An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
- Cad é MediBack?
- Cén fáth ar cheart dom MediBack a úsáid?
- Cén áit ar féidir liom teacht ar an tseirbhís seo?
- An bhfuil an tseirbhís seo saor in aisce?
- An féidir liom cógais a thabhairt ar ais fiú mura bhfuil a fhios agam cad iad?
- An féidir drugaí rialaithe a dhiúscairt trí MediBack?
- An féidir liom cógais duine eile a thabhairt ar ais?
- An féidir liom tráidirí stiallphacáistí nó córais dáileoige faoi mhonatóireacht a thabhairt ar ais?
- An féidir liom cógais a thabhairt ar ais chuig cógaslann seachas an chógaslann inar ceannaíodh nó inar dáileadh iad?
- An féidir liom méideanna móra cógas a thabhairt ar ais?
- Conas a dhiúscraím mo chuid láinseanna, snáthaidí nó earraí géara?
- An féidir cógais tréidliachta a thabhairt chuig cógaslanna lena ndiúscairt tríd an tseirbhís MediBack?
- Conas a dhiúscraím cógais tréidliachta d’ainmhithe feirme?
Cad é MediBack?
Is seirbhís náisiúnta é MediBack a chuireann ar chumas an phobail cógais nár úsáideadh, nach bhfuil ag teastáil, atá as dáta nó atá fágtha a thabhairt ar ais chuig a gcógaslann áitiúil lena ndiúscairt go sábháilte.
Tá soláthar MediBack i ngach cógaslann pobail ar fud na tíre ag teacht le cuspóirí Sláintecare maidir le cúram sláinte a thabhairt níos gaire don bhaile do dhaoine ar fud na hÉireann. Is sampla é cur chun feidhme MediBack de dhá cheann de thosaíochtaí straitéiseacha Sláintecare 2025, is iad sin “cáilíocht seirbhíse a fheabhsú” agus “acmhainn a fhorbairt” trí sheirbhísí cógaslainne a leathnú.
Cén fáth ar cheart dom MediBack a úsáid?
Is bealach sábháilte saor in aisce é MediBack chun cógais nár úsáideadh nó atá as dáta a dhiúscairt.
Cuidíonn diúscairt rialaithe dramhaíola íocshláinte tí le damáiste éiceolaíoch a chosc agus le cur leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh a sheachaint. Tá sé tábhachtach cógais tí a dhiúscairt go sábháilte chun an baol nimhithe de thaisme a laghdú, chomh maith leis an mbaol féinmharaithe nó féindochair a laghdú.
Cén áit ar féidir liom teacht ar an tseirbhís seo?
Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil i ngach cógaslann pobail ar fud na hÉireann.
An bhfuil an tseirbhís seo saor in aisce?
Tá. Ní ghearrtar aon táille as an tseirbhís seo a úsáid.
An féidir liom cógais a thabhairt ar ais fiú mura bhfuil a fhios agam cad iad?
Is féidir, ar choinníoll go bhfuil siad ar liosta na dtáirgí a nglactar leo (féach thíos) agus go bhfuil siad i gcoimeádán.
Mar shampla, féadfaidh tuismitheoir cógas anaithnid ar le leanbh nó déagóir dá chuid é a thabhairt ar ais tríd an tseirbhís MediBack. Ní gá go mbeadh a fhios ag an duine a thugann an cógas ar ais chuig an gcógaslann cad chuige a n-úsáidtear é.
Tabhair ar aird:
- Ní ceadmhach aon rian d’ábhar éillitheach, amhail fuil, fual nó seile, a bheith ar aon chógas a thugtar ar ais.
- Glactar le cógais lena n-úsáid go logánta ar an gcraiceann (m.sh. uachtair, ungthaí agus táirgí lena gcur ar an scalp) suas le huasmheáchan 500 g in aghaidh an choimeádáin (m.sh. feadán nó próca).
- Glactar le cógais leachtacha neamh-inadhainte suas le huasmhéid aon lítir amháin (ar choinníoll go bhfuil siad ina mbuidéal bunaidh agus an claibín dúnta).
An féidir drugaí rialaithe a dhiúscairt trí MediBack?
Is féidir. Glactar le drugaí rialaithe tríd an tseirbhís. Cuir ceist ar do chógaiseoir mura bhfuil tú cinnte an bhfuil do chuid cógas oiriúnach lena ndiúscairt trí MediBack. Ní mór do do chógaiseoir céimeanna breise a ghlacadh, de réir threoirlínte Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, chun drugaí rialaithe a dhiúscairt go sábháilte.
An féidir liom cógais duine eile a thabhairt ar ais?
Is féidir. Ní gá duit do chuid cógas féin amháin a thabhairt ar ais.
An féidir liom tráidirí stiallphacáistí nó córais dáileoige faoi mhonatóireacht a thabhairt ar ais?
Is féidir. Glactar leis na tráidirí plaisteacha stiallphacáistí tríd an tseirbhís MediBack, ar choinníoll go bhfuil na táibléid nó na capsúil go léir istigh sna stiallphacáistí.
Bain an pacáistiú seachtrach agus aon rud ar a bhfuil faisnéis lena bhféadfaí othar a shainaithint (m.sh. lipéid ghreamaitheacha a bhfuil ainm an othair orthu) ar dtús, le do thoil.
An féidir liom cógais a thabhairt ar ais chuig cógaslann seachas an chógaslann inar ceannaíodh nó inar dáileadh iad?
Is féidir. Tá an tseirbhís seo ar fáil in aon chógaslann pobail, is cuma cén áit ar dáileadh nó ar ceannaíodh na cógais nó cén chógaslann a úsáideann tú de ghnáth.
An féidir liom méideanna móra cógas a thabhairt ar ais?
Má tá méid mór cógas nár úsáideadh le tabhairt ar ais agat (m.sh. níos mó ná mar is féidir leat a iompar i do dhá lámh), déan teagmháil le do chógaslann ar dtús lena fháil amach an bhfuil dóthain spáis ina bosca bruscair MediBack chun glacadh le do chuid earraí. Mura bhfuil dóthain spáis acu, socróidh siad am oiriúnach duit chun na hearraí a thabhairt isteach.
Conas a dhiúscraím mo chuid láinseanna, snáthaidí nó earraí géara?
Ní ghlacann MediBack le láinseanna, snáthaidí ná earraí géara.
Ní hionann na socruithe maidir le hearraí géara a dhiúscairt ó réigiún go réigiún agus féadfaidh dochtúirí teaghlaigh, ionaid sláinte áitiúla, ionaid cúraim phríomhúil nó clinicí ospidéil iad a bhainistiú. Cuir ceist ar do chógaslann áitiúil faoi earraí géara a dhiúscairt agus treorófar thú de réir na socruithe atá i bhfeidhm i do réigiún. Ba cheart earraí géara a bheith i mbosca bruscair ceart d’earraí géara agus an bosca sin dúnta i gceart i gcónaí.
An féidir cógais tréidliachta a thabhairt chuig cógaslanna lena ndiúscairt tríd an tseirbhís MediBack?
Glactar le cógais tréidliachta d’ainmhithe beaga compánacha (peataí tí), amhail madraí agus cait.
Ní ghlactar tríd an tseirbhís le cógais chun ainmhithe feirme, amhail capaill agus eallach, a chóireáil.
Conas a dhiúscraím cógais tréidliachta d’ainmhithe feirme?
Ní ghlacann an tseirbhís MediBack le cógais tréidliachta d’ainmhithe feirme. Ba cheart aon cheist maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta den sórt sin a dhiúscairt a sheoladh chuig veterinarymedicinesWMC@agriculture.gov.ie.