Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conas a chuirim cógais nár úsáideadh nó cógais atá as dáta ar ais?

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Chun sláinte agus sábháilteacht fhoireann na cógaslainne a chinntiú, lean na ceithre chéim seo, le do thoil, agus cógais nár úsáideadh nó atá as dáta á dtabhairt agat chuig do chógaslann lena ndiúscairt go sábháilte:

Céim 1

Seiceáil go bhfuil do chuid cógas uile nár úsáideadh, atá as dáta nó atá fágtha ar liosta na n-earraí a nglactar leo, agus cinntigh nach bhfuil aon rud atá ar liosta na n-earraí nach nglactar leo thíos i do mhála de chógais atá á dtabhairt ar ais.

Mura bhfuil tú cinnte an féidir an cineál cógais atá agat a thabhairt ar ais, cuir ceist ar do chógaiseoir.

Céim 2

Bain an pacáistiú cairtchláir seachtrach agus na bileoga faisnéise d’othair go léir (is féidir iad sin a chur i do bhosca bruscair athchúrsála mar is gnách). Bain freisin aon fhaisnéis lena bhféadfaí othar a shainaithint, amhail lipéid ghreamaitheacha a bhfuil ainm othair orthu.

Céim 3

Má tá méid mór cógas nár úsáideadh le tabhairt ar ais agat (m.sh. níos mó ná mar is féidir leat a iompar i do dhá lámh){2}, déan teagmháil leis an gcógaslann ar dtús lena fháil amach an bhfuil dóthain spáis ina bosca bruscair MediBack chun glacadh le do chuid earraí.
Mura bhfuil dóthain spáis acu, socróidh siad am oiriúnach duit chun na hearraí a thabhairt isteach.

Céim 4

Tabhair do chógais nár úsáideadh, atá as dáta nó atá fágtha chuig do chógaslann pobail áitiúil lena ndiúscairt go sábháilte, saor in aisce.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat