatamaitic, bhí sciar na hÉireann de scoláirí ardghnóthachtála ar aon dul leis an meán san AE ach níos lú ná an meán san ECFE.

Dúirt an tAire Naughton:

“Tugann seoladh thorthaí PISA inniu léargas uathúil dúinn ar an mbealach a gcuireann scoláirí 15 bliana d’aois in Éirinn an t-eolas agus na scileanna a fuair siad ar scoil sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht i bhfeidhm ar fhadhbanna agus ar chásanna sa saol mar atá.

“Léiríonn na torthaí go bhfuil Éire ag feidhmiú go láidir i gcónaí taobh istigh den chomhthéacs idirnáisiúnta, agus suíomh ard á coinneáil aici ar fud na réimsí go léir, go háirithe sa léitheoireacht. Is fianaise mhaith atá sa mhéid sin ar cháilíocht ar gcórais oideachais, ar córas é a léirigh le blianta beaga anuas go bhfuil sé láidir agus é ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin agus go bhfuil sé ábalta é féin a chur in oiriúint do riachtanais atá ag athrú de shíor.

"Tá tionchair fhadtéarmacha na paindéime le feiceáil go fóill in eispéiris daoine óga agus cuireann treochtaí atá ag athrú sa tsochaí brú breise ar ár gcóras oideachais. Tá áthas orm a rá go bhfuil ár n-áit sna leibhéil feidhmíochta is airde coinnithe againn, go háirithe agus deich gcinn de thíortha agus de gheilleagair bhreise curtha leis an líon rannpháirtithe in 2025. Chinntíomar freisin go bhfuil líon na scoláirí ísealghnóthachtála i measc an lín is lú ar fud an ECFE agus an AE. Is léiriú é sin ar an gcur chuige cuimsitheach atá ag córas oideachais na hÉireann, córas ina bhfuil meas ar gach foghlaimeoir agus ina dtugtar tacaíocht dó nó di chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.

"Tá caighdeáin an-ard ag scoláirí in Éirinn maidir leis an léitheoireacht, agus iad ar na caighdeáin is fearr dá bhfuil ann agus tá an chéad áit san AE coinnithe acu. Ag an am céanna, tugtar faoi deara go bhfuil laghdú tagtha ar scóir léitheoireachta i bhformhór na dtíortha, agus san AE go háirithe. Ní mór breithniú a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis sin agus iad a thuiscint más mian linn dul i ngleic leis an treocht seo. Ar scoil agus sa bhaile araon, ní mór dúinn leanúint de bheith ag cur na litearthachta chun cinn agus ag tacú léi, chomh maith le dea-nósanna léitheoireachta a spreagadh inár leanaí agus inár ndaoine óga.

"Maidir leis an eolaíocht, tugann seasmhacht na dtorthaí dearbhú dúinn go bhfuil ár gcur chuige i leith oideachas eolaíochta ag obair. Tá mórán snáitheanna éagsúla ar fud straitéisí agus idirghabhálacha éagsúla á bhfí le chéile chun tacú lenár rath anseo, go háirithe ár mBeartas um Oideachas ETIM. Ní raibh aon athrú suntasach ar an scór i gcomparáid le timthriallta PISA roimhe seo, agus d'fheidhmigh Éire níos fearr ná meán an ECFE agus an AE ar fud gach fo-scála maidir le hinniúlacht eolaíochta.

"Ar an iomlán, tá ár dtorthaí matamaitice fabhrach, agus scóir níos airde againn ná meáin an ECFE agus an AE. Mar sin féin, tá treocht ghinearálta meathlaithe le feiceáil i gcomparáid le gach timthriall roimhe seo ó 2015. Breathnaíodh meathlú comhchosúil freisin, ar an meán, ar fud an ECFE agus an AE. Ní mór dúinn féachaint le foghlaim uaidh sin agus breithniú a dhéanamh ar na bearta a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun an treocht sin a aisiompú ar an mbealach is fearr.

"I réimse nuálach an fhadhbréitigh ríomhaireachtúil, scóráil scoláirí na hÉireann níos airde arís ná a gcomhghleacaithe san AE agus san ECFE, i dtéarmaí an scóir fhoriomláin sa réimse seo agus ina dhá fho-scála, samhaltú agus ríomhchlárú.

"Déanaim comhghairdeas lenár scoláirí as an gcaoi ar éirigh leo in PISA 2025 agus glacaim buíochas ó chroí leis na daoine ar fad a bhí páirteach ann as an obair chrua ar fad a rinne siad chun an lá seo a chur ar fáil.”

Tuilleadh eolais

Is féidir an tuarascáil náisiúnta maidir le PISA 2025 in Éirinn a fháil ag www.erc.ie.

Is féidir tuarascálacha idirnáisiúnta maidir le PISA 2025 a fháil ag www.oecd.org/pisa.

Is féidir míreanna samplacha ó réimsí na matamaitice, na litearthachta léitheoireachta agus na heolaíochta in PISA a fheiceáil ar bhealach idirghníomhach ag www.oecd.org/pisa.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:

Rachel Perkins, Bainisteoir Náisiúnta Tionscadail, PISA 2025

Anastasios Karakolidis, Foireann Náisiúnta Taighde, PISA 2025

PISA.Ireland@erc.ie

Eolas Breise faoi PISA

Cad is PISA ann?

  • Is tionscadal de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) é an Clár Measúnaithe Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA) a bhfuil sé mar aidhm aige tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá daltaí 15 bliana d’aois ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a d’fhéadfadh teacht rompu sa saol amach anseo, an t-oideachas san áireamh. Déanann PISA measúnú ar scoláirí sna trí chroíréimse — léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht — chomh maith le réimse nuálach amháin (réimse an fhadhbréitigh ríomhaireachtúil in 2025).
  • De ghnáth, reáchtáiltear PISA gach trí bliana ach cuireadh an t-ochtú timthriall den staidéar, a raibh sé beartaithe riarachán an Phríomhstaidéir a dhéanamh ina leith in 2021, ar athlá ar feadh bliana mar gheall ar phaindéim COVID-19. Amach anseo, reáchtálfar PISA ar thimthriall ceithre bliana; dá bhrí sin, beidh an chéad timthriall eile de PISA ar siúl in 2029.
  • Bunaítear PISA ar shampla ionadaíoch de scoláirí 15 bliana d’aois i ngach ceann de na tíortha rannpháirteacha. Ghlac breis agus 760,000 scoláire ar fud an domhain páirt in PISA. In Éirinn, roghnaíodh 7,843 scoláire san iomlán as 172 scoil chun páirt a ghlacadh in PISA 2025.
  • In Éirinn in 2025, bhí formhór scoláirí PISA sa tríú bliain (65.1 faoin gcéad), agus san idirbhliain (27.9 faoin gcéad) ina dhiaidh sin. Bhí céatadán sách beag sa chúigiú nó sa séú bliain (5.7 faoin gcéad), agus líon níos lú arís sa chéad nó sa dara bliain (1.4 faoin gcéad). Ar aon dul le timthriallta roimhe seo, ghlac líon comhchosúil buachaillí agus cailíní páirt in PISA 2025 in Éirinn. Tháinig méadú ar chéatadán na scoláirí in Éirinn a raibh cúlra inimirceach acu agus a ghlac páirt in PISA ó 17.4 faoin gcéad in 2022 go dtí 23.1 faoin gcéad in 2025.
  • Tuilleadh eolais faoi PISA: https://www.oecd.org/pisa/ agus https://www.erc.ie/studies/pisa/

Conas a reáchtáiltear PISA?

  • Déanann rialtais na mballstát PISA a stiúradh trí Rúnaíocht ECFE, bunaithe ar leasanna comhroinnte atá bunaithe ar bheartais. Déanann cuibhreannas institiúidí bainistiú ar PISA. In Éirinn, is é an Foras Taighde ar Oideachas (ERC) a riarann PISA thar ceann na Roinne Oideachais agus Óige.
  • In Éirinn, rinne cigirí ón Roinn Oideachais agus Óige, i gcomhar le cigirí ar scor, príomhoidí ar scor agus ionadaithe ón ERC, PISA 2025 a riar i scoileanna. Chun sampla ionadaíoch de phobal na scoileanna agus na scoláirí a fháil, cuireadh scoileanna i ngrúpaí i dtús báire de réir mhéid an rollaithe agus de réir earnála (i.e. meánscoil, BOO/gairmoideachas, pobalscoil/scoil chuimsitheach), agus ina dhiaidh sin de réir inscne na scoile agus comhiomlánú ar leibhéal na scoile maidir le stádas socheacnamaíoch na scoláirí.

Cad a dhéanann PISA a mheas?

  • Déanann gach timthriall de PISA measúnú ar na trí réimse, an eolaíocht, an léitheoireacht agus an mhatamaitic; mar sin féin i ngach timthriall dírítear ar bhealach ar leith ar cheann amháin acu mar an ‘mór-réimse’. Leithdháiltear am breise measúnaithe don mhór-réimse chun gur féidir scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar na hinniúlachtaí a fhorbraítear mar chuid den oideachas sa réimse sin. In 2025, ba í an eolaíocht an mór-réimse, agus leithdháileadh níos mó ama measúnaithe uirthi ná mar a rinneadh don léitheoireacht nó don mhatamaitic; bhí sí ina mór-réimse cheana féin in 2015 agus in 2006.
  • Sainmhínítear gnóthachtálacha na scoláirí san oideachas eolaíochta de réir an chumais eolas agus faisnéis eolaíoch a úsáid ar bhealach idirghníomhach. Go sonrach, déantar measúnú ar scoláirí bunaithe ar thrí inniúlacht:
    • Feiniméin a mhíniú ar bhealach eolaíoch (Míniúcháin ar réimse feiniméan nádúrtha agus teicneolaíoch a aithint, a chruthú, a chur i bhfeidhm agus a mheas).
    • Dearaí le haghaidh fiosrúchán eolaíoch a chruthú agus a mheas, agus sonraí agus fianaise eolaíoch a léirmhíniú go criticiúil (Breithmheas a thabhairt ar bhealaí chun ceisteanna a fhiosrú ar bhealach eolaíoch agus iad a mheas chomh maith le sonraí eolaíocha a léirmhíniú agus a mheas go criticiúil).
    • Taighde a dhéanamh ar fhaisnéis eolaíoch agus í a mheas agus a úsáid chun cinntí a dhéanamh agus chun gníomhú (Faisnéis eolaíoch a fháil faoi shaincheist shonrach dhomhanda, áitiúil nó phearsanta a bhaineann leis an eolaíocht, agus a hiontaofacht, a lochtanna féideartha agus na himpleachtaí a bhaineann léi do chinntí pearsanta agus pobail a mheas).
  • In PISA 2025, rinneadh measúnú freisin ar an méid eolais a bhí ag daoine a bhí 15 bliana d’aois maidir le saincheisteanna comhshaoil, an méid a bhí siad sin ina n-ábhar imní dóibh agus a gcumas gníomh a dhéanamh ina leith mar thoradh ar a gcuid oideachais eolaíochta (i.e. eolaíocht chomhshaoil).
  • Ba é an fhoghlaim sa domhan digiteach an réimse nuálach nua a ndearnadh é a mheas in PISA 2025, a shainmhínítear mar an cumas páirt a ghlacadh i bpróiseas atriallach agus féin-rialaithe maidir le heolas a thógáil agus fadhbanna a réiteach agus úsáid á baint as uirlisí agus cleachtais ríomhaireachtúla. Déantar measúnú ar ghnéithe cognaíocha an tógáin seo trí scála amháin, is é sin fadhbréiteach ríomhaireachtúil.
  • Tagraíonn meán ECFE do thimthriall ar leith don mheán ar fud thíortha an ECFE don táscaire atá i gceist (e.g., gnóthachtáil san eolaíocht), agus rannchuidíonn gach tír go cothrom leis. Maidir le PISA 2025, ghlac gach ceann de na 38 ballstát san ECFE páirt in PISA agus cuirtear a gcuid meastachán san áireamh i meán ECFE. Socraíodh triailscóir PISA ar scála a raibh meán ECFE de 500 agus diall caighdeánach de 100 i gceist leis, sa chéad timthriall inar tugadh stádas mór do réimse – an bhliain 2000 don léitheoireacht, 2003 don mhatamaitic, agus 2006 don eolaíocht. Ciallaíonn sé sin gur féidir comparáid a dhéanamh idir na trialacha i ngach timthriall de PISA agus na torthaí ó thimthriallta roimhe seo.
  • Bailíonn PISA eolas comhthéacsúil freisin le ceistneoirí a chomhlánaíonn scoláirí, tuismitheoirí agus ceannairí scoile. In Éirinn in 2025, bhí na ceistneoirí seo a leanas i gceist:
    • Ceistneoir scoláire
    • Ceistneoir scoile
    • Ceistneoir maidir le heolas ar TFC (á chomhlánú ag an scoláire)
    • Ceistneoir do Thuismitheoir/Chaomhnóirí
    • Ceistneoir don chomhordaitheoir eolaíochta

Cad iad na saincheisteanna ar cheart iad a bhreithniú agus treochtaí thar thréimhse ama á léirmhíniú?

  • Tá líon na dtíortha/ngeilleagar atá rannpháirteach in PISA ag méadú i gcónaí le himeacht ama agus dá bharr sin tá líon níos mó iomaitheoirí ann ar féidir feidhmíocht na hÉireann a chur i gcomparáid leo. In 2025, bhí 91 tír/geilleagar rannpháirteach, i gcomparáid le 81 tír/geilleagar in 2022.
  • Tá meáin ECFE ag laghdú go seasta sna trí phríomhréimse sna timthriallta PISA is déanaí. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar léiriú ar threochtaí sochaíocha atá ag athrú, amhail an chaoi a bhfoghlaimíonn scoláirí agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad le faisnéis, nó ar athruithe déimeagrafacha sna tíortha rannpháirteacha.
  • Ba cheart a bheith cúramach agus breathnú á dhéanamh ar na treochtaí idir 2022 agus 2025, ós rud é gur bliain aimhrialta a bhí in 2022 de bharr na dtionchar láithreach a bhí ag COVID ar pharaiméadair na tástála. Agus scóir PISA 2022 á gcur i gcomparáid le timthriallta eile, ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh thart ar cheithre phointe den difríocht a bheith mar thoradh ar chlaonadh in airde seachas fíorathruithe ar fheidhmíocht.

Aguisín A

Sracfhéachaint ar shuíomh na hÉireann bunaithe ar an meánscór don eolaíocht

Líon iomlán (91 tír) ECFE (38 tír) AE (27 tír)
B-S-J-Z (An tSín) (597) 1.    An tSeapáin (538) An
Eastóin (527)
Singeapór
(560)
2.    An Eastóin (527) An
Fhionlainn (504)
Macao (An tSín) (541) 3.    An Chóiré (526) Éire (500)
An tSín (Tai-pei) (540) 4.    An Ríocht Aontaithe (511)
An tSeapáin (538) 5.    Ceanada (510)
An Eastóin (527) 6.    An Nua-Shéalainn (509)
An Chóiré (526) 7.    An Astráil (509)
An Ríocht Aontaithe (511) 8.    An Fhionlainn (504)
Ceanada (510) 9.    Na Stáit Aontaithe (502)
An Nua-Shéalainn (509) 10.  An Eilvéis (501)
An Astráil (509) 11.  Éire (500)
An Fhionlainn *(504)
Na Stáit Aontaithe *(502)
An Eilvéis *(501)
15. Éire (500)

*Tíortha nach raibh difríocht shuntasach ó thaobh staitisticí de idir a meánscór siúd agus meánscór na hÉireann

Sracfhéachaint ar shuíomh na hÉireann ar an liosta bunaithe ar an meánscór don léitheoireacht

Líon iomlán (91 tír) ECFE (38 tír) AE (27 tír)
Singeapór (535) An
tSeapáin (503)
1. Éire (500)
BSJZ
(An tSín) (527)
An
Chóiré (501)
2.An Eastóin ( 499)
An tSín (Tai-pei) (508) Éire (500)
An tSeapáin *(503) An Eastóin (499)
Macao * (An tSín) (501)
An Chóiré * (501)
Éire (500)
An Eastóin* (499)

*Tíortha nach raibh difríocht shuntasach ó thaobh staitisticí de idir a meánscór siúd agus meánscór na hÉireann

Sracfhéachaint ar shuíomh na hÉireann ar an liosta bunaithe ar an meánscór don mhatamaitic

Líon iomlán (91 tír) ECFE (38 tír) AE (27 tír)
1.      BSJZ (An tSín) (612) An
tSeapáin (525)
An Eastóin (508)
2.      Singeapór (563) An
Chóiré (522)
An
Pholainn (484)
3.      Macao (An tSín) (549) An
Eastóin (508)
An Ísiltír (484)
4.      An tSín (Tai-pei) (546) An
Eilvéis (499)
Éire (480)
5.      An tSeapáin (525) An
Ríocht Aontaithe (488)
6.      An Chóiré (522) Ceanada
(485)
7.      Hong Cong (An tSín) (522) An
Pholainn (484)
8.      An Eastóin (508) An
Ísiltír (483)
9.      An Eilvéis (499) Éire (480)
10. An Ríocht Aontaithe (488)
11. Ceanada* (485)
12. An Pholainn* (484)
13. An Ísiltír (483)
14. Éire (480)

*Tíortha nach raibh difríocht shuntasach ó thaobh staitisticí de idir a meánscór siúd agus meánscór na hÉireann

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat