An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ciste de €1 mhilliún chun tacú le tionscadail inbhuanaitheachta i scoileanna fógartha ag an Aire Naughton
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, inniu tionscnamh maoinithe de €1 milliún chun tacú le scoileanna ar fud na tíre tionscadail nuálacha um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) a sholáthar.
Tugtar cuireadh anois do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna iarratas a dhéanamh ar dheontais suas le €2,500 chun tionscadail atá dírithe ar inbhuanaitheacht a fhorbairt atá ailínithe le dara Straitéis Náisiúnta an Rialtais maidir le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe, OFI go dtí 2030.
Le ceithre bliana anuas, tá scoileanna atá rannpháirteach sa tionscnamh tar éis maoiniú a úsáid chun raon leathan de thionscadail a bhfuil tionchar acu a chruthú, lena n-áirítear gairdíní scoile, seomraí ranga lasmuigh, scoileanna foraoise, córais athchúrsála agus múirínithe, bith-dhíleaiteoirí, cláir laghdaithe dramhaíola bia, feachtais feasachta faoi fhaisean tapa, córais bailithe uisce báistí agus uisciúcháin agus tionscnaimh oideachais fuinnimh.
Táthar ag súil go mbeidh tionscadail a mhaoinítear faoin scéim faoi stiúir scoláirí agus go gcaithfidh gné den fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí (FGM) a bheith san áireamh iontu chun cabhrú le hinbhuanaitheacht a leabú ar fud phobal uile na scoile.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, agus an maoiniú á fhógairt aici:
"Tá sé mar aidhm ag OFI go dtí 2030 a chinntiú go bhforbraíonn gach foghlaimeoir an t-eolas, na scileanna agus na luachanna atá riachtanach chun cur le todhchaí níos inbhuanaithe. Infheistíocht inár scoláirí, inár scoileanna agus inár bpobail is ea an infheistíocht a dhéantar in Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe.
“Leis an maoiniú seo, táimid ag cumasú scoileanna chun beocht a chur san inbhuanaitheacht le tionscadail phraiticiúla, fhiúntacha a fheabhsaíonn foghlaim agus a neartaíonn ceannaireacht ar fud phobal uile na scoile.
“Ullmhaíonn Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe daoine óga chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin is práinní sa tsochaí sa lá atá inniu ann agus ina measc sin tá gníomhú ar son na haeráide, cosaint na bithéagsúlachta, laghdú dramhaíola, saoránacht agus cuimsiú sóisialta. Príomhthosaíocht do thionscadail scoile i scoilbhliain 2026/27 is ea gníomhaíocht phobail áitiúil, ag spreagadh scoláirí chun difríocht dhearfach agus bhuan a dhéanamh ina bpobail féin.
“Tá cruthaitheacht agus tiomantas suntasach léirithe ag scoileanna ar fud na hÉireann cheana féin agus tionscadail á soláthar acu faoin tionscnamh seo. Tá a gcuid oibre ag cabhrú le hiompraíochtaí níos inbhuanaithe a mhúnlú agus pobail níos láidre, níos acmhainní a chruthú. Molaim do gach scoil machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leo inbhuanaitheacht a chur chun cinn ina suíomhanna féin agus iarratas a dhéanamh ar an deis mhaoinithe seo.
“Le OFI go dtí 2030, táimid ag leanúint ar aghaidh ag tógáil todhchaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos córa.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá comhurraíocht á déanamh ag an Roinn Oideachais agus Óige, ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ag an Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais ar an 2ú Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe – OFI go dtí 2030.
Tá sé mar aidhm ag OFI go dtí 2030 a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna atá riachtanach chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ag gach foghlaimeoir.
Tacaíonn OFI go dtí 2030 le forfheidhmiú an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Phlean Náisiúnta um Fhorfheidhmiú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Chomhaontú Glas an AE agus Clár 2030 na Náisiún Aontaithe.
Is féidir le scoileanna úsáid a bhaint as an maoiniú OFI go dtí 2030 chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thionscadail OFI agus chun dul i mbun plé lena bpobail áitiúla d’fhonn comhpháirtíochtaí don inbhuanaitheacht a chruthú. Tá sé mar aidhm ag OFI go dtí 2030 freisin cumas na múinteoirí a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm a Ráiteas Beartais Inbhuanaitheachta agus an Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide d’Earnáil na Scoileanna.
Is próiseas iomaíoch é an ghairm ar mhaoiniú do scoileanna, agus tabharfar tús áite do scoileanna nach bhfuair maoiniú OFI roimhe seo.
Tá an Fhoireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do Scoileanna a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2023 ag tacú le scoileanna chun a Ráitis Beartais Inbhuanaitheachta a fhorbairt agus a fhoilsiú agus timpeallachtaí scoile agus áitiúla níos inbhuanaithe a chur chun cinn.
Ó 2022 i leith, tá breis agus €2 mhilliún dáilte ar fud 750 tionscadal a bhaineann le OFI. In 2025/26, chuir an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú de €850,000 ar fáil do 390 bunscoil agus iar-bhunscoil – an líon ab airde riamh.
Chomh maith leis an maoiniú do scoileanna, d’fhógair an tAire Naughton i mí Lúnasa go raibh maoiniú de €624,000 bronnta ar eagraíochtaí a bhí ag soláthar tionscadal a bhaineann le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe.
Tá tuilleadh eolais maidir le OFI go dtí 2030, deontaithe maoinithe agus an fhoireann uirlisí inbhuanaitheachta ar fáil ar an leathanach gréasáin: gov.ie - An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn (www.gov.ie))
Chun sonraí a fháil do scoileanna atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, féach https://www.gov.ie/en/department-of-education/publications/national-strategy-on-education-for-sustainable-development-in-ireland/#esd-to-2030-funding