An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Déanann na hAirí comhghairdeas le breis agus 70,000 scoláire atá ag fáil a gcuid torthaí san Ardteistiméireacht agus i gClár Foghlama Leibhéal 1 agus 2 inniu
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Rinne an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan, comhghairdeas leis an 70,411 scoláire atá ag fáil a gcuid torthaí san Ardteistiméireacht agus i gClár Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí inniu.
Cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) torthaí na hArdteistiméireachta do 2026 ar fáil ó 10am inniu do scoláirí a rinne scrúduithe na hArdteistiméireachta Bunaithe, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus scrúduithe Ghairmchlár na hArdteistiméireachta.
Den chéad uair i mbliana, tá scoláirí a chríochnaigh Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ag fáil a gcuid torthaí in éineacht lena bpiaraí.
Tharraing na hAirí Naughton agus Moynihan aird ar an réimse leathan tacaíochtaí atá ar fáil do scoláirí agus iad ag fáil a gcuid torthaí agus ag tosú ag machnamh ar na chéad chéimeanna eile, cibé acu breisoideachas nó ardoideachas, printíseacht, fostaíocht nó conair eile atá i gceist.
D'fháiltigh na hAirí freisin roimh an deimhniú ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfuil sé ar intinn aige torthaí achomhairc na hArdteistiméireachta a eisiúint ar an 25 Meán Fómhair.
Dúirt an tAire Naughton:
“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine den 70,411 scoláire ar fud na hÉireann atá ag fáil a gcuid torthaí inniu. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh freisin le bhur dteaghlaigh, bhur múinteoirí agus bhur bpobail scoile, a thug tacaíocht daoibh le linn bhur dturais.
“Is é an lá inniu an toradh atá ar na blianta d’obair chrua, de dhúthracht agus de dhúshláin a sáraíodh. Tá súil agam go nglacfaidh sibh an t-am chun an t-éacht seo a cheiliúradh, chun machnamh a dhéanamh ar gach rud atá bainte amach agaibh, ar an gcairdeas a rinne sibh agus na cuimhní cinn atá agaibh chomh maith leis an méid a chuir sibh le bhur scoil agus leis an bpobal i gcoitinne.
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh go háirithe leis na scoláirí a chríochnaigh na Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus atá, den chéad uair, ag fáil a gcuid torthaí in éineacht lena bpiaraí. Is éacht tábhachtach é seo agus léiriú ar an obair chrua atá déanta agaibh féin agus ar thacaíocht na dteaghlach, na múinteoirí agus fhoireann na scoile a chabhraigh libh ar an mbealach.
"Is céim thábhachtach chun cinn atá sa lá inniu don oideachas cuimsitheach, agus guím gach rath ar na scoláirí go léir atá ag fáil a gcuid torthaí ina saol amach anseo.
“Agus sibh ag féachaint chun cinn, tá mórán bealaí éagsúla ar fáil daoibh agus níos mó deiseanna ná riamh ann chun conair a aimsiú a oireann do bhur n-uaillmhianta, bhur n-ábhair spéise agus bhur dtallanna. Más breisoideachas nó ardoideachas, printíseacht, fostaíocht nó conair eile a bheidh mar chéad chéim eile agaibh, tá tacaíocht ar fáil chun cabhrú libh leanúint ar aghaidh ag foghlaim, ag forbairt agus ag baint amach bhur spriocanna.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do na tuismitheoirí, na teaghlaigh, na múinteoirí, na Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus do bhaill foirne uile na scoile a thug tacaíocht do na scoláirí agus a spreag iad le linn a mblianta scoile. Bhí ról tábhachtach acu maidir le cabhrú le scoláirí an gharsprioc seo a bhaint amach agus tá súil agam go nglacfaidh siad an deis ceiliúradh a dhéanamh in éineacht leo inniu. Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus leis an iliomad múinteoirí a thug faoin obair mar scrúdaitheoirí i mbliana, as a dtiomantas agus a ndianobair chun na torthaí seo a sholáthar. Is mór againn a gcuid oibre”
Dúirt an tAire Stáit Moynihan:
“Mar Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine atá ag fáil a gcuid torthaí inniu. Is toradh é seo ar bhlianta d’obair chrua, agus anois is libhse an lá inniu chun taitneamh a bhaint as agus chun machnamh a dhéanamh le bród ar gach rud atá bainte amach agaibh.
“Is tráth suntasach é an lá inniu don oideachas cuimsitheach sa tír seo, agus sibhse a chríochnaigh Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ag fáil bhur gcuid torthaí i dteannta bhur bpiaraí. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh libhse go háirithe agus gach rath a ghuí oraibh sa saol atá romhaibh amach.
"Is tús nua é seo daoibhse, agus sibh ag breathnú ar an todhchaí, cuimhnigh go bhfuil réimse leathan deiseanna agus tacaíochtaí ar fáil chun cabhrú libh bhur spriocanna agus barr bhur gcumais a bhaint amach. Más ar bhreisoideachas, printíseacht, nó ar an bhfórsa saothair a thabharfaidh sibh bhur n-aghaidh, is bunús láidir iad na scileanna atá faighte agaibh do na chéad chéimeanna eile a ghlacfaidh sibh. Is fúibhse atá sé an todhchaí a mhúnlú, mar sin téigí ar aghaidh go muiníneach.
"Buíochas le bhur dteaghlaigh, bhur múinteoirí agus bhur bpobail scoile, as na scoláirí go léir a threorú, a spreagadh agus tacú leo chun teacht go dtí an lá seo. Bhí bhur spreagadh agus bhur gcreideamh ríthábhachtach ina gcuid ratha.”
Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí ar fáil saor in aisce ón 21 Lúnasa agus soláthrófar tacaíocht fhíorthábhachtach do scoláirí na hArdteistiméireachta agus dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí. Tá sé de rogha ag scoláirí agus ag a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí glaoch gutháin a chur ar an líne chabhrach nó téacs a sheoladh chuici. Cibé ceann de na roghanna a phioctar, beidh treoirchomhairleoir a bhfuil taithí aige/aici ar fáil chun tacaíocht bheo, dírithe ar an duine, a sholáthar. Is féidir teacht ar an tseirbhís ach glaoch a chur ar 1800 265 165 nó téacs a sheoladh chuig 086 1800 0685.
Tá Líne Chabhrach Choimisiún na Scrúduithe Stáit d’Iarrthóirí ar fáil do cheisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach. Beidh líne chabhrach Thairseach na nIarrthóirí ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9am go dtí 5pm ón Aoine an 21 Lúnasa 2026. Taobh amuigh de na huaireanta sin, féadfar ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie.
Tá réimse acmhainní folláine a d'fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil anseo freisin.
Beidh soláthraithe seirbhíse FSS agus soláthraithe a fhaigheann maoiniú ó FSS ar fáil chun tacú le scoláirí agus seirbhísí meabhairshláinte á gcur ar fáil acu. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón nasc seo .
Iarradh ar scoileanna tacaíocht a chur ar fáil d’iarrthóirí inniu, lá na dtorthaí, agus chuige sin cead a thabhairt dóibh teacht chuig an scoil ag am sceidealaithe, más mian leo, chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta do Scoláirí, amhail Gairmchomhairleoirí, Cinn Bhliana, Teagascóirí agus Séiplínigh.
Nótaí do Eagarthóirí
Maidir le Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí
Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus do Scoláirí ar fáil saor in aisce ón 21 Lúnasa agus soláthrófar tacaíocht fhíorthábhachtach do scoláirí na hArdteistiméireachta agus dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí ag an am fíorthábhachtach nuair a dhéantar torthaí scrúduithe agus tairiscintí an CAO a scaoileadh. Tá sé de rogha ag scoláirí agus ag a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí glaoch gutháin a chur ar an líne chabhrach nó téacs a sheoladh chuici. Cibé ceann de na roghanna a phioctar, beidh treoirchomhairleoir a bhfuil taithí aige/aici ar fáil chun tacaíocht bheo, dírithe ar an duine, a sholáthar. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Fón: 1800 265 165
Téacs: 086 180 0685
Tá an líne chabhrach á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige, á comhordú ag Institiúid na dTreoirchomhairleoirí, agus ag fáil tacaíochta ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann.
Beidh an líne ag feidhmiú ag na hamanna seo a leanas:
|
10am go dtí 6pm |
10am go dtí 2pm |
10am go dtí 5pm |
|
Dé hAoine, 21 Lúnasa Dé Céadaoin, 26 Lúnasa |
Dé Sathairn, 22 Lúnasa Dé Sathairn, 29 Lúnasa |