Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Moynihan comhghairdeas leo siúd a bhain cáilíocht amach ón gClár Oiliúna Náisiúnta do CRSanna in COBÁC

Déanann an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, comhghairdeas le 812 Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) a bhfuil cáilíocht á baint amach acu don bhliain acadúil 2024/2025 ón gClár Oiliúna Náisiúnta do CRSanna sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) inniu.

Tá an cúrsa á mhaoiniú go hiomlán ag an Roinn Oideachais agus Óige, tríd an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus cuirtear an cúrsa ar fáil saor in aisce do CRSanna i mbunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta. Tá an cúrsa críochnaithe ag 3,775 CRS ó cuireadh tús leis in 2021. Tá an cúrsa creidiúnaithe mar Dhámhachtain Sainchuspóra Leibhéal 6 faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), agus tá sé oiriúnaithe do riachtanais ról an CRS.

Agus é i láthair ag an searmanas bronnta i Halla Uí Raghallaigh ar champas Belfield, COBÁC, dúirt an tAire Moynihan:

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh leis na CRSanna a bhain cáilíocht amach ón gClár Oiliúna Náisiúnta do CRSanna inniu in COBÁC. Léiríonn a dtiomantas do chríochnú an chúrsa seo agus iad ag obair inár scoileanna a ndíograis maidir le tacú le leanaí agus le daoine óga chun páirt a ghlacadh san oideachas. Is lá an-speisialta é seo dóibh féin agus dá dteaghlaigh.

“Tá ról lárnach ag CRSanna inár scoileanna, ag cinntiú go dtacaítear le leanaí agus le daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun rochtain a fháil ar a gcuid oideachais. Tá spéis mhór sa chúrsa seo, rud a léiríonn cé chomh díograiseach is atá ár bhfórsa saothair CRSanna. Is léir gur mian le CRSanna a lándícheall a dhéanamh do na leanaí agus na daoine óga a dtacaíonn siad leo. Is creidiúint iad dár scoileanna agus tá a dtiomantas dá gcuid oibre thar a bheith soiléir.

“Tá áthas orm go bhfuil mo roinn ag leanúint ar aghaidh ag infheistiú sa deis uathúil seo le haghaidh breis foghlama do CRSanna san fhórsa saothair. Rinne COBÁC ábhar an chúrsa a dhearadh go cúramach i gcomhar le CNOS chun deis a thabhairt do CRSanna a gcuid scileanna a fheabhsú chun tacú le leanaí agus daoine óga inár scoileanna. Comhghairdeas leis na 812 CRS a bhain cáilíocht amach inniu.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Cúlra

  • San Athbhreithniú ar Scéim na CRSanna in 2018, a d’fhoilsigh CNOS, tá moladh maidir le clár oiliúna náisiúnta ar líne a sholáthar.
  • Tá an cúrsa, a cuireadh ar fáil do CRSanna den chéad uair in 2021, creidiúnaithe mar dhámhachtain Sainchuspóra Leibhéal 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC).
  • Tá an cúrsa, a soláthraíodh go hiomlán ar líne, á mhaoiniú go hiomlán ag an roinn agus déantar é a sholáthar saor in aisce do CRSanna atá ag obair faoi láthair i scoileanna speisialta, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta.
  • Tá na 812 duine a bhain cáilíocht amach don bhliain acadúil 2024/2025 mar bhreis ar 2,962 CRS a chríochnaigh an cúrsa roimhe seo, rud a fhágann go bhfuil 3,775 CRS tar éis an dámhachtain Sainchuspóra Leibhéal 6 seo a bhaint amach ó sheol COBÁC na cúrsaí in 2021.

Leanúint ar aghaidh leis an gClár Oiliúna Náisiúnta do Chúntóirí Riachtanais Speisialta

  • I mí Feabhra 2025, d’fhógair na hAirí McEntee agus Moynihan conradh €1.9m chun leanúint leis an gClár Oiliúna Náisiúnta do CRSanna.
  • Tar éis próiseas soláthair chun leanúint leis an gClár Oiliúna Náisiúnta do CRSanna, bronnadh conradh ar Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) chun leanúint leis an gclár seo a sholáthar ó mhí Mheán Fómhair 2025.
  • Tá an cúrsa á stiúradh faoi láthair ag Campas Naomh Aingeal i Loch Gile, Co. Shligigh agus cuirfear ar fáil i gcomhpháirt é idir Scoil an Oideachais agus Scoil an Altranais, na nEolaíochtaí Sláinte agus na Staidéar Míchumais in OTA Naomh Aingeal.
  • Cuirfidh OTA Naomh Aingeal Dámhachtain Sainchuspóra Leibhéal 6 60 uair an chloig atá creidiúnaithe ag an Ollscoil ar fáil faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC). Tá na modúil á soláthar i gcur chuige foghlama cumaisc a sholáthraíonn eispéiris foghlama tarraingteacha agus solúbtha.
  • Cuirfidh an cúrsa an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha ar fáil do CRSanna chun a bheith éifeachtach i dtaca le riachtanais chúraim na scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais agus riachtanais chúraim shonracha acu i gcomhthéacsanna éagsúla ar fud na suíomhanna oideachais.
  • Is Saineolaithe Ábhair (SMEanna) ó Scoil an Oideachais agus ó Scoil an Altranais, na nEolaíochtaí Sláinte agus na Míchumais a dhear an clár.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat