An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Sraith de bhileoga eolais faoi ábhair do dhaltaí i rang a sé, dá dteaghlaigh agus dá múinteoirí foilsithe ag an Aire Naughton
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá sraith de bhileoga eolais faoi ábhair foilsithe ag an Aire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, do dhaltaí i rang a sé, dá dtuismitheoirí agus dá dteaghlaigh, agus dá múinteoirí.
Cuireann na bileoga eolas ar fáil faoi na roghanna ábhar atá ar fáil san iar-bhunscoil, faoin méid a bheidh á fhoghlaim ag daltaí i ngach ábhar, agus faoin gcaoi ar féidir leis an bhfoghlaim sin tacú le deiseanna oideachais agus gairme amach anseo.
Tacaíonn forbairt na mbileog le bearta faoin Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití 2024-2033 agus faoin Ráiteas Beartais maidir le hOideachas ETIM 2017-2026. Léiríonn na hacmhainní freisin tiomantas na Roinne don chuimsiú agus do thacú le rannpháirtíocht fhiúntach idir scoileanna, daltaí agus teaghlaigh.
Dúirt an tAire Naughton:
“Is garsprioc thábhachtach do dhaltaí agus dá dteaghlaigh an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Ceapadh na bileoga le go mbeidís á n-úsáid ag múinteoirí mar chuid de ghníomhaíochtaí ranga a chabhraíonn le daltaí ábhair iar-bhunscoile agus a bhfuil i gceist leo a iniúchadh. Is féidir le daltaí níos mó muiníne a bheith acu faoi na roghanna atá rompu agus comhráite a spreagadh má bhíonn an t-eolas atá de dhíth orthu acu ag an gcéim seo.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na 14 scoil, daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí a chabhraigh leis na bileoga a sholáthar ar bhonn píolótach le linn na scoilbhliana seo caite. Chuidigh a gcuid aiseolais leis na hacmhainní seo a mhúnlú, ag cinntiú go bhfuil siad praiticiúil, ábhartha, inrochtana agus freagrúil do riachtanais na dteaghlach agus iad ag déanamh a mbealaigh tríd an gcéim thábhachtach seo d’oideachas an linbh.
“Nuair a thugtar na bileoga seo abhaile, is féidir le daltaí agus a dtuismitheoirí agus a dteaghlaigh leanúint leis na comhráite seo agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann ábhair éagsúla lena n-ábhair spéise, a láidreachtaí agus a n-uaillmhianta don todhchaí.”
Chun na bileoga a chur ar fáil don líon teaghlach is mó is féidir, tá siad aistrithe go Béarla, Gaeilge, Polainnis, Liotuáinis, Úcráinis, Rúisis, Laitvis, Portaingéilis, Rómáinis, Mandairínis agus Spáinnis. Tá físeán de Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) curtha ar fáil freisin chun dul leo.
Is féidir rochtain a fháil ar na bileoga eolais faoi ábhair agus gairmeacha ar gov.ie ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/bileoga-eolais-faoi-roghanna-%C3%A1bhair-na-…