Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ar Oíche na hÓige 2026 déanfar ceiliúradh ar an óige agus ar thionchar na hoibre óige ar fud na hÉireann

Tá pleananna le haghaidh Oíche na hÓige 2026 fógartha ag an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, ag tógáil ar an rath a bhí ar an ócáid in 2025, an chéad bhliain ar reáchtáladh í.

Ar Oíche na hÓige, Dé hAoine, 13 Samhain 2026, tiocfaidh pobail ar fud na hÉireann le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga, ar chlubanna agus seirbhísí don óige, agus ar na hoibrithe óige agus na hoibrithe deonacha díograiseacha a mbíonn tionchar buan acu ar na céadta míle duine óg gach bliain.

Tá clubanna agus seirbhísí óige á spreagadh chun ócáid taispeántais dá gcuid féin a eagrú ina ndéanfar ceiliúradh ar obair óige agus an deis a thapú an tionchar luachmhar atá ag a gclub nó a seirbhís ar an óige agus ar an bpobal i gcoitinne a léiriú. D’fhéadfadh grúpaí fáilte a chur roimh dhaoine ón bpobal go dtí a spásanna nó d’fhéadfadh siad bealaí cruthaitheacha agus nuálacha dá gcuid féin a cheapadh lena gcuid oibre, a n-éachtaí agus a dtionchar a chur ar taispeáint.

Cuirfidh an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú ar fáil trí na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) chun tacú le clubanna agus tionscadail ócáidí a eagrú le haghaidh Oíche na hÓige.

Agus pleananna le haghaidh Oíche na hÓige 2026 á bhfógairt aici, dúirt an tAire Naughton:

“Tá ríméad orm Oíche na hÓige 2026 a fhógairt, ceiliúradh ríthábhachtach ar obair óige agus ar na rudaí iontacha atá déanta ag daoine óga, clubanna óige, oibrithe óige agus oibrithe deonacha ar fud na hÉireann.

“Tugann Oíche na hÓige deis iontach dúinn aird a dhíriú ar an ról suntasach a bhíonn ag obair óige i dtaca le saol daoine óga a fheabhsú, muinín a chothú iontu agus pobail ar fud na tíre a neartú.

“Ghlac breis is 450 grúpa páirt san ócáid anuraidh, an chéad bhliain a raibh an ócáid ar siúl, agus léiríonn sé sin forleithne agus éagsúlacht na hoibre óige atá ar siúl i bpobail fud fad na hÉireann. Táim ag iarraidh go mbeadh níos mó clubanna agus seirbhísí fós páirteach in 2026 chun a gcuid éachtaí a chur ar taispeáint, a scéalta a roinnt agus aird a dhíriú ar an tionchar buan a bhíonn ag obair óige ar dhaoine óga agus ar na pobail ina maireann siad.”

Cuirtear fáilte roimh chlubanna agus seirbhísí a bunaíodh faoi Scéim Deontais na gClubanna Óige Áitiúla nó faoi chlár UBU D’Áit do Spás a bheith páirteach in Oíche na hÓige 2026.

Beidh tuilleadh eolais maidir le maoiniú agus rannpháirtíocht ar fáil go luath ó Oifigigh Óige Áitiúla BOO.

Nótaí d’eagarthóirí

Cad is Oíche na hÓige ann?

Is é is cuspóir le hOíche na hÓige aird a dhíriú ar an luach a bhaineann le hobair óige do dhaoine óga agus don phobal i gcoitinne, agus deiseanna a chruthú chun obair óige agus clubanna óige a imeascadh tuilleadh lena bpobail.

Ar Oíche na hÓige 2026, cuirfear obair óige i lár an aonaigh agus díreofar aird ar na clubanna agus na tionscadail óige iontacha atá ag croílár pobal ar fud na hÉireann. Molfar do chlubanna agus do sheirbhísí óige a bheidh ag glacadh páirte ócáid nó sraith ócáidí a chur ar bun ina léireofar na cineálacha gníomhaíochtaí a chuireann siad ar fáil agus an difríocht a dhéanann obair óige.

Tá sé i gceist go mbeadh an oiread ócáidí agus is féidir ar siúl ar an dáta céanna, ach gan ócáidí ar oícheanta eile gar dó sin a chur as an áireamh, lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread clubanna agus tionscadail agus is féidir a bheith rannpháirteach.

Is iad seo a leanas cuspóirí Oíche na hÓige 2026:

  • feasacht an phobail a mhúscailt i dtaca le hobair óige agus aitheantas a thabhairt di;
  • feasacht a mhúscailt i bpobail áitiúla maidir leis na seirbhísí a bhaineann le hobair óige agus na clubanna óige atá ina gceantar féin;
  • an tairbhe a d’fhéadfadh daoine óga agus an pobal i gcoitinne a bhaint as obair óige a léiriú; agus
  • deiseanna a chruthú chun tionscadail óige agus clubanna óige a imeascadh tuilleadh lena bpobail.

Ba chóir go mbeadh sé mar sprioc ag gach ócáid le haghaidh Oíche na hÓige tuilleadh feasachta a mhúscailt i bpobail agus/nó naisc a chruthú idir an club agus an pobal i gcoitinne.

Osclóidh clubanna agus seirbhísí rannpháirteacha a ndoirse agus cuirfidh siad fáilte roimh an bpobal go dtí a spásanna le foghlaim faoin méid atá i gceist le hobair óige. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, molfar do rannpháirtithe teacht ar bhealach eile lena gclub nó a dtionscadal a chur ar taispeáint agus léargas a thabhairt don phobal ar an difríocht is féidir le hobair óige a dhéanamh.

Beidh Oíche na hÓige 2026 ar siúl le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Molfar do rannpháirtithe smaoineamh ar ócáidí a phleanáil a bhfuil an Uachtaránacht nó an Eoraip mar théama acu mar chuid de ghnéithe Uachtaránacht na hÉireann a bhaineann leis an óige i gcoitinne.

Tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige is ea Oíche na hÓige, atá á chur ar fáil i gcomhar leis na Boird Oideachais agus Oiliúna, le Comhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn agus le hearnáil na hoibre óige.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat