Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aird á tarraingt ag an Aire Naughton ar Thinreamh Rialta agus tús á chur arís leis an bhfeachtas ‘Is Lá Nua é Gach Lá Scoile’

Díríonn taighde nua ón ESRI agus Cruinniú Mullaigh TESS maidir le Tinreamh Scoile 2026 atá ar na bacáin, aird ar an mbéim atá á leagan, ar bhonn náisiúnta, ar thacaíocht a thabhairt don tinreamh agus do rannpháirtíocht scoláirí

Dhírigh an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, aird inniu ar an tábhacht a bhaineann le tinreamh scoile rialta agus an chéim is déanaí den fheachtas náisiúnta ‘Is Lá Nua é Gach Lá Scoile’ á seoladh an tseachtain seo ar an teilifís, ar an raidió, ar ardáin dhigiteacha agus ar ardáin na meán sóisialta.

Faoi stiúir Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) agus le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Óige, cuireann an feachtas i gcuimhne do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh go dtugann gach lá scoile deis nua chun foghlaim a dhéanamh, a bheith rannpháirteach, cairdeas a chothú agus na scileanna agus an mhuinín a fhorbairt a theastaíonn chun a bheith rathúil ar scoil agus ina dhiaidh sin.

Tá an chéim is déanaí den fheachtas ag teacht chun cinn ag an am a bhfuil teaghlaigh ag socrú isteach sna gnáthaimh ag tús na scoilbhliana.

Níos déanaí an mhí seo, tiocfaidh páirtithe leasmhara ó earnáil an oideachais le chéile ag Cruinniú Mullaigh TESS maidir le Tinreamh Scoile 2026 i bPáirc an Chrócaigh, ar cruinniú é atá dírithe ar cheart an linbh oideachas a fháil. Éistfidh toscairí ó ranna rialtais, ó ghníomhaireachtaí stáit agus ó earnáil an phobail agus ón earnáil dheonach le tuairimí leanaí, daoine óga agus tuismitheoirí maidir le tinreamh scoile, agus pléifidh siad réitigh ar dhúshláin leanúnacha a bhaineann le tinreamh.

Roimh an gcruinniú mullaigh, tá sé i gceist ag TESS agus ag an ESRI taighde nua a fhoilsiú maidir le tinreamh scoile, lena n-áirítear taighde ó TESS ar thuairimí tuismitheoirí agus scoláirí. Tá an tuarascáil ón ESRI, Treochtaí Neamhláithreachta ar scoil ó 9 mbliana d'aois go dtí 13 bliana d’aois agus thar thréimhse ama, le foilsiú an tseachtain seo. Arna choimisiúnú ag TESS ag baint úsáid as sonraí ón staidéar Ag Fás Suas in Éirinn, scrúdaítear sa tuarascáil patrúin neamhláithreachta ar scoil chomh maith leis na tosca teaghlaigh, scoile agus comharsanachta a mbíonn tionchar acu ar thinreamh i measc leanaí agus daoine óga.

Dúirt an tAire Naughton:

"Is deis nua é gach lá scoile do leanaí agus do dhaoine óga foghlaim, fás, cairdeas a chothú agus scileanna a fhorbairt a theastaíonn uathu don todhchaí.

"Tá tinreamh rialta ar cheann de na bunchlocha is láidre le haghaidh torthaí dearfacha oideachais, sóisialta agus mothúchánacha a bhaint amach. De réir mar a shocraíonn teaghlaigh ar ais ina ngnáthaimh scoile, molaim do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí tosaíocht a thabhairt don tinreamh scoile i mbliana agus tacú lena leanaí a bheith i láthair agus rannpháirteach gach lá.

"Léiríonn Is Lá Nua é Gach Lá Scoile, Cruinniú Mullaigh TESS maidir le Tinreamh Scoile atá ar na bacáin, agus taighde nua ESRI, ár dtiomantas comhroinnte maidir le tuiscint a fháil ar phátrúin tinrimh agus tacaíochtaí do leanaí agus do dhaoine óga a neartú. Cabhróidh siad chun bonn eolais a chur faoinár n-iarrachtaí leanúnacha ar fud an chórais oideachais chun tacú le tinreamh agus rannpháirtíocht.

"Tá obair den scoth ar siúl ar fud na hÉireann gach lá chun tacú le tinreamh. Tá ceannairí scoile, múinteoirí, comhordaitheoirí Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail, oifigigh leasa oideachais agus mórán eile ag obair gan stad gan staonadh chun cabhrú le scoláirí bacainní ar thinreamh a shárú agus fanacht rannpháirteach ina gcuid oideachais.

"Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair den scoth atá á déanamh ag scoileanna, teaghlaigh agus seirbhísí tacaíochta ar fud na tíre atá ag cabhrú le scoláirí bacainní ar thinreamh a shárú agus a lánacmhainneacht a bhaint amach."

Dúirt Áine O'Keeffe, Stiúrthóir Náisiúnta Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS):

"San fheachtas 'Is Lá Nua é Gach Lá Scoile' dírítear aird ar theachtaireacht atá simplí ach cumhachtach: tá tábhacht ag baint le gach lá ar scoil agus tugann gach lá deiseanna nua do leanaí agus do dhaoine óga.

“Cothaíonn tinreamh rialta scoile an fhoghlaim, an fholláine, an fhorbairt shóisialta agus mothú muintearais. Nuair a bhíonn leanaí i láthair agus i mbun rannpháirtíochta ar scoil, bíonn siad i riocht níos fearr chun leas a bhaint as gach gné den oideachas.

“Táimid ag tnúth le Cruinniú Mullaigh TESS maidir le Tinreamh Scoile ar an 24 Meán Fómhair, rud a thabharfaidh deis ní hamháin chun plé a dhéanamh ar an bhfianaise, ach freisin chun dul i mbun plé leis na ranna, na gníomhaireachtaí agus na grúpaí pobail ábhartha uile, chomh maith le tuismitheoirí agus ceannairí scoile, chun soláthar a dhéanamh do cheart an linbh oideachas a fháil.

“Cuireann foilsiú thuarascáil an ESRI an tseachtain seo, arna choimisiúnú ag TESS agus arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige, go mór lenár dtuiscint ar phátrúin tinrimh agus ar na tosca a théann i bhfeidhm orthu. Cabhróidh na torthaí chun bonn eolais a chur faoi bheartais, faoi chleachtais agus faoi thacaíochtaí amach anseo do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh. Táimid ag tnúth leis na torthaí sin a phlé tuilleadh le páirtithe leasmhara ó earnáil an oideachais."

"Gach lá, bíonn scoileanna, teaghlaigh, oifigigh leasa oideachais agus pobail ag comhoibriú chun tacú le leanaí agus le daoine óga freastal ar scoil, páirt a ghlacadh san oideachas agus a bheith rathúil san oideachas. Cuirfidh an cruinniú mullaigh mórán samplaí den obair iontach seo ar taispeáint agus soláthróidh sé fóram luachmhar chun eolas agus dea-chleachtas a roinnt."

Tabharfaidh Cruinniú Mullaigh TESS maidir le Tinreamh Scoile, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 24 Meán Fómhair, páirtithe leasmhara le chéile, lena n-áirítear TESS, ceannairí scoile, múinteoirí, lucht déanta beartas, taighdeoirí agus comhpháirtithe pobail ó áiteanna ar fud na tíre.

Leanfaidh an feachtas 'Is Lá Nua é Gach Lá Scoile' ar aghaidh ar fud na tíre i rith mhí Mheán Fómhair agus isteach i dtús mhí Dheireadh Fómhair.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/schoolattendance

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Is feachtas náisiúnta é Is Lá Nua é Gach Lá Scoile maidir le tinreamh scoile, atá á stiúradh ag Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) agus a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Óige.
  • Tá an chéim reatha den fheachtas ar siúl ar an teilifís, ar an raidió, agus ar ardáin dhigiteacha agus sna meán shóisialta i rith mhí Mheán Fómhair agus isteach i dtús mhí Dheireadh Fómhair.
  • Tá an tuarascáil de chuid an ESRI, Treochtaí Neamhláithreachta ar scoil ó 9 mbliana d'aois go dtí 13 bliana d’aois agus thar thréimhse ama, a táirgeadh i gcomhpháirtíocht le TESS, le foilsiú an tseachtain seo.
  • Beidh Cruinniú Mullaigh TESS maidir le Tinreamh Scoile 2026 ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 24 Meán Fómhair, agus tabharfar páirtithe leasmhara ó gach cuid den chóras oideachais le chéile ann chun fianaise, dea-chleachtas agus cur chuige nuálach a roinnt maidir le tacú le tinreamh scoile.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat