Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scéim nua chun tacú le scoláirí a ghlacann páirt in imeachtaí idirnáisiúnta ETIM seolta ag an Aire Naughton

Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, Scéim Tacaíochta nua d’Imeachtaí Neamhfhoirmiúla ETIM do Scoláirí atá dírithe ar chabhrú le breis scoláirí páirt a ghlacadh i ndeiseanna foghlama idirnáisiúnta ETIM, beag beann ar a gcúinsí airgeadais.

Cuirfidh an scéim nua €100,000 ar fáil i maoiniú bliantúil chun tacú le scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile a fhreastalaíonn ar imeachtaí a bhaineann le ETIM thar lear, rud a chabhróidh le constaicí airgeadais a laghdú agus a chinntiú gur féidir le níos mó daoine óga teacht ar eispéiris foghlama ardchaighdeáin lasmuigh den seomra ranga.

Tabharfar cuireadh do scoileanna iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú thar ceann scoláirí, agus tá deontais suas le €500 in aghaidh an scoláire in aghaidh an imeachta ar fáil, ag ardú go dtí €1,000 i gcúinsí eisceachtúla, amhail rannpháirtíocht i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta nó i gcláir a mhaireann ar feadh níos mó ná lá amháin.

Tacaíonn an tionscnamh le príomhchuspóir atá i Ráiteas Beartais Oideachais ETIM na hÉireann 2017-2026 mar go leathnaíonn sé deiseanna d’fhoghlaimeoirí páirt a ghlacadh in ETIM trí ghníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla, comhchuraclaim agus seach-churaclaim. Ceapadh é chun cur le cláir atá ann cheana féin agus a fhaigheann tacaíocht ón roinn agus ní chuirfidh sé maoiniú ar fáil do thionscnaimh a bhfuil tacaíocht á fáil acu cheana féin trí scéimeanna ar nós Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta Stripe, SciFest nó Science Blast.

Agus an scéim á seoladh aici, dúirt an tAire Naughton:

"Ní thosaíonn ná ní chríochnaíonn foghlaim ETIM sa seomra ranga. Tarlaíonn cuid de na heispéiris foghlama is fiúntaí trí chomórtais, taispeántais, ceardlanna agus deiseanna eile inar féidir le scoláirí a gcuid eolais a chur i bhfeidhm, fadhbanna sa saol mar atá a réiteach agus muinín a fhorbairt ina gcumas.

"Is eol dúinn gur féidir le scoláirí cumasacha, lena dteaghlaigh agus a scoileanna costais shuntasacha a bheith rompu nuair a thagann deiseanna chun maidir le páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta ETIM. Tá an scéim á cur ar fáil lena chinntiú nach mbíonn cúinsí airgeadais ina chonstaic a thiocfadh sa mbealach ar rannpháirtíocht. Ba cheart go mbeadh cinneadh faoi cé hiad siúd a gheobhadh na deiseanna seo bunaithe ar thallann, uaillmhian agus cumas, seachas ar chumas íoc astu.

"Meabhraíonn foilsiú thorthaí PISA le déanaí dúinn go bhfuil Éire ag feidhmiú go láidir go hidirnáisiúnta i gcónaí san eolaíocht agus sa mhatamaitic. Ba cheart dúinn a bheith bródúil as an éacht sin, ach ní mór dúinn freisin leanúint ar aghaidh ag infheistiú i dtionscnaimh a spreagann daoine óga, a chothaíonn fiosracht agus a spreagann an chéad ghlúin eile nuálaithe, eolaithe, innealtóirí agus ceannairí teicneolaíochta.

"Tosaíocht ar leith domsa is ea rannpháirtíocht níos mó ag cailíní in ETIM a spreagadh. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, tá a fhios againn go bhfuil níos mó le déanamh. Is féidir le heispéiris ETIM idirnáisiúnta a bheith claochlaitheach, ag cabhrú le cailíní muinín a chothú, scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus na deiseanna spreagúla atá ar fáil dóibh in oideachas agus i ngairmeacha ETIM a fheiceáil."

Déanfaidh an roinn monatóireacht ar leibhéil rannpháirtíochta, lena n-áirítear rannpháirtíocht scoláirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, scoileanna DEIS agus grúpaí faoi ghannionadaíocht, lena chinntiú go gcomhlíonann an scéim a cuspóir maidir le rochtain ar dheiseanna ETIM a leathnú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat