Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seirbhís Tacaíochta Aistrithe Náisiúnta Nua do Scoláirí i Scoileanna Speisialta Seolta ag na hAirí Naughton agus Moynihan

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Micheal Moynihan inniu go bhfuil Seirbhís Tacaíochta Aistrithe nua i Scoileanna Speisialta á seoladh ar fud na tíre.

Tá cúnamh airgid de €1.35 milliún i mBuiséad 2026 á fáil ag an tseirbhís agus tacóidh sí le daoine óga faoi mhíchumas agus iad ag ullmhú chun bogadh ón scoil isteach sa bhreisoideachas, oiliúint, fostaíocht agus deiseanna iarscoile eile.

Cuirfear an tseirbhís i bhfeidhm ar bhonn céimneach i ngach scoil speisialta ó mhí Mheán Fómhair 2026 tar éis clár píolótach a bheith curtha i gcrích go rathúil i roinnt scoileanna speisialta.

Tá an tionscnamh á bhainistiú ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) thar ceann na Roinne Oideachais agus Óige agus cuirfidh sé 34 lá teagaisc tacaíochta aistrithe ar fáil do gach scoil speisialta in aghaidh na bliana. Mar thoradh ar an leithdháileadh solúbtha sin, beidh scoileanna in ann tacaíocht a sholáthar ag na hamanna is mó a mbíonn gá léi le linn na scoilbhliana.

Beidh an tseirbhís dírithe ar scoláirí sa dá bhliain dheireanacha ar scoil, ag cabhrú leo pleananna aistrithe pearsantaithe a fhorbairt agus na conairí agus na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh tar éis dóibh an scoil a fhágáil a aithint.

Dúirt an tAire Naughton:

“Is iontach an rud é an tseirbhís thábhachtach seo a fheiceáil ag teacht ar an bhfód. Thosaigh an obair ar an tionscnamh seo le linn mo thréimhse mar Aire Stáit a bhí freagrach as Oideachas Speisialta, agus tá áthas orm go bhfuil sé á chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach go náisiúnta anois chun tacú le scoláirí agus scoileanna.

“Tá an deis a lánacmhainneacht a bhaint amach agus bogadh go muiníneach isteach sa chéad chéim eile dá saol tuillte ag gach duine óg. Neartóidh an tSeirbhís Tacaíochta Aistrithe nua na tacaíochtaí atá ar fáil do scoláirí faoi mhíchumas ag pointe ríthábhachtach ina dturas oideachais agus cabhróidh sí leo pleanáil don todhchaí agus rochtain a fháil ar bhreisoideachas, oiliúint, fostaíocht agus deiseanna eile.

“Is céim thábhachtach í seo chun conairí níos láidre a chruthú agus a chinntiú go bhfuil fíor-roghanna, neamhspleáchas níos mó agus an tacaíocht a theastaíonn uathu ag daoine óga chun a n-uaillmhianta a bhaint amach.”

Dúirt an tAire Moynihan:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an tseirbhís Tacaíochta Aistrithe nua inár scoileanna speisialta go léir ó mhí Mheán Fómhair 2026. Tabharfaidh an tacaíocht bhreise seo do scoileanna speisialta an tsolúbthacht dóibh chun tacú le scoláirí atá ag aistriú tríd an scoil ag amanna fíorthábhachtacha i rith na bliana.

“Tá pleanáil aistrithe thar a bheith tábhachtach lena chinntiú go bhfuil eolas iomlán ag daoine óga agus a dteaghlaigh ar na roghanna atá ar fáil do dhaoine a fhágann an scoil a luaithe a bheidh deireadh na hiar-bhunscoile ar na bacáin. Chuala mé go díreach ó phríomhoidí scoileanna speisialta faoi cé chomh mór agus a chuaigh an clár píolótach i gcion ar scoláirí, agus na bealaí atá oscailte aige do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu ag an bpointe ríthábhachtach sin ina saol.

“Is maith is eol dom féin agus don Rialtas an gá atá ann tacú le gach scoláire chun a lánacmhainneacht a bhaint amach agus deiseanna a chur ar fáil do scoláirí faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar chonairí a bhí dúnta dóibh san am atá thart. Creidim go láidir go bhfuil ról lárnach ag tacaíochtaí aistrithe sa mhéid sin.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat