Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach Plean i gcomhair Forfheidhmithe agus Gnímh 2026-2028 foilsithe ag na hAirí

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton TD, an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley TD, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, foilsiú na Straitéise Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach (TRES) Plean i gcomhair Forfheidhmithe agus Gnímh 2026-2028 inniu.

Chuir na hAirí fáilte freisin roimh fhoilsiú na tuarascála deiridh ar an gcéad Phlean i gcomhair Forfheidhmithe agus Gnímh 2024–2026, ina leagtar amach an dul chun cinn a rinneadh le linn na céime forfheidhmithe de Straitéis Oideachais an Lucht Siúil agus na Romach 2024–2030.

Príomhghníomh is ea Straitéis Oideachais an Lucht Siúil agus na Romach faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus forbraíodh í chun freastal ar riachtanais leanaí, daoine óga agus daoine fásta de chuid an Lucht Siúil agus na Romach, agus é mar aidhm léi rannpháirtíocht, dul chun cinn agus torthaí oideachais a fheabhsú ar fud an chórais oideachais.

Tugadh faoi chlár oibre fairsing le linn na chéad tréimhse forfheidhmithe idir 2024 agus 2026. Leagtar amach sa tuarascáil deiridh an dul chun cinn a rinneadh mar thoradh ar chomhoibriú idir ranna rialtais, gníomhaireachtaí, soláthraithe oideachais, agus eagraíochtaí agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach. Dírítear inti ar ghníomhartha a rinneadh chun ionchuimsiú a neartú, chun eispéiris agus torthaí oideachais a fheabhsú, agus chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar rannpháirtíocht i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige, bunoideachas, iar-bhunoideachas, breisoideachas agus oiliúint, agus ardoideachas.

Tógann an Plean Forfheidhmithe agus Gnímh nua 2026–2028 ar an dul chun cinn sin agus leagtar amach ann an chéad chéim eile de ghníomhartha chun tacú le foghlaimeoirí ón Lucht Siúil agus ón bpobal Romach agus lena dteaghlaigh. Tá sé mar aidhm ag an bplean rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a neartú ar fud na suíomhanna oideachais go léir, agus ag an am céanna ionchuimsiú, muintearas agus meas ar fhéiniúlacht, cultúr agus oidhreacht an Lucht Siúil agus na Romach a chur chun cinn.

I measc na bpríomhghníomhartha sa phlean 2026–2028 tá:

  • Rannpháirtíocht, tinreamh, coinneáil agus gnóthachtáil a mhéadú ar fud gach leibhéil oideachais;
  • Tacú le líon níos mó scoláirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach chun an tSraith Shinsearach a chríochnú agus an Ardteistiméireacht a bhaint amach;
  • Cultúr, féiniúlacht agus stair an Lucht Siúil agus na Romach a chur chun cinn tuilleadh tríd an oideachas;
  • Timpeallachtaí foghlama atá ionchuimsitheach agus freagrúil ó thaobh cultúir de a neartú;
  • Deiseanna foghlama gairmiúla a bhaineann le héagsúlacht, ionchuimsiú agus inniúlacht chultúrtha a leathnú ar fud lucht saothair an oideachais;
  • Éagsúlacht agus ionadaíocht a chur chun cinn laistigh de lucht saothair earnáil an oideachais;
  • Rannpháirtíocht le teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú;
  • Tacú le rochtain ar bhreisoideachas agus ardoideachas, le rannpháirtíocht iontu agus le rath laistigh díobh;
  • Taighde, fianaise agus bailiú sonraí a neartú chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus faoi chleachtas amach anseo;
  • Leanúint ar aghaidh le bearta spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar bhaic a bhíonn ar fhoghlaimeoirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach le linn a dturais oideachais.

Dúirt an tAire Naughton:

“Is garsprioc thábhachtach i soláthar Straitéis Oideachais an Lucht Siúil agus na Romach 2024–2030 foilsiú an phlean seo i gcomhair forfheidhmithe agus gnímh. Léiríonn an tuarascáil deiridh ar an gcéad tréimhse forfheidhmithe an méid is féidir a bhaint amach le comhpháirtíocht agus comhoibriú láidir ar fud an Rialtais, earnáil an oideachais, eagraíochtaí, teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach.

“Cé go ndearnamar dul chun cinn tábhachtach, tá a fhios againn go bhfuil dúshláin ann fós. Tógfaidh an chéad chéim eile den fhorfheidhmiú ar an dul chun cinn sin, agus béim leanúnach á leagan ar rannpháirtíocht, tinreamh, coinneáil agus gnóthachtáil a fheabhsú, agus a chinntiú go dtacaítear le leanaí agus daoine óga de chuid an Lucht Siúil agus na Romach chun a lánacmhainneacht a bhaint amach ag gach céim dá dturas oideachais.

“Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas i dtaca le hionchuimsiú, muintearas agus meas a chothú. Leis na gníomhartha atá leagtha amach sa phlean seo, leanfaimid orainn ag forbairt timpeallachtaí foghlama ina dtugtar aitheantas d’fhéiniúlacht, do chultúr agus d’oidhreacht an Lucht Siúil agus na Romach, ina léirítear meas orthu, ar timpeallachtaí iad ina mbraitheann gach leanbh agus duine óg muintearas agus gur féidir leo a bheith rathúil agus barr a gcumais a bhaint amach.”

Dúirt an tAire Foley:

“Tugann foilsiú na tuarascála deiridh deis thábhachtach chun machnamh a dhéanamh ar an obair a rinneadh ó seoladh an straitéis agus ar thiomantas gach duine a bhí páirteach ina soláthar. Léiríonn an dul chun cinn a baineadh amach go dtí seo na comhpháirtíochtaí láidre atá forbartha idir an rialtas, páirtithe leasmhara san oideachas, eagraíochtaí agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach.

“Chuir guthanna agus eispéiris leanaí, daoine óga, teaghlach agus phobal an Lucht Siúil agus na Romach bonn eolais faoi fhorbairt an phlean nua seo i gcomhair forfheidhmithe agus gnímh agus leanfaidh siad de bheith lárnach ina sholáthar.

“Cabhróidh na gníomhartha atá leagtha amach do 2026–2028 le tacaíochtaí a neartú d’fhoghlaimeoirí agus do theaghlaigh, le dul i ngleic le baic ar rannpháirtíocht agus lena chinntiú go mbeidh deiseanna cothroma ag foghlaimeoirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach chun gnóthachtáil a dhéanamh agus a bheith rathúil san oideachas.”

Dúirt an tAire Lawless:

“Cruthaíonn an t-oideachas deiseanna agus déanann sé daoine aonair a chumasú chun a n-uaillmhianta a bhaint amach. Tá sé tábhachtach go dtacaítear le foghlaimeoirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach ag gach céim dá dturas oideachais, lena n-áirítear dul ar aghaidh chuig an mbreisoideachas agus chuig an ardoideachas.

“Sa chéad chéim eile den fhorfheidhmiú, leanfar de bheith ag neartú rochtana, rannpháirtíochta agus ratha sa bhreisoideachas agus san ardoideachas, agus ag an am céanna ag cur leis an bhfianaise agus an taighde atá riachtanach chun bonn eolais a chur faoi bheartas agus faoi chleachtas amach anseo.

“Léiríonn foilsiú na tuarascála deiridh agus an phlean nua i gcomhair forfheidhmithe agus gnímh tiomantas leanúnach ar fud an rialtais chun córas oideachais níos ionchuimsithí a fhorbairt agus torthaí a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach.”

Chuir rannpháirtíocht leanúnach le heagraíochtaí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach, comhlachtaí ionadaíocha, foghlaimeoirí, teaghlaigh, páirtithe leasmhara san oideachas agus comhlachtaí poiblí atá páirteach i soláthar na straitéise bonn eolais faoi fhorbairt na tuarascála deiridh agus an Phlean Forfheidhmithe agus Gnímh 2026–2028

Cuireann foilsiú an Phlean Forfheidhmithe agus Gnímh 2026–2028 tús leis an gcéad chéim eile i soláthar Straitéis Oideachais an Lucht Siúil agus na Romach 2024–2030 agus déanann sé athdhearbhú ar thiomantas an Rialtais a chinntiú go mbeidh deiseanna cothroma ag leanaí, daoine óga agus daoine fásta de chuid an Lucht Siúil agus na Romach a bheith rannpháirteach, gnóthachtáil a dhéanamh agus a bheith rathúil ina dturais oideachais.

Tá an tuarascáil ar an Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach - Plean i gcomhair Forfheidhmithe agus Gnímh 2024–2026 ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-education/consultations/traveller-and-roma-education-strategy/#tres-progress-reports

Tá an tuarascáil ar an Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach - Plean i gcomhair Forfheidhmithe agus Gnímh 2026–2028 ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-education/consultations/traveller-and-roma-education-strategy/#tres-progress-reportshttps://www.gov.ie/en/department-of-education/consultations/traveller-and-roma-education-strategy/#traveller-and-roma-education-strategy-2024-2030

Nótaí d’eagarthóirí

Straitéis tras-rialtais is ea an Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach (TRES) 2024–2030, faoi cheannas na Roinne Oideachais agus Óige, na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, agus na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Is príomhghníomh í an straitéis faoin Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus na Romach 2024–2028, agus tá sé mar aidhm aici rannpháirtíocht, dul chun cinn, gnóthachtáil agus torthaí oideachais a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí ón Lucht Siúil agus ón bpobal Romach ag gach céim den oideachas.

Cuirtear an straitéis i bhfeidhm trí phleananna forfheidhmithe dhá bhliain a leanann a chéile. Chlúdaigh an tréimhse forfheidhmithe tosaigh na blianta 2024–2026. Clúdaíonn an dara plean forfheidhmithe an tréimhse 2026–2028.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat