Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire McEntee an spás lasmuigh a hathchóiríodh le déanaí a oscailt go hoifigiúil ag Scoil Naomh Cianain, Baile Chúisín i gCo na Mí

Tá Helen McEntee, an tAire Oideachais agus Óige tar éis an spáis lasmuigh seo ag Scoil Naomh Cianain i gCo na Mí a hathchóiríodh le déanaí a oscailt go hoifigiúil inniu ( Dé Luain).

Thug an tAire cuairt ar dhá scoil i gCo na Mí inniu, agus mhol sí an obair iontach atá á déanamh ar mhaithe le scoláirí.

Agus í ag caint inniu, dúirt an tAire McEntee an méid seo:

“Is lá mór é seo do Scoil Naomh Cianain, ar a dtugtar Scoil Náisiúnta Bhaile Chúisín freisin, go háirithe ag tús na scoilbhliana agus muid in ann oscailt an spáis lasmuigh a hathchóiríodh le déanaí a cheiliúradh. Bainfidh sibh an-tairbhe as an spás iontach seo le linn na bliana, gan amhras.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Bhord Bainistíochta faoi stiúir a n-iontaobhaithe mar gheall ar a ngealltanas chun tacú leis an tionscadal a thabhairt chun críche. Níorbh fhéidir an tionscadal seo a bhaint amach gan an obair shárluachmhar a rinne na hoibrithe deonacha a d’oibrigh go dian chun an spás fáilteach seo a chruthú.

“Is léir go raibh go raibh dlúthchomhar i gceist maidir le bainistíocht an tionscadail seo. Ba chóir a gceart a thabhairt don Bhord agus go háirithe do na hoibrithe deonacha a d’oibrigh gan stad gan staonadh ar mhaithe leis an scoil.”

Ghlac an tAire buíochas le Príomhoide na Scoile Caitríona Traynor, Leas-Phríomhoide Michael Malloy agus Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta Jim Brady as an gcuireadh chuig an scoil.

Thug sí moladh mór freisin d’obair mhór mhaith na dtuismitheoirí ar son na scoile.

Dúirt an tAire:

“Cuireann tacaíocht na dtuismitheoirí in go leor gnéithe de shaol na scoile go suntasach le cáilíocht na taithí a chuirtear ar fáil do dhaltaí na scoile seo.”

Níos luaithe inniu, thug an tAire McEntee cuairt ar Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig in Ard Catha, Co. na Mí freisin, agus bhuail sí leis an bhfoireann, an Príomhoide Fiona Daly san áireamh, agus le scoláirí. Chuala an tAire go pearsanta ó na scoláirí faoi na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh atá idir lámha acu ag an scoil agus mhol sí iad mar gheall ar a gcuid oibre.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat